Cláraigh do tháirge agus faigh tacaíocht ag www.philips.
Clár Ábhar 1 2 3 4 5 GA Tábhachtach 3 Sábháilteacht Cúram Dlíthiúil Inbhuanaitheacht Cabhair agus tacaíocht 3 4 5 8 9 6 Úsáid do theilifíseán 10 Rialuithe teilifíseáin Féach ar teilifís Féach eolaire na gclár Féach ar 3D Seinn comhaid ilmheáin Smart TV Teilifís idirghníomhach 7 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid 10 12 15 17 18 21 23 24 8 Pause TV Seónna teilifíse a thaifeadadh Bain úsáid as Skype™ Cluichí a imirt Féach ar Teilithéacs Socraigh glais agus amadóirí 24 25 27 3
• Sábháilteacht • Réamhchúraimí Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta. Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin! • Ná nocht an teilifíseán riamh do bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta.
Riosca gortaithe do leanaí! Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a dhéanamh do leanbh: • Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt. • Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla. • Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.
Seachain íomhánna seasmhacha a mhéad is féidir. Íomhánna is ea íomhánna seasmhacha a fhanann ar an scáileán ar feadh tamaill fhada. Áirítear orthu roghchláir scáileáin, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá seasmhach a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileáin chun damáiste don scáileán a sheachaint. Spéaclaí 3D Le haghaidh teilifíseán a gcuirtear spéaclaí 3D ar fáil in éineacht leo.
Creidtear gur leor an t-ábhar sa lámhleabhar seo chun an córas a úsáid mar atá ceaptha. Má bhaintear úsáid as an táirge, nó as a mhodúil nó a ghnásanna aonair, chun críocha seachas na gcríoch atá sonraithe anseo, ní mór deimhniú a fháil go bhfuil na húsáidí sin bailí agus oiriúnach. Barántaíonn Netherlands B.V. nach sáraíonn an t-ábhar féin aon phaitinn de chuid na Stát Aontaithe. Ní thugtar aon bharánta eile le tuiscint ná ní chuirtear aon cheann in iúl. Ní féidir le TP Vision Netherlands B.V.
Trádmharcanna agus cóipchearta Trádmharc cláraithe nó trádmharc de chuid Microsoft Corporation sna Stáit Aontaithe agus/nó i dtíortha eile is ea Windows Media. Déantar faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Trádmharcanna de chuid Dolby Laboratories is ea Dolby agus an tsiombail D dúbailte Trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de chuid HDMI Licensing LLC sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha eile is ea na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI.
Inbhuanaitheacht Tíosacht ar fhuinneamh Dearadh an teilifíseán seo le gnéithe tíosacha ar fhuinneamh. Brúigh an Cnaipe glas ar an gcianrialtán, chun teacht ar na gnéithe sin. • Socruithe pictiúir tíosacha ar fhuinneamh: Is féidir meascán de shocruithe pictiúir tíosach ar fhuinneamh a úsáid. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Tíosach ar fhuinneamh]. Ansin roghnaigh an socrú pictiúir [Tíosach ar fhuinneamh].
Seo rudaí eile is féidir a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin Philips: • Freagraí a fháil ar Cheisteanna Coitianta (CC) • Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar seo a íoslódáil • Ceist ar leith a chur orainn i r-phost • Labhairt ar líne le Philips Consumer Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin) Bain úsáid as treoir nascachta Philips Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal le gléasanna eile. Téigh chuig http://www.connectivityguide.philips.com.
2 Úsáid do theilifíseán Rialuithe teilifíseáin Rialuithe cúil 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó as. 2. CH +/-: Athraigh go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe. (SOURCE): Féach ar ghléas 3. ceangailte. +/- (Airde): Méadaigh nó laghdaigh 4. an airde. 1. LED táscaire fuireachais agus braiteoir cianrialaithe Taispeánann an LED fuireachais go bhfuil an teilifíseán ar fuireachas. Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir.
10. LIST: Tar ar an liosta cainéal teilifíse. 11. FORMAT: Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin. INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar 12. ghníomhaíocht reatha. OPTIONS: Tar ar na roghanna atá ar 13. fáil, agus ar na roghchláir pictiúir agus fuaime. 14. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse. 15. CH +/-: Athraigh cainéal 16. +/- (Airde): Ceartaigh an airde. 17. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó cuir ann í. 18.
Féach ar teilifís Cuir an teilifís ann nó as Uathmhúchadh Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe tíosach ar fhuinneamh an teilifíseáin seo, socruithe atá cumasaithe de réir réamhshocrú. Mura ndéanann úsáideoir gníomh (ar nós cnaipe cianrialtáin nó rialú ar an teilifíseán a bhrú) ar feadh ceithre huaire an chloig, rachaidh an teilifíseán ar fuireachas sa ghnáthchúrsa. Chun múchadh uathoibríoch a dhíchumasú 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas ar an gcianrialtán. 2.
• Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal cábla. • Cainéil a athainmniú. • Cainéil a chur in ord nua. • Cainéal a ghlasáil. • Éisteacht le raidió digiteach. Cainéil a scagadh 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. 2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Scag]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK. [Digiteach + Analógach]: Taispeáin gach cainéal sa liosta cainéal. • [Cainéil dhigiteacha teilifíse]: Taispeáin cainéil dhigiteacha amháin. • [Cainéil analógacha]: Taispeáin cainéil analógacha amháin.
[Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú. Cainéil a chur in ord nua Tar éis na gcainéal a shuiteáil, is féidir ord nua a chur ar an liosta cainéal. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. Taispeántar an liosta cainéal. OPTIONS. 2. Brúigh 3. Roghnaigh [Cuir in ord nua], ansin brúigh OK. 4. Roghnaigh na cainéil le cur in ord nua, ansin brúigh OK. 5. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun an cainéal aibhsithe a bhogadh go háit eile, ansin brúigh OK. 6. Nuair a bhíonn sé déanta, brúigh OPTIONS. 7.
• • • [Ceol]: Socruithe a oireann chun éisteacht le ceol. [Cluiche]: Socruithe a oireann do chluichí. [Nuacht]: Socruithe a oireann do chomhaid fuaime, ar nós na nuachta. Athraigh formáid pictiúir Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin. 1. Brúigh FORMAT. 2. Roghnaigh formáid phictiúir, ansin brúigh OK. Braitheann na formáidí pictiúir atá ar fáil ar fhoinse an fhíseáin: • [Uathlíon]: Ceartaigh an pictiúr chun an scáileán a líonadh (bíonn na fotheidil le feiceáil i gcónaí).
Saincheap treoir clár an chraoltóra Is féidir an t-eolas ar taispeáint a shaincheapadh chun: • Meabhrúchán a thabhairt duit go bhfuil clár ar tí tosú. • Cainéil roghnaithe amháin a thaispeáint. • An lá taispeána a athrú. • Taifeadtaí clár a sceidealadh. Féach Bain úsáid mó mó as do theilifíseán > Taifead seónna teilifíse > Sceideal taifeadtaí (Lch 26). Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár atá ar fáil ón gcraoltóir. 1. Sa treoir clár, brúigh OPTIONS. 2.
An méid a bheidh uait Teilifíseán 3D is ea do theilifíseán. Sula bhféachann tú ar 3D, léigh an rabhadh sláinte i Tábhachtach > Sábháilteacht > Rabhadh sláinte 3D (Lch 4). Chun féachaint ar 3D ar an teilifíseán seo, úsáid spéaclaí éighníomhacha Philips Easy 3D a cuireadh ar fáil le do theilifíseán. Nóta: • Má tá spéaclaí breise uait, ceannaigh spéaclaí Philips Easy 3D, PTA417. D'fhéadfadh spéacslaí 3D ó bhrandaí eile an éifeacht 3D a laghdú nó a chailleadh. • Ní thacaítear le formáidí 3D áirithe.
Chun athrú ó íomhánna forluiteacha go 3D, athraigh an fhormáid 3D. 1. Brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Socruithe 3D]. 3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK. • • • [3D - Taobh le taobh]: Roghnaigh má thaispeánann an teilifíseán pictiúir a bhfuil forluí ingearach eatarthu. [3D - Barr / bun]: Roghnaigh má thaispeánann an teilifíseán pictiúir a bhfuil forluí cothrománach eatarthu.
Seinn comhaid ó ghléas USB Má tá grianghraif, físeáin nó comhaid cheoil agat ar ghléas stórála USB, is féidir na comhaid a sheinm ar teilifís. Rabhadh: • Ní bheidh TP Vision freagrach mura dtacaítear leis an ngléas stórála USB, nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má dhéantar damáiste dó. • Ná déan an port USB a ró-ualú. Má cheanglaíonn tú gléas stórála USB a ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí cinnte go mbíonn sé ceangailte dá sholáthar cumhachta seachtrach féin. Brabhsáil gléas USB 1.
Nóta: Chun féachaint ar eolas mar gheall ar fhíseán (mar shampla, suíomh seinnte, fad, teideal, nó dáta), roghnaigh an físeán, ansin brúigh INFO. Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO arís. • Éist le ceol sa bharra uachtarach. 1. Roghnaigh 2. Roghnaigh rian, ansin brúigh OK. 3. Roghnach: Chun gach rian i bhfillteán a sheinm, roghnaigh rian, ansin roghnaigh [Seinn gach ceann]. • Chun dul go dtí an chéad rian eile nó an rian deireanach, brúigh CH+ nó CH-. • Brúigh OKchun an rian a chur ar sos.
Smart TV Nóta: • Ní hionann seirbhísí agus feidhmchláir Smart TV i ngach aon tír. • Braitheann feidhmchláir maidir le cláir theilifíse chaille agus na cláir féin ar shocrú tíre do theilifíseáin. Le fáil amach cad iad na cláir theilifíse atá ar fáil, téigh chuig an treoir clár laistigh den fheidhmchlár. • Taispeánann Smart TV leathanach amháin ag an am, in amharc scáileán iomlán. • D'fhéadfadh sé nach mbeadh suíomhanna áirithe Gréasáin le feiceáil ina n-iomláine.
Tosaigh Smart TV 1. Brúigh SMART TV. Taispeántar na téarmaí agus na coinníollacha. 2. Lean na treoracha ar an scáileán chun an clárú a chríochnú. Nóta: An chéad uair a thosaíonn tú Smart Tv, iarrfar ort an dteastaíonn uait rialú tuismitheora a chumasú chun feidhmchláir do dhaoine fásta a ghlasáil. Má dhéanann tú feidhmchlár do dhaoine fásta a ghlasáil, beidh fógraí agus leathanaigh Ghréasáin nár oiriúnaíodh do Smart TV le feiceáil i gcónaí.
An méid a bheidh uait Bí cinnte go bhfuil do theilifíseán ceangailte den Idirlíon trí cheangal ardluais leathanbhanda. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon (Lch 58). • MHP (Multimedia Home Platform/Ardán Ilmheán Baile) • DTVi (Digital TV interactive/Teilifís Dhigiteach Idirghníomhach) Téigh chuig suíomh Gréasáin an chraoltóra chun fáil amach cén córas idirghníomhach atá ar fáil i do thír féin. Tar ar shiopa físeán 1. Brúigh SMART TV. 2.
3 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid Pause TV An méid is féidir leat a dhéanamh Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a atosú ón áit sin uair ar bith. Nóta: • Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90 nóiméad ar a mhéad. • Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo.
Seónna teilifíse a thaifeadadh Gaeilge Craoladh beo teilifíse a chur ar sos An méid is féidir leat a dhéanamh chun clár 1. Ar chainéal digiteach, brúigh teilifíse a chur ar sos. 2. Brúigh chun leanúint ar aghaidh leis an gclár. Taispeánann an barra stádais na táscairí ama seo: A. An chéad uair a cuireadh an clár ar sos. B. An áit a sroicheadh sa chlár atá ar sos i láthair na huaire. C. An áit ar stop an clár beo ag craoladh.
• Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar inneachar an tiomántáin chrua USB ó theilifíseán eile ná ó PC. • Ná déan an port USB a ró-ualú. Má cheanglaíonn tú tiomántán crua USB a ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí cinnte go mbíonn sé ceangailte dá sholáthar cumhachta seachtrach féin. Nóta: • Bí cinnte go bhfuil an teilifíseán agus an tiomántán crua USB curtha as.
Cealaigh taifeadadh sceidealta 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK. Taispeántar liosta taifeadtaí. 3. Roghnaigh an taifeadadh, ansin roghnaigh [Bain]. Cealaítear an taifeadadh sceidealta. 3. Brúigh OPTIONS. 4. Roghnaigh rogha chun sórtáil de réir ainm, dáta, dáta éaga nó cineáil, ansin brúigh OK.
Nóta: • Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le Skype. Ní féidir le Skype áit do theileafóin a ghabháil agus ní féidir glaonna éigeandála a dhéanamh leis. • Tá Skype suiteáilte roimh ré ar an teilifíseán seo agus tá sé réidh le húsáid. Ní gá aon chomhad a íoslódáil ná a shuiteáil chun Skype a úsáid. Ní gá ach físcheamara teilifíse Philips a cheangal chun Skype a úsáid. An méid a bheidh uait • Físcheamara teilifíse Philips, PTA317/00 (a dhíoltar mar mhír ar leithligh), le micreafón ionsuite.
Teagmháil a bhlocáil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálacha], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh an teagmháil, ansin brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Blocáil], ansin brúigh OK. Nuair a iarrtar é, roghnaigh [Is ea] ansin brúigh OK. Teagmhálaí a dhíbhlocáil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe] > [Teagmhálaithe blocáilte]. 2. Roghnaigh an teagmháil bhlocáilte, ansin brúigh OK. 3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an teagmháil a dhíbhlocáil.
Roghanna físghlao Le linn físghlao, brúigh OPTIONS chun dul chuig na roghanna seo a leanas: • [Amharc iomlán]: Féach do theagmhálaí in amharc scáileán iomlán. • [Ceap diailithe]: Téigh chuig an gceap diailithe. • [Ar feitheamh]: Cuir an glao ar feitheamh. Scoirfear den amharc iomlán. • [Gan fuaim]: Ná bíodh fuaim ón mhicreafón. • [Stop M'Fhíseán]: Cuir stop leis an bhfotha físe go dtí scáileán do theagmhála. Glao ar fón Le Skype, is féidir glaoch ar línte talún agus ar fhóin phóca.
Creidmheas Skype Le Creidmheas Skype, is féidir glaoch ar línte talún nó ar fhóin phóca ó do theilifíseán. Chun Creidmheas Skype a cheannach, ní mór duit logáil isteach i do chuntas Skype ar do ríomhaire. Feicfidh tú an méid Creidmheasa Skype a cheannaigh tú nuair a logálann tú isteach i do chuntas Skype ó do theilifíseán. Sínigh isteach sa ghnáthchúrsa 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe], ansin brúigh OK. 2.
Socruithe cluiche Socrú pictiúr le haghaidh cluichí Is féidir an taispeáint teilifíse a bharrfheabhsú le haghaidh cluichíochta gan moill ar an bpictiúr. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Pictiúr], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Cluiche nó ríomhaire] > [Cluiche]. Fuaim réamhshocraithe do chluichí Is féidir éifeachtaí fuaime a bharrfheabhsú le haghaidh cluichíochta. 1. Brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl fuaime] > [Cluiche], ansin brúigh OK.
Is féidir focal nó uimhir atá ar an leathanach reatha teilithéacs a chuardach. 1. Agus tú ag féachaint ar theilithéacs, brúigh OK chun an chéad fhocal nó an chéad uimhir a aibhsiú. 2. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun dul go dtí an focal nó an uimhir atá á chuardach. 3. Brúigh OK chun an cuardach a thosú. 4. Chun an cuardach a chríochnú, brúigh go dtí nach mbíonn aon fhocal ná aon uimhir aibhsithe.
1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Amadóir codlata]. 3. Roghnaigh tréimhse an amadóra codlata. Is féidir an t-amadóir codlata a shocrú ar feadh tréimhse 180 nóiméad ar a mhéad. Chun an t-amadóir codlata a mhúchadh, socraigh é ag nialas nóiméad. 4. Brúigh OK chun an t-amadóir codlata a ghníomhachtú. Téann an teilifíseán ar fuireachas ag deireadh na tréimhse sonraithe.
Pictiúr agus fuaim Cúntóir socruithe. Is féidir socruithe pictiúir agus fuaime a roghnú le cabhair an chúntóra socruithe, a léiríonn láithreach éifeacht an tsocraithe atá roghnaithe agat. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Mearshocruithe pictiúir agus fuaime], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Lean ar aghaidh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun do shocruithe a roghnú.
• [Formáid agus ciumhaiseanna]: Téigh chuig ardsocruithe chun formáid taispeána an phictiúir a rialú. - [Formáid phictiúir]: Athraigh formáid pictiúir. - [Ciumhaiseanna an scáileáin]: Athraigh méid an phictiúir. - [Athrú pictiúir]: Má tá sé ar fáil, athraigh suíomh an phictiúir. Tuilleadh socruithe fuaime Is féidir na socruithe sa roghchlár Fuaim a athrú. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh socrú le hathrú, ansin brúigh OK.
Is féidir leat réamhshocruithe pictiúir agus fuaime a athchuir, agus socruithe suiteála an chainéil a choimeád mar a bhí siad. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe monarchan], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Athshocraigh], ansin brúigh OK. Déantar gach socrú teilifíse (ach amháin na socruithe cainéil) a athshocrú de réir na socruithe monarchan réamhshocraithe.
1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] > [Suiteáil cainéil]. 3. Roghnaigh [Digiteach: Triail ghlacachta] > [Cuardaigh cainéal], ansin brúigh OK. 4. Brúigh na Cnaipí uimhriúla chun minicíocht an chainéil a chur isteach. 5. Roghnaigh [Cuardaigh], ansin brúigh OK. 6. Nuair a aimsítear an cainéal, roghnaigh [Stóráil], ansin brúigh OK. Mioncheartaigh cainéil analógacha Mura bhfuil glacadh an chainéil teilifíse analógaí go maith, is féidir an cainéil teilifíse a mhioncheartú. 1. Brúigh . 2.
Céim 2: Cóipeáil an liosta cainéal go USB 1. Ceangail gléas stórála USB leis an gcéad teilifíseán (agus na cainéil suiteáilte air). 2. Brúigh . 3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] nó [Socruithe satailíte]. 4. Roghnaigh [Suiteáil cainéil] > [Cóipeáil an liosta cainéal] > [Cóipeáil go dtí USB], ansin brúigh OK. Déantar an liosta cainéal a chóipeáil ar an ngléas stórála USB. 5. Dícheangail an gléas stórála USB. Céim 3: Cóipeáil cainéil go dtí teilifís gan cainéil ar bith suiteáilte air 1.
Roghnaigh cineál an naisc Agus cainéil satailíte á suiteáil agat, ní mór duit cineál an naisc a shocrú. Cinneann líon na LNBanna ar aeróg do mhéise líon na gcainéal satailíte is féidir leat a shuiteáil. 1. Agus satailítí á n-athshuiteáil, roghnaigh [Socruithe] agus ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh [Cineál an naisc]. Cuir satailítí leis agus bain satailítí 3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK. • [1 satailít (LNB singil)]: Roghnaigh más LNB amháin atá agat.
2. I gcás cainéal digiteach, roghnaigh [Teanga fuaime]. I gcás cainéal analógach, roghnaigh [Dual I-II]. Brúígh OK chun do rogha a dheimhniú. 3. Roghnaigh as na teangacha atá ar fáil, ansin brúigh OK. Is féidir do rogha teangacha fuaime príomhúla agus tánaisteacha a shocrú le cloisteáil nuair a bhíonn siad ar fáil. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] nó [Socruithe satailíte] > [Teangacha]. 3.
• • [As]: Múch gnéithe don lucht lagéisteachta. [Ann]: Cuir fuaim agus fotheidil don lucht lagéisteachta ann. Rochtain don lucht lagradhairc Chun bheith cinnte go bhfuil teanga closáin ar fáil don lucht lagradhairc, brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime]. Taispeántar íocón i bhfoirm súile le hais teangacha a thacaíonn leis an gclosán don lucht lagradhairc.
Seiceáil an leagan 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe bogearraí] > [Sonraí na mbogearraí reatha], ansin brúigh OK. Taispeántar leagan na mbogearraí reatha. Rabhadh: Ná suiteáil leagan de na bogearraí is ísle ná an leagan reatha atá suiteáilte ar do tháirge. Ní féidir le TP Vision bheith freagrach as fadhbanna a leanann íosghrádú bogearraí.
Nuashonrú ó chraoladh digiteach Is féidir leis an teilifís nuashonruithe ar bhogearraí a ghlacadh trí chraoltaí digiteacha, nuair a bhíonn siad ar fáil. Nuair a fhaightear nuashonrú ar bhogearraí, iarrtar ort na bogearraí a nuashonrú. Moltar go láidir duit na bogearraí a nuashonrú nuair a iarrtar ort sin a dhéanamh. Lean na treoracha ar an scáileán. Mura dtugann tú na bogearraí teilifíse chun dáta nuair a fhaightear an nuashonrú, iarrtar ort an comhad nuashonraithe a shábháil.
Mar gheall ar cháblaí Cáilíocht na gcáblaí Sula gceanglaíonn tú gléasanna den teilifís, féach cad iad na nascóirí atá ar fáil ar an ngléas. Ceangail an gléas den teilifís leis an nascóir is fearr dá bhfuil ar fáil. Is fearr mar a aistrítear pictiúr agus fuaim ar nascóirí ardchaighdeán. Moltaí amháin atá sna nascóirí a thaispeántar sa lámhleabhar úsáideora seo. D'fhéadfadh réitigh eile a bheith ar fáil. Feicfear samplaí eile ar http://www.connectivityguide.philips.com.
Ceangail an aeróg Ceangail an aeróg den teilifís. Nasc gléasanna Seinnteoir diosca Blu-ray nó DVD Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Glacadóir teilifíse Gaeilge Ceangail an satailít* nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla aeróige. *Le haghaidh múnlaí áirithe amháin. Ceangail an satailít nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla SCART. Fístaifeadán Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla aeróige. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla HDMI.
Gaeilge Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla SCART. Consól cluichí Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla HDMI.
Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Córas amharclainne baile Ceangail amharclann bhaile HDMI-ARC-chomhlíontach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla HDMI agus cábla fuaime comhaiseach.
Gaeilge Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla SCART. Ceamara digiteach Ceangail an ceamara digiteach den teilifís le cábla USB.
Ceamthaifeadán digiteach Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Gaeilge Ceangail gléasanna eile Gléas stórála USB Ceangail an mhearóg USB den teilifís le cábla USB. Ceangail an tiomántán crua USB den teilifís le cábla USB. Ríomhaire Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla HDMI.
Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla DVI-HDMI agus cábla fuaime. Ceamara físghlao Ceangail an físcheamara teilifíse Philips - PTA317 (a dhíoltar mar mhír ar leith) den teilifís le cábla USB. Méarchlár agus luchóg Méarchlár USB Is féidir méarchlár USB a cheangal chun téacs ar nós ainmhithe gléasanna a chur isteach ar an teilifís nó téacs le haghaidh feidhmchlár SMART TV.
Gaeilge Ceangal an méarchlár agus an luchóg den teilifíseán le cábla USB. Nuair a bhraitheann an teilifíseán an méarchlár, is féidir leat leagan amach an mhéarchláir a roghnú agus do rogha a thástáil. Má roghnaigh tú méarchlár Coireallach nó méarchlár Gréigise, is féidir leat leagan amach méarchláir tánaisteach Laidine a roghnú, leis. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe méarchláir USB]. 3. Athraigh na socruithe méarchláir.
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK. Cumraigh gléasanna EasyLink Nuashonraigh an liosta foinsí Le gnéithe rialaithe feabhsaithe EasyLink ó Philips bainfidh tú gach buntáiste as do ghléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha. Ceangail do ghléasanna HDMI-CECchomhlíontacha trí HDMI de do theilifíseán agus rialaigh iad ag an am céanna le do chianrialtán teilifíse.
An méid a bheidh uait • • • • • : Cuir an teilifís agus an gléas ceangailte ann nó ar fuireachas. Cnaipí seanma: Rialaigh seinm físeán nó ceoil. Cnaipí uimhriúla: Roghnaigh teideal, caibidil nó rian. OK: Tosaigh an gléas ceangailte, cuir ar sos é nó atosaigh é, déan rogha, nó téigh chuig roghchlár na ngléasanna. : Taispeáin an roghchlár Baile teilifíse. Ceangail gléas HDMI-CECchomhlíontach den teilifíseán. Is féidir breis is gléas amháin HDMI-CEC a cheangal.
Cumraigh callairí teilifíse 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim] > [Ardfhorbartha] > [Callairí teilifíse]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK: • [As]: Múch callairí teilifíse. • [Ann]: Cuir callairí teilifíse ann. • [EasyLink]: Múch callairí teilifíse, agus sruthaigh fuaim na teilifíse go gléas fuaime HDMI-CEC ceangailte.
Ceangal sreangtha Rabhadh: Ní ghéilleann an teilifíseán seo de threoir EMC ach amháin nuair a bhíonn cábla cumhdaithe Cat5 Ethernet in úsáid agat. • Líonra ríomhaire ar a n-áirítear: a) ródaire uilíoch plugála agus seanma (UPnP) agus b) Ríomhaire ar a bhfuil ceann amháin de na córais oibriúcháin seo a leanas: Microsoft Windows XP, Microsoft Windows Vista, Mac OS X, nó Linux. 1. Cuir an ródaire air agus cuir a shocrú DHCP air. 2. Ceangail an ródaire den teilifíseán le cábla Ethernet. 3.
Tosaigh an chumraíocht gan sreang 1. Cuir do ródaire líonra gan sreang air. 2. Brúigh ar an gcianrialtán teilifíse. 3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Ceangail de líonra], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán. Cumraíocht Chosanta WPS - Wi-Fi 1. Má thacaíonn do ródaire le Cumraíocht Wi-Fi faoi Chosaint (WPS), brúigh an cnaipe WPS ar an ródaire. 2. Tar éis dhá nóiméad, roghnaigh [WPS] ar an teilifíseán, ansin brúigh OK. Ceanglaíonn an teilifíseán de do líonra. Tógann sin timpeall dhá nóiméad.
Ceangal CAM (Modúl Rochtana Teagmhasaigh) An méid is féidir leat a dhéanamh Is féidir féachaint ar chainéil scrofa teilifíse digití le Modúl Rochtana Teagmhasaigh (CAM). Is féidir féachaint ar na cláir tar éis an CAM a chur isteach agus na táillí síntiúis a íoc. Tacaíonn an teilifís seo le CI (Comhéadan Coitianta) agus le CI+. Tacaíonn CI+ le cláir príomhúla digiteacha HD a bhfuil ardleibhéal cosanta cóipeála acu.
6 Fabhtcheartú Fadhbanna ginearálta Ní féidir an teilifíseán a chur ann: • Dícheangal an cábla cumhachta den asraon cumhachta. Fan nóiméad amháin sula n-athcheanglaíonn tú é. • Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta ceangailte go daingean. Agus an teilifíseán á chur ann agat, nó á mhúchadh nó á chur ar fuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscach ó fhonnadh an teilifíseáin: Ní gá rud ar bith a dhéanamh.
Teastaíonn uait cainéil teilifíse a shuiteáil: Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Suiteáil uathoibríoch (Lch 37) chun treoracha a fháil ar conas cainéil analógacha nó digiteacha a shuiteáil. Más mian leat cainéil teilifíse satailíte a shuiteáil, féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe satailíte (Lch 39). Ní bhfuarthas aon chainéal digiteach le linn na suiteála: • Féach na sonraíochtaí teicniúla chun a bheith cinnte go dtacaíonn do theilifís le DVB-T, DVB-C, nó DVB-S i do thír féin.
Níl an taispeáint ríomhaire ar an teilifís cobhsaí: • Bí cinnte go n-úsáideann an PC an ráta tacaithe taifeach agus athnuachana. Féach Sonraíochtaí > Taispeáin taifigh (Lch 66). • Athraigh formáid an phictiúir teilifíse go [Neamhscálaithe]. Fadhbanna fuaime Tá pictiúr ann ach níl aon fhuaim ag teacht ón teilifíseán: Mura mbraitear comhartha fuaime, múchann an teilifíseán an t-aschur fuaime as a stuaim féin — ní chiallaíonn sin go bhfuil mífheidhm ann. • Bí cinnte go bhfuil gach cábla ceangailte i gceart.
Fadhbanna líonra Teastaíonn uait ceangal gan sreang a chur idir do theilifíseán agus do líonra baile: Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch 59) chun treoracha a fháil ar conas do theilifíseán a cheangal gan sreang de do líonra baile. Níl Smart TV ag obair: Seiceáil go bhfuil an ródaire ceangailte i gceart den teilifíseán, agus to bhfuil teacht oscailte ag an ródaire ar an Idirlíon.
7 Sonraíochtaí Cumhacht agus glacadh D'fhéadfadh sonraíochtaí táirge athrú gan fógra a bheith tugtha. Cumhacht • Príomhchumhacht: AC 220-240V (50-60Hz) • Ídiú cumhachta fuireachais: < 0.3 W • Teocht timpeallach: 5 go 40 céim Celsius • Gheofar an t-ídiú cumhachta ar na sonraíochtaí táirge ag www.philips.com/support. Taispeánann an rátáil cumhachta atá tugtha ar chineálphláta an táirge an méid cumhachta a ídíonn an táirge seo le linn ghnáthúsáid teaghlaigh (IEC 62087 Ed.2).
USB: Ná ceangail ach na gléasanna USB sin a ídíonn 500mA cumhachta nó níos lú. - NTFS, FAT 16 (Inléite amháin) - FAT 32 • Ethernet LAN RJ-45 Comhaid íomhá a dtacaítear leo • JPEG: *.jpg, *.jpeg, *.mpo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo • • • • • • GIF (87a, 89a): *.gif PNG: *.png BMP: *.bmp, *.dib JPS: *.jps PNS: *.pns BMS: *.
Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime a dtacaítear leo GA 68
Gaeilge Formáidí fuaime a dtacaítear leo Formáidí fotheidil a dtacaítear leo Ionchódú carachtar • Windows-1250 (CP-1250): Laidin Lár na hEorpa agus Oirthear na hEorpa (An tSeicis, an Ungáiris, an Pholainnis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Chróitis, an Rómáinis, an tSeirbis) • Windows-1251 (CP-1251): Coireallach • Windows-1252 (CP-1252): Laidin Iarthar na hEorpa • Windows-1253 (CP-1253): Gréigis • Windows-1254 (CP-1254): Tuircis • UTF-8: Ionchódú carachtair ilbheart le haghaidh Unicode Bogearraí freast
8 Innéacs cainéil analógacha, mioncheartaigh 38 cainéil analógacha, suiteáil 37 3 cainéil dhigiteacha, fotheidil 41 cainéil dhigiteacha, suiteáil 37 cainéil roghnaithe, liosta 13 cainéil, athainmnigh 13 cainéil, athraigh 13 cainéil, athshuiteáil 44 cainéil, ceanáin 13 cainéil, folaigh nó dífholaigh 13 cainéil, lógó 13 cainéil, mioncheartaigh (analóg) 38 cainéil, sórtáil 13 cainéil, suiteáil (analógach) 37 cainéil, suiteáil (digiteach) 37 cainéil, suiteáil (satailít) 39 cain
53 ceangail, seinnteoir diosca 46 ceangail, taifead 48 CI F faigh ar cíos, físeán ar líne 23 61 físcheamara Philips 54 cianrialú 10 físeán ar líne, faigh ar cíos 23 clár freastalaí meán 18 físeán taispeána 42 clog 33 foinse, nuashonraigh 56 cluichí, dhá imreoir 31 foinse, roghnaigh 14 comhbhrúnna, faoi thacaíocht 66 fóram ar líne Comhéadan Coitianta 61 formáid phictiúir 15 consól cluichí, ceangail 49 fotheidil, analógach 41 cuir an teilifís ann, as 12 fotheidil, digit
L LED fuireachais 10 líonra baile 58 líonra, ainm teilifíse 60 líonra, ceangail 58 Lipéad fuinnimh 9 rochtain don lucht lagradhairc 42 rochtain uilíoch, an lucht lagéisteachta 41 rochtain uilíoch, an lucht lagradhairc 42 rochtain uilíoch, cumasaigh 41 S sábháilteacht 3 satailít, cuir satailít leis nó bain satailít 40 satailít, socruithe 39 satailít, suiteáil cainéil 39 SCART 45 sceideal, taifeadtaí 26 seinn, comhaid ríomhaire 18 seinn, comhaid USB 19 seinnteoir diosca, cean
socruithe tíosacha ar fhuinneamh 37 8 teilithéacs, teanga 32 trádmharcanna agus cóipchearta 7 socruithe, cluiche 32 treoir clár, craoltóir 15 socruithe, formáid fuaime 36 treoir clár, Idirlíon 16 socruithe, fuaim 36 treoir nascachta 9 socruithe, líonra 60 Treoir theilifíse, craoltóir 15 socruithe, pictiúr 35 Treoir theilifíse, Idirlíon 16 sonraíochtaí cumhachta 66 sonraíochtaí fuaime 66 spéaclaí 3D, cúram 5 suíomh, leideanna 5 suíomh, seastán nó balla 5 suiteáil cainéil,
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc cláraithe agus neamhchláraithe. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. is ea Philips agus suaitheantas scéithe Philips, agus úsáidtear iad faoi cheadúnas ó Koninklijke Philips Electronics N.V. 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. www.philips.