!"#$%&'#(!)*+(!,(*-+.'!/0-!$#'!&+,,*('!/' !!!"#$%&%#'"()*+!,&()*, -.*$&,/0$/12 3'.
Ábhar 1 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 1.9 1.10 Turas 3 Smart TV 3 App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) 3 Físeáin ar cíos 3 Teilifís ar líne 3 Líonraí sóisialta 4 Skype 4 Fóin chliste agus táibléid 4 An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí 4 Cluichíocht 5 EasyLink 5 2 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 2.8 Suiteáil 6 Leideanna maidir le láithriú 6 Cábla cumhachta 6 Aeróg 6 Líonra 6 Nasc gléasanna 8 Roghchlár suiteála 17 Seastán teilifíse agus gléasadh balla 17 Sábháilteacht agus cúram 17 3 3.1 3.2 3.
1 Turas 1.1 Smart TV Nasc an Philips Smart LED TV leis an Idirlíon agus bain triail as taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc sreinge a dhéanamh le do ródaire nó is féidir leat nascadh gan aon sreang le Wi-Fi. Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, Facebook, Twitter, srl . Tá Feidhmchláir ann chun físeán a fháil ar cíos ó shiopa físeán ar líne agus chun féachaint ar chláir a chaill tú.
Is féidir leat glaoch ar do chairde áit ar bith ar domhan agus iad a fheiceáil ar an scáileán. Teastaíonn ceamara a bhfuil micreafón ionsuite ann agus nasc maith don Idirlíon chun glao físe a dhéanamh. In Cabhair, brúigh L List agus cuardaigh Skype chun tuilleadh eolais a fháil. 1.7 In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh Teilifís ar líne chun tuilleadh eolais a fháil. 1.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat iad a thaifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar an gclár nó clár atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú. In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh Cuir teilifís ar sos nó Taifeadadh chun tuilleadh eolais a fháil. 1.9 Cluichíocht Má roghnaíonn tú consól cluiche sa roghchlár Baile, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe is fearr a fheileann do chluichíocht.
2 Suiteáil 2.1 Leideanna maidir le láithriú 2.2 Cábla cumhachta Cuir an cábla cumhachta isteach i soicéad POWER na teilifíse. Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa teilifís. Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla. Nuair atá an cábla cumhachta á dínascadh agat, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
Céim 2 - Brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Céim 3 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK. Céim 4 - Roghnaigh Gan Sreang agus brúigh OK. Céim 5 - Roghnaigh Scan chun scanadh do do líonra gan sreang. Má tá ródaire agat le WPS (Suiteáil Cosanta Wi-Fi), is féidir leat WPS a roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK. - Scanadh Roghnaigh Scanadh chun scanadh do do líonra gan sreang (do ródaire gan sreang). D'fhéadfadh an teilifís roinnt líonraí gan sreang a aimsiú i do chomharsanacht.
Roghnaigh Socruithe líonra > Cumraíocht líonra > IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár, is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a shocrú iCumraíocht IP Statach sa roghchlár céanna. 6LPSO\6KDUH Úsáideann an teilifís an prótacal SimplyShare chun comhaid ar ghléasanna eile ar do líonra gan sreang a aimsiú agus a oscailt, cosúil le do ríomhaire.
EasyLink HDMI CEC Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú le cianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha. In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh EasyLink HDMI CEC chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi EasyLink a úsáid. HDMI ARC Tá ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag gach ceann de na naisc HDMI ar an teilifís.
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a choigeartú. In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh sioncronú Fuaime go Físe chun tuilleadh eolais a fháil. VGA Úsáid cábla VGA (nascóir D-sub 15) chun ríomhaire a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire nuair atá nasc VGA agat. Is féidir leat cábla Fuaime Clé/Deas a chur leis le haghaidh fuaime (mion-seac 3.5 mm).
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag craoltóirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann craoltóir teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad. Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ seo (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil nuair a liostálann tú lena scothchláir. Bíonn leibhéal an-ard cosaint cóipe ag na cláir sin.
Cas as an t-amadóir Díghníomhachtaigh an t-uaineadóir Casadh as mura núsáideann tú ach cianrialtán an glacadóra satailíte amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse. Chun é a díghníomhachtú, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas as amadóir agus athraigh an barra sleamhnáin go 0.
Socraithe d'Fhuaim Amach formáid Fuaim Amach Is é Ilchainéil an gnáthshocrú d'fhormáid Fuaim Amach. Tá Córais Amharclainne Baile a bhfuil córais fuaime ilchainéil acu (Dolby Digital, DTS® nó a leithéidí) in ann glacadh le comhartha fuaime comhbhrúite ilchainéil ó chainéal teilifíse nó ó sheinnteoir diosca nasctha. Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > formáid Fuaim Amach.
Diosca Crua USB Na rudaí a bheidh ag teastáil uait Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail). Chomh maith leis sin, is féidir leat Diosca Crua USB a nascadh chun féachaint ar scannáin ó shiopa físeán ar líne (Físeáin Ar Éileamh).
Cas air an teilifís agus nasc an luch USB le ceann de na naisc USB ar thaobh na teilifíse. Is féidir leat an luch USB a nascadh freisin le méarchlár USB nasctha. Cliceanna lucha - Cléchliceáil = OK - Deaschliceáil = Siarb Is féidir leat an roth scrolla a úsáid chun leathanaigh a scrolláil suas agus síos. Suiteáil an méarchlár Chun an méarchlár USB a shuiteáil, cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le ceann de na naisc USB ar thaobh na teilifíse.
Ríomhaire Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire. Le VGA Úsáid cábla VGA chun an ríomhaire a nascadh leis an nascóir VGA agus cuir cábla fuaime Clé/Deas leis chun an Fhuaim VGA a nascadh le AUDIO IN - VGA/DVI ar chúl na teilifíse. Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúigh c SOURCE, roghnaigh USB agus brúigh OK.
Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch. Aimsigh agus léigh Gléasadh balla le L Liosta chun an teililfís a ghléasadh ar bhalla. Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.
Ná bíodh an teilifís nochtaithe go deo do bháisteach ná uisce. Ná cuir coimeadán a bhfuil leacht iontu, cosúil le vásaí, in aice leis an teilifís. Má dhoirtear leachtanna ar nó sa teilifís, dínasc an teilifís ón asraon cumhachta láithreach. Déan téagmháil le Philips Consumer Care chun go seiceálfaí an teilifís sula núsáidfí í. Ná nocht an teilifís, an cianrialtán ná ceallraí go deo do theas iomarcach.
Teocht agus bogthaise Tá sé in ann tarlú go hannamh, ag brath ar theocht agus ar bhogthaise, go mbeidh mion-comhdhlúthú ar an taobh istigh d'aghaidh ghloine na teilifíse (ar roinnt múnlaí). Chun é seo a chosc, ná nocht an teilifís do sholas díreach na gréine, do theas ná do an-bhogthaise. Má bhíonn comhdhlúthú ann, imeoidh sé leis féin tar éis don teilifís a bheith air ar feadh roinnt uaireanta. Ní dhéanfaidh taise an bhogthaise aon dochar don teilifís agus ní bheidh sé ina údar mífheidhme.
3 Teilifís 3.1 Cas air Cas air agus as Bí cinnte gur phlugáil tú isteach an príomhsheolán cumhachta ar chúl na teilifíse sula gcasfaidh tú air an teilifís. Má tá an solas táscaire dearg casta as, brúigh an eochair bheag A ar thaobh na láimhe deise, ar chúl na teilifíse chun an teilifís a chur ar fuireachas - lasfaidh an táscaire dearg. Nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh A ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.
Barr Bun 1 - A Fuireachas Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go fuireachas. 2 - Méaracha athsheanma agus taifeadta Seinn x, chun athsheinnt Cuir ar sos p, chun athsheinnt a chur ar sos Stop q, chun athsheinnt a stopadh Cúlchas!, chun cúlchasadh Mearchas‹,chun mearchasadh Taifead r, chun taifead anois 3 - GUIDE Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh. 4 -c SOURCE Chun an liosta nasc a oscailt nó a dhúnadh. 5 - h Baile Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid agat ar feadh tréimhse fada. Diúscair ceallraí de réir na dtreoracha atá tugtha maidir le deireadh úsáide. In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh Deireadh úsáide chun tuilleadh eolais a fháil. Glanadh Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán. Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí ar an teilifís nó an cianrialtán. 3.
I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fotheideal atá ar fáil a roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab fhearr leat ar fáil. In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh Fotheidil chun tuilleadh eolais a fháil. Teangacha fuaime I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fuaime a roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab fhearr leat ar fáil. In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh Teangacha fuaime chun tuilleadh eolais a fháil.
Sna liostaí sin, roghnaigh cainéal a bhfuil uait é a chur leis an liosta ceanán agus brúigh * Marcáil mar shár-rogha. Marcálfar an cainéal le réalta sagus cuirfear leis an liosta cainéal Ceanán é. Chun cainéal a dímharcáil, roghnaigh an cainéal in aon liosta cainéal agus brúigh *Dímharcáil mar shár-rogha. Bainfear an cainéal ón liosta cainéal Ceanán. Mar rogha air sin, má tá méarchlár ar chúl do chianrialtáin, is féidir leat an méarchlár sin a úsáid.
An bhfuil do chód dearmadtha agat? Má tá do chód chun díghlasáil dearmadtha agat, glaoigh ar Chúram Custaiméirí i do thír. Aimsigh an uimhir teileafóin ar an gcáipéisíocht a tháinig leis an teilifís nó téigh go dtí www.philips.com/support. Suiteáil cainéil Cainéil a nuashonrú Nuashonrú uathoibríoch Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an liosta a nuashonrú leis na cainéil nua. Mar rogha air sin, is féidir leat nuashonrú cainéal a thosú tú féin.
3 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil go dtí USB agus brúigh OK. Chun an liosta cainéal a chóipeáil ón teilifís seo, d'fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaí ort an Cód glais leanaí a chuir tú isteach i rith na suiteála a chur isteach. 4 - Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach an gléas cuimhne USB. Is féidir leat an liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil anois go dtí teilifís Philips eile.
Chun cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de láimh, brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe cainéil agus brúigh OK. Roghnaigh Suiteáil cainéal > Analógach : suiteáil láimhe agus brúigh OK. 1 - Córas Chun an córas teilifíse a shocrú suas, roghnaigh Córas agus brúigh OK. Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a bhfuil tú anois ann. 2 - Aimsigh cainéal Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Aimsigh cainéal agus brúigh OK. Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK.
Agus tú ag féachaint ar chainéal ar an ngléas, brúigh o OPTIONS, roghnaigh Taispeáin méaracha gléis agus roghnaigh an eochair T agus brúigh OK. Brúigh b chun na heochracha gléis a chur i bhfolach. Chun Téacs a dhúnadh, brúigh b arís. Téacs (Ríocht Aontaithe amháin) Tairgeann roinnt craoltóirí teilifíse digití Téacs Digiteach nó teilifís idirghníomhach ar a gcainéil digiteacha teilifíse.
Oscail eolaire teilifíse Is féidir leat féachaint ar liosta de na cláir teililfíse reatha agus sceidealaithe atá ar do chainéil leis an eolaire teilifíse*. Oscail an t-eolaire teilifíse Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh GUIDE. Brúigh GUIDE arís chun é a dhúnadh. Má tá an t-eolas ar fáil, is féidir leat cláir sceidealaithe a aimsiú de réir seánra cosúil le scannáin, spóirt, srl. Chun cuardach a dhéanamh do chláir de réir seánra, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh Cuardaigh de réir seánra.
I gcás roinnt gléasanna (gléasanna HDMI-CEC), is féidir leat gníomhaíocht a roghnú go díreach sa liosta atá faoi dheilbhín an ghléis. Roghnaigh an gléas agus roghnaigh an ghníomhaíocht agus brúigh OK. Chun an roghchlár Foinse a dhúnadh gan athrú go dtí gléas, brúigh c arís. Brath uathoibríoch Nuair a nascann tú gléas nua leis an teilifís, braitear an gléas go huathoibríoch agus cuirtear sa roghchlár Foinse é. Taispeántar an gléas mar dheilbhín (an cineál gléis) agus tá ainm aige.
Fotheidil do chainéil analógacha I gcás cainéal analógach, ní mór duit fotheidil a chur ar fáil do gach cainéal de láimh. 1 - Athraigh go dtí cainéal agus brúigh Téacs chun Téacs a oscailt. 2 - Cuir isteach uimhir an leathanaigh a bhfuil na fotheidil orthu, 888 go hiondúil. 3 - Brúigh Téacs arís chun Téacs a dhúnadh. Má roghnaíonn tú Air i roghchlár na bhFotheideal nuair atá tú ag féachaint ar chainéal analógach, taispeánfar fotheidil má tá siad ar fáil.
Tá an rogha agat i gcónaí do theilifís a chasadh as níos luaithe nó an t-amadóir a athshocrú i rith an chomhairimh síos. Clog Chun an t-am a fháil, brúigh GUIDE chun an t-am a fháil san eolaire teilifíse. I roinnt tíortha, ní sheolann craoltaí digiteacha eolas UTC - Am Uilíoch Lárnach. D'fhéadfaí neamhaird a dhéanamh d'Am Coigilte Sholas an Lae agus d'fhéadfadh an teilifís am mícheart a thaispeáint. Chun clog na teilifíse a cheartú, brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
• Stíl pictiúir Chun an pictiúr a choigeartú go héasca, is féidir leat socrú réamhshainithe a roghnú le Stíl pictiúir. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh oOPTIONS chun an roghchlár Roghanna a oscailt agus roghnaigh Stíl pictiúir. Roghnaigh Stíl pictiúir agus brúigh OK. Stíleanna pictiúir Is féidir leat athrú go héasca go dtí na socruithe pictiúir is fearr chun féachaint ar scannáin nó fuinneamh a shábháil le Stíleanna pictiúir.
Stíl fuaime Is féidir leat socrú réamhshainithe a roghnú le Stíl fuaime chun an fhuaim a athrú go héasca. Agus tú ag féachaint ar chainéal fuaime, brúigh oOPTIONS chun an roghchlár Roghanna a oscailt agus roghnaigh Stíl fuaime. Roghnaigh Stíl fuaime agus brúigh OK. Stíleanna fuaime Is féidir leat athrú go héasca go dtí na socruithe is fearr do chaint (Nuacht) nó féachaint ar scannáin le Stíleanna fuaime.
Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK. Roghnaigh Ambilight > Mód > Statach agus brúigh OK. Roghnaigh Statach. Roghnaigh an dath atá uait. Is dathanna seasta (neamhdinimiciúil) na dathanna statacha Ambilight. Chun Ambilight a chasadh air nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh AMBILIGHT. Socruithe Ambilight Tá tuilleadh socruithe Ambilight ar fáil sa roghchlár Ambilight i Socruithe teilifíse. Chun na socruithe seo a athrú, brúigh h, roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.
Chun seiceáil an bhfuil teanga fuaime dóibh siúd a bhfuil lagú éisteachta orthu ar fáil, brúigh oOPTIONS, roghnaigh Teanga fuaime agus déan cuardach do theanga fuaime atá marcáilte le J. Mura bhfuil Rochtain uilíoch sa roghchlár Options, cas air Rochtain uilíoch in Suiteáil. In Cabhair, brúigh L Liosta agus cuardaigh Rochtain uilíoch chun tuilleadh eolais a fháil. Caint I gcás cainte, tá an tráchtaireacht fuaime in ann fotheidil a sholáthar do na focail a labhraítear.
4 3D 4.1 Na rudaí a bheidh ag teastáil uait Is teilifís 3D Easy í seo. Chun féachaint ar 3D, ní mór duit : • tiúnáil do chainéal teilifíse a chraolann cláir i 3D • faigh scannán 3D ar cíos ó shiopa físeán ar líne le Smart TV • féach ar scannán i 3D ó Dhiosca Blu-ray 3D, gléas USB nó ríomhaire Tá ceithre phéire spéaclaí 3D fulangacha faoi iamh. Chun péire breise spéaclaí a fháil, ceannaigh spéaclaí fulangacha Philips 3D PTA417 nó PTA426 (díoltar astu féin iad).
4.5 Rabhadh sláinte • Má tá stair titimis nó taomanna fótamhothálacha agat féin ná ag do theaghlach, téigh i gcomhairle le proifisiúnach leighis sula nochtann tú tú féin d'fhoinsí soilse gealánacha, sraitheoga íomhánna tapaidh nó d'fhéachaint 3D. • Molaimid gan féachaint ar 3D ar feadh tréimhsí fada chun míchompord cosúil le meadhrán, tinneas cinn nó mearbhall a sheachaint.
5 Smart TV 5.1 Roghchlár Baile - Cabhair Roghnaigh Cabhair agus brúigh OK chun an Cabhair ar an scáileán a oscailt. Is féidir leat topaic a fhiosrú i liosta aibítre. 5.2 Feidhmchláir Smart TV Ón roghchlár Baile, is féidir leat tús a chur le haon ghníomhaíocht a bhaineann leis an teilifís. Na rudaí a bheidh ag teastáil uait Oscail an roghchlár Baile chun tosú ag féachaint ar an teilifís nó tosú ag féachaint ar dhiosca ar do Chóras Amhairclainne Baile.
Leathanach tosaigh Smart TV Is é leathanach tosaigh Smart TV a nascann leis an Idirlíon tú. Is féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos ar líne, nuachtáin a léamh, féachaint ar fhíseáin agus éisteacht le ceol, rudaí a cheannach ar líne, leathanach do líonra sóisialta a oscailt nó féachaint ar chláir teilifíse nuair a fheileann sé duit le Teilifís Ar Líne. Osclaíonn tú Apps chun é seo a dhéanamh - suíomhanna Idirlín atá curtha in oiriúint don teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht maidir le hábhar nó caighdeán an ábhair atá curtha ar fáil ag na soláthróirí seirbhíse ábhar. Feidhmchláir a úsáid Ní mór duit Feidhmchlár a chur le do liosta Feidhmchlár ar leathanach tosaigh Smart TV ar dtús chun é a thosú. Is féidir leat Feidhmchláir a chur le do liosta ón App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár). App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) Tá gach Feidhmchlár atá ar fáil san App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár).
Ar an leathanach tosaigh, roghnaigh an deilbhín O Teilifís Ar Líne agus brúigh OK. Roghnaigh clár ar an leathanach agus brúigh OK chun tosú ag féachaint. Is féidir leat na heochracha x (Seinn) agus p (Cuir ar sos) a úsáid. Liosta in aghaidh craoltóra Chun féachaint ar na cláir Teilifíse Ar Líne a d'ordaigh an craoltóir, brúigh * Gach craoltóir. Roghnaigh craoltóir agus brúigh OK. * Má tá fáil air i do réigiún. 5.
Chun Brabhsáil USB nó Brabhsáil líonra a dhúnadh, brúigh h agus roghnaigh gníomhaíocht eile. Seinn ceol Chun ceol a sheinnt, roghnaigh M Ceol ar an mbarra roghchláir, roghnaigh amhrán agus brúigh OK. Má tá tuilleadh amhrán san fhillteán céanna, brúigh * Seinn gach amhrán chun gach amhrán san fhillteán seo a sheinnt. Chun dul ar aghaidh go dtí an chéad amhrán eile nó an ceann roimhe sin, brúigh CH+ nó CH-. Chun an ceol a chur ar sos, brúigh OK. Brúigh OK arís chun leanúint ar aghaidh.
Trádmharcanna de Rovi Corporation nó a fhochomhlachtaí iad DivX®, DivX Certified® agus lógónna gaolmhara agus úsáidtear faoi cheadúnas iad. MAIDIR LE DIVX VIDEO: Formáid físe digití é DivX® a chruthaigh DivX, LLC, fochomhlacht de chuid Rovi Corporation. Gléas oifigiúil DivX-certified® é seo a sheinneann físeáin DivX. Téigh go dtí divx.com chun tulleadh eolais agus uirlisí bogearraí a thiontaíonn do chomhaid go físeáin DivX a fháil.
2 - Nuair atá an clár roghnaithe agat, brúigh *Taifead nó brúigh o OPTIONS agus roghnaigh Taifead. Cuireann an teilfís isteach maolán ama áirithe ag deireadh an chláir. Is féidir leat maolán breise a chur isteach má theastaíonn sé. 3 - Roghnaigh Sceidealaigh agus brúigh OK. Tá an clár sceidealaithe le haghaidh a thaifeadta. Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch nuair a sceidealaítear taifeadtaí atá ag forluí ar a chéile.
Teangacha Tá na teangacha seo a leanas ar fáil san Fheidhmchlár MyRemote: Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Spáinnis, Portaingéilis, Ollainnis agus Rúisis. Mura bhfuil an teanga atá socraithe ar do ghléas soghluaiste ar cheann de na teangacha sin, athrófar teanga an Fheidhmchláir MyRemote ar ais go Béarla. * Is féidir leat comhoiriúnacht MyRemote leis an táirge sonrach Philips atá agatsa a sheiceáil ar leathanach tacaíochta ar líne do tháirge ag www.philips.com/support.
Roghchlár baile MyRemote Nuair a íoslódálann tú an feidhmchlár MyRemote, beidh sé le feiceáil ar roghchlár baile d'fhóin cliste nó do thaibléid. Tapáil deilbhín MyRemote chun tosú. Tá na feidhmeanna seo a leanas i roghchlár baile MyRemote . . . • SimplyShare • Net TV • Control Má tá taibléad agat, tá an fheidhm seo ann freisin. . . • Eolaire teilifíse SimplyShare Is féidir leat comhaid meán (grianghraif, ceol nó físeáin) a sheoladh ó ghléas amháin i do líonra baile go dtí gléas eile le SimplyShare.
Is féidir leat an cineál comhaid meán atá á chuartú agat a roghnú - Ceol, Físeáin nó Grianghraif. 1 - Tapáil an cineál comhaid meán atá á chuartú agat. 2 - Tapáil an t-amhrán, an físeán nó an grianghraf sa liosta chun é a sheinnt ar an ngléas a roghnaigh tú. Formáidí meán comhoiriúnacha Is féidir raon leathan formáidí meán a sheinnt ar do theilifís. I gCabhair, brúighL Liosta agus déan cuardach do Formáidí Athsheanma chun liosta iomlán na bhformáidí comhaid atá comhoiriúnach don teilifís a fháil.
6 Skype 6.1 Céard é iTV? Is féidir leat glaonna físeáin a dhéanamh ar do theilifís saor in aisce le Skype™. Is féidir leat glaoch ar do chairde agus iad a fheiceáil áit ar bith ar domhan. Labhair le do chairde agus tú ag féachaint orthu ar scáileán mór do theilifíse. Bíodh an ceamara ag pointeáil i dtreo na háite a mbíonn tú i do shuí ann go hiondúíl. Is féidir leat an ceamara a thástáil i socruithe Skype, chomh maith lena amharcphointe a sheiceáil nó a leibhéal zúmála a sheiceáil.
4 - Más rud é gur glacadh le do chuntas nua, tá tú sínithe isteach. Is féidir leat do phróifíl Skype a athrú nó a chríochnú ar do ríomhaire. Tosaigh Skype ar do ríomhaire, sínigh isteach le d'Ainm Skype agus do Phasfhocal agus oscail do phróifíl Skype. Is féidir leat do phictiúr próifíle a athrú, teachtaireacht a chur isteach nó na socruithe príobháideachta a shocrú. - As láthair Feicfidh do theagmhálaithe go bhfuil tú sínithe isteach ach gan a bheith ag féachaint ar an teilifís.
Ní mór don teagmhálaí atá díreach curtha isteach i do liosta agat glacadh le d'iarratas chun a ainm nó a hainm a chur le do liosta teagmhálaithe. Go dtí go nglacann an teagmhálaí le d'iarratas, taispeánfar an teagmhálaí nua mar as líne. Ag glacadh le hiarratas Teagmhálaí Ní féidir ach le húsáideoirí Skype cuireadh a thabhairt duit a bheith ar a liosta teagmhálaithe. Cuirfear ar an eolas tú maidir lena n-iarratas, ar féidir leat glacadh leis nó diúltú roimhe.
Liosta na n-uimhreacha a glaodh orthu le deireanas Má tá glaoite agat ar roinnt uimhreacha fóin le Skype níos túisce, is féidir leat uimhir fóin a roghnú sa liosta ar thaobh na láimhe clé den leathanach. Chun an uimhir fóin a roghnaíodh a ghlanadh, brúigh * Glan uimhir. Chun an uimhir fóin seo a chur le do liosta teagmhálaithe, brúigh * Cuir le teagmhálaithe. Chun gach uimhir fóin a ghlanadh, brúigh * Glan gach uimhir.
6.6 Socruithe Skype Síniú isteach uathoibríoch Is féidir leat Skype a shocrú suas chun go síneoidh sé isteach go huathoibríoch nuair a chasann tú air an teilifís. Ní gá duit d'Ainm Skype nó do phasfhocal a chur isteach. Téigh go dtí an barra roghchláir agus roghnaigh S Socruithe chun an leathanach Socruithe a oscailt. Roghnaigh Síniú isteach uathoibríoch agus brúigh OK chun é a roghnú nó a díroghnú.
7 Cluichí 7.1 Cluiche a imirt Nuair atá consól cluiche nasctha le do theilifís agat, is féidir leat cluichí a imirt ar an teilifís. Tosaigh cluiche Cas air an consól cluiche agus brúigh h, roghnaigh an deilbhín atá socraithe agat do do chonsól cluiche (m.sh. Cluiche nó Imreoir) agus brúigh OK chun féachaint ar an gcluiche. An socrú is fearr don cluiche I gcás roinnt cluichí, nuair atá luas agus beachtas ag teastáil, athraigh an teilifís go dtí an socrú is fearr do Chluichesula dtosóidh tú ag imirt.
8 Sonraíochtaí teilifíse 8.1 Comhshaol Coigilt fuinnimh Cuachann coigilt fuinnimh na socruithe teilifíse a chabhraíonn leis an gcomhshaol. Agus tú ag féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh * chun Éiceashocruithe a oscailt. Marcáltar socruithe atá gníomhach le fi. Brúigh * arís chun é a dhúnadh. Coigilt fuinnimh Athraíonn an socrú Smart picture seo an pictiúr, mar aon le Ambilight, go dtí an socrú is fearr ó thaobh fuinneamh a choigilt.
Nuair atá an tsiombail seo d'araid rothaí a bhfuil cros air ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an táirge clúdaithe ag Treoir Eorpach 2002/96/CE. Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoin gcóras bailiúcháin áitiúil ar leith do tháirgí leictreacha agus leictreonacha. Cloígh leis na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm le do thoil agus ná diúscair do sheantáirgí le do ghnáthdhramhaíl tí.
• • • • • • 480i - 60 Hz 576i - 50 Hz 576i - 50 Hz 720p - 50 Hz, 60 Hz 1080p - 50 Hz, 60 Hz 1080p - 24Hz, 25Hz, 30Hz, 50Hz, 60 Hz 8.5 Fuaim • Cumhacht Aschuir (RMS) : 20W (2x10W)* @30%THD * 28W (2x14W) ar XXPFL6X57, XXPFL6X67, XXPFL6X87, XXPFL6X97. • Breisiú fuaime: Uath-leibhéaladh Airde Fuaime, Fuaim Shoiléir, Incredible Surround, Incredible Surround 3D 8.6 Ilmheáin Naisc • USB 2.0 • Ethernet LAN RJ-45 • Wi-Fi 802.
Doimhneacht 234 mm Meáchan ± 15.15 kg 47PFL6XX7 Leithead 1067.5 mm Airde 646.6 mm Doimhneacht 29.6 mm Meáchan ± 15 kg . . . le seastán teilifíse Airde 693 mm Doimhneacht 243.5 mm Meáchan ± 18.3 kg 55PFL6XX7 Leithead 1240.8 mm Airde 744.32 mm Doimhneacht 30.2 mm Meáchan ± 22 kg . . . le seastán teilifíse Airde 788.15 mm Doimhneacht 263 mm Meáchan ± 25.
9 Bogearraí teilifíse 9.1 Leagan bogearraí Chun leagan reatha na mbogearraí teilifíse a fheiceáil, brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe bogearraí agus brúigh OK. Roghnaigh Eolas faoin mbogearraí reatha agus féach ar Leagan: .... 9.2 Nuashonrú bogearraí Nuashonrú bogearraí ón Idirlíon Cuir an gléas cuimhne USB isteach i do ríomhaire. Aimsigh an comhad update.htm ar an ngléas cuimhne USB agus cliceáil faoi dhó air. Cliceáil ar Seol ID.
9.
10 10.3 10.1 Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Innéacs 3 3D spéaclaí, Úsáid 37 3D, 2D go 3D 37 3D, Eispéireas 37 3D, féachaint is fearr 37 3D, glanadh spéaclaí 38 3D, rabhadh sláinte 38 A Ag Féachaint ar an Teilifís 22 Air agus As 20 Airde fuaime na gcluasán 33 Ambilight, cas air nó as 34 Ambilight, casadh as teilifíse 35 Ambilight, dinimiciúil 34 Ambilight, lonnú 34 Ambilight, mód 35 Ambilight, suiteáil 35 App, gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) 41 Athshuiteáil teilifíse 25 B Barraí dubha 27 Bogearraí , leagan reatha 59 Bogearraí foinse oscailte 59 B
Luch USB 15 Luch, nasc 15 Líonra, DHCP 7 Líonra, gan sreang 6 Líonra, IP Statach 7 Líonra, pasfhocal 7 Líonra, sreangaithe 8 M Meabhrúchán, clár 29 Mearthosach 20 Moill fuireachais 20 Monofónach / Steiréafónach 33 Méarchlár USB 15 Méarchlár, nasc 14 Méaróg USB, nasc 15 N Naisc, liosta 29 Nasc aeróige 6 Nasc aeróige, leideanna 8 Nasc HDMI, leideanna 8 Nasc Pixel Plus 10 Nasc SCART, leideanna 9 Nasc VGA, leideanna 10 Nasc Y Pb Pr, leideanna 9 Nuashonrú cainéal uathoibríoch 25 P Perfect Pixel HD Engine 32 R Ri
!"#$%&%$'(%)*+,'-#,+./0#$(,(),$1'*2#,3%(1).