-,.%'/,012)301#0)43(/15641.
Ábhar 1 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 1.9 1.10 Turas 3 Smart TV 3 App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) 3 Físeáin ar cíos 3 Teilifís ar líne 3 Líonraí sóisialta 4 Skype 4 Fóin chliste agus táibléid 4 An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí 4 Cluichíocht 5 EasyLink 5 2 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 2.8 2.
1 Turas 1.1 Smart TV Nasc an Philips Smart LED TV leis an Idirlíon agus bain triail as taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc sreinge a dhéanamh le do ródaire nó is féidir leat nascadh gan aon sreang le Wi-Fi. Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, Facebook, Twitter, srl . Tá Feidhmchláir ann chun físeán a fháil ar cíos ó shiopa físeán ar líne agus chun féachaint ar chláir a chaill tú.
Is féidir leat glaoch ar do chairde áit ar bith ar domhan agus iad a fheiceáil ar an scáileán. Teastaíonn ceamara a bhfuil micreafón ionsuite ann agus nasc maith don Idirlíon chun glao físe a dhéanamh. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Skype chun tuilleadh eolais a fháil. 1.7 In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Teilifís ar líne chun tuilleadh eolais a fháil. 1.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat iad a thaifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar an gclár nó clár atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Cuir teilifís ar sos nó Taifeadadh chun tuilleadh eolais a fháil. 1.9 Cluichíocht Má roghnaíonn tú consól cluiche sa roghchlár Baile, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe is fearr a fheileann do chluichíocht.
2 Suiteáil 2.1 Seastán teilifíse agus gléasadh balla Seastán teilifíse Tá callairí teilifíse ionsuite ag bun an seastáin teilifíse. Tá bosca callairí níos mó sa seastán teilifíse a thugann an fhuaim is fearr i gcomparáid leis na callairí ionsuite a bhíonn ann i dtaispeáint thanaí teilifíse. Nasc an cábla go teann ag bun an seastáin leis an teilifís i gcónaí le haghaidh fuaime. Chun an fhuaim is fearr a fháil, ná bíodh bun an seastáin ar chairpéad ná ar éadach tiubh.
2.3 Cábla cumhachta Cuir an cábla cumhachta isteach i soicéad POWER na teilifíse. Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa teilifís. Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla. Nuair atá an cábla cumhachta á dínascadh agat, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo. 2.5 Mias satailíte Aimsigh an nasc satailíte den chineál-F ar chúl na teilifíse. Ceangail an cábla ó do mhias satailíte leis an nasc seo. 2.
Nuair atá bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agat, is féidir leat do ghrianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar scáileán do theilifíse. Úsáid leagan de na bogearraí freastalaí meán a eisíodh le gairid, cosúil le Windows Media Player 11, Twonky™ nó rud éigin eile cosúil leis*. Suiteáil na bogearraí ar do ríomhaire agus socraigh suas é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh treoirleabhar na mbogearraí freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil.
Socruithe líonra Chun na socruithe Líonra a oscailt, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh socruithe Líonra agus brúigh OK. Suiteáil Lean céimeanna 1 go 5. 1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla Ethernet**). 2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air. 3 - Brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. 4 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK. 5 - Roghnaigh Sreangaithe agus brúigh OK. Déanann an teilifís cuardach leanúnach don nasc líonra.
Aeróg Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta. Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc HDMI, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Líonra, gan sreang chun tuilleadh eolais a fháil. EasyLink HDMI CEC HDMI CEC Úsáid an cábla cuibheora SCART atá curtha ar fáil chun do ghléas a nascadh. Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink. Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC* chun cumarsáid a dhéanamh leis an gléasanna nasctha. Ní mór do na gléasanna a bheith in ann tacú le HDMI CEC agus ní mór dóibh a bheith nasctha le nasc HDMI.
Mura mbeidh an eochair atá ag teastáil uait ar fáil ar chianrialtán na teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna. Brúigh o OPTIONS agus roghnaigh % Rialtáin ar an mbarra roghchláir. Roghnaigh an eochair gléis atá ag teastáil uait ar an scáileán agus brúigh OK. Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin. Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
In aice leis na naisc aeróige, cuir isteach cábla HDMI chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís. Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr. Cas as an t-amadóir Díghníomhachtaigh an t-uaineadóir Casadh as mura núsáideann tú ach cianrialtán an glacadóra satailíte amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Seach-chur Fuaim Amach. Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a shocrú agus brúigh OK. Déanann an luach a socraítear cúiteamh don méid ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an seach-chur a shocrú ag eatraimh 5ms.
Seinnteoir DVD Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a nascadh leis an teilifís. Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas. Diosca Crua USB Na rudaí a bheidh ag teastáil uait Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink HDMI CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh EasyLink HDMI CEC chun tuilleadh eolais a fháil.
Mura bhfuil an cnaipe Taifead ar fáil, seiceáil an ndéantar nuasonrú ar an eolaire teilifíse ón Idirlíon. Chun seiceáil an bhfaigheann an t-eolaire teilifíse a sonraí ón Idirlíon, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Eolaire teilifíse. Roghnaigh Ón Idirlíon agus brúigh OK. Is féidir leat méarchlár agus luch a nascadh leis an teilifís. Úsáid an nasc USB ar thaobh na teilifíse chun an nasc a dhéanamh.
Ceamara grianghraif Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a nascadh go díreach leis an teilifís. Úsáid an nasc USB ar thaobh na láimhe deise den teilifís chun nascadh. Cas air an ceamara nuair a bheidh an nasc déanta agat. An luch a shuiteáil Cas air an teilifís agus nasc an luch USB le ceann de na naisc USB ar thaobh na teilifíse. Is féidir leat an luch USB a nascadh freisin le méarchlár USB nasctha.
Ríomhaire Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire. Le VGA Úsáid cábla VGA chun an ríomhaire a nascadh leis an nascóir VGA agus cuir cábla fuaime Clé/Deas leis chun an Fhuaim VGA a nascadh le AUDIO IN - VGA/DVI ar chúl na teilifíse. An socrú is fearr don mhonatóir Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch.
Chun filleadh ar an socrú pictiúir is fearr leat agus tú ag breathnú ar chainéal teilifíse, brúigh o OPTIONS, roghnaigh j Pictiúr agus fuaim sa roghchlár, roghnaigh Stíl pictiúir agus roghnaigh Pearsanta. Chun Socruithe Mearphictiúir a shocrú do ghníomhaíocht teilifíse nó ar ghléas nasctha . . . 1 - Brúigh h, roghnaigh gníomhaíocht nó gléas nasctha (nó a nasc) agus brúigh OK. 2 - Brúigh h arís, roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK. 3 - Roghnaigh Socruithe Mearphictiúir agus brúigh OK.
• Is as gloine atá píosaí den táirge déanta. Láimhseáil go cúramach é chun gortú nó damáiste a sheachaint. Féach ar léiriúcháin Féach ar léiriúcháin Is féidir leat breathnú ar roinnt físeán taispeána faoi ghnéithe do theilifíse a bhaineann le caighdeán an phictiúir le Féach ar shamplaí sa roghchlár Suiteáil.
• Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is mó is atá tú in ann. Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí fada iad íomhánna cónaitheacha. Áirítear le híomhánna cónaitheacha roghchláir ar an scáileán, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má chaitheann tú íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don scáileán a sheachaint.
3 Teilifís 3.1 Cas air Cas air agus as Bí cinnte gur phlugáil tú isteach an príomhsheolán cumhachta ar chúl na teilifíse sula gcasfaidh tú air an teilifís. Má tá an solas táscaire dearg casta as, brúigh an eochair bheag A ar thaobh na láimhe deise, ar chúl na teilifíse chun an teilifís a chur ar fuireachas - lasfaidh an táscaire dearg. Nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh A ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.
Forbhreathnú ar na heochracha Leath bairr 1 - A Fuireachas Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go fuireachas. 2 - Méaracha athsheanma agus taifeadta • Seinn x, chun athsheinnt • Cuir ar sos p, chun athsheinnt a chur ar sos • Stop q, chun athsheinnt a stopadh • Cúlchas !, chun cúlchasadh • Mearchas ‹, chun mearchasadh • Taifead r, chun taifead anois 3 - GUIDE Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh. 4 -c SOURCE Chun an liosta nasc a oscailt nó a dhúnadh.
Chun téacs a iontráil i réimse téacs ar an scáileán, roghnaigh an réimse téacs agus tosaigh ag clóscríobh. Brúigh Iontráil (1) chun an téacs a dhearbhú. Shift Chun carachtar a chlóscríobh i gcás uachtair, brúigh agus coinnigh síos an ( eochair (Shift)(2) agus clóscríobh an carachtar atá ag teastáil uait i gcás uachtair. Mura bhfuil ach 1 carachtar i gcás uachtair ag teastáil uait i do théacs, brúigh an eochair ( díreach roimh chlóscríobh na heochrach atá uait.
Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh na heochracha * Dearg agus * Gorm ag an am céanna. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann. • Níl an cianrialtán péireáilte fós Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh OK. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann.
3.3 Ag Féachaint ar an Teilifís Cainéil Cainéil a athrú Roghanna ar chainéil Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, bíonn roinnt roghanna ar fáil, ag brath ar an gcineál cainéil (analóg nó digiteach) a bhfuil tú ag féachaint air nó ar na socruithe atá athraithe agat ar an teilifís. Oscail na roghanna Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh an táb o Options ar an mbarra roghchláir. Chun féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh t TV.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh HbbTV chun tuilleadh eolais a fháil. Stádas Roghnaigh Stádas chun féachaint ar eolas teicniúil faoin gcainéal (más analóg nó digiteach é) nó faoin ngléas nasctha a bhfuil tú ag féachaint air. Liostaí cainéil Na liostaí cainéil Sna liostaí cainéil, is féidir leat gach cainéal teilifíse agus raidió atá suiteáilte a aimsiú.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Cainéil ceanáin chun tuilleadh eolais a fháil. Cainéil ceanán Is féidir leat liosta cainéal ceanán a chruthú nach bhfuil ann ach na cainéil a bhfuil tú ag iarraidh féachaint orthu. Nuair atá an liosta cainéal Ceanán roghnaithe agat, ní fheicfidh tú ach na cainéil ceanán nuair a ghluaiseann tú trí na cainéil. Cruthaigh do liosta cainéal Ceanán 1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh L LIST chun na liostaí cainéal a oscailt. 2 - Roghnaigh Ceanáin.
Cainéil a nuashonrú Nuashonrú uathoibríoch Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an liosta a nuashonrú leis na cainéil nua. Mar rogha air sin, is féidir leat nuashonrú cainéal a thosú tú féin. Nuashonrú cainéal uathoibríoch Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil uair amháin sa lá ag a 6 r.n. agus stórálann sé cainéil nua. Stóráiltear cainéil nua sa liosta Gach Cainéal ach sa liosta Cainéil Nua freisin. Baintear as cainéil atá folamh.
Cóipeáil liosta cainéal Liosta cainéal a chóipeáil 1 - Cas air an teilifís a bhfuil a cainéil suiteáilte uirthi. Cuir isteach gléas cuimhne USB. 2 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. 3 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil go dtí USB agus brúigh OK. Chun an liosta cainéal a chóipeáil ón teilifís seo, d'fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaí ort an Cód glais leanaí a chuir tú isteach i rith na suiteála a chur isteach.
Rátaí siombail réamhshainithe Rátaí siombail réamhshainithe Nuair atá an socrú Uathoibríoch i bhfeidhm don mhód ráta Siombaile, bainfidh an teilifís úsáid as 1 de na rátaí siombaile réamhshainithe atá in úsáid ag formhór na soláthróirí cábla i do thír. Ráta siombail 1 Ráta siombail 1 Nuair atá an socrú De Láimh i bhfeidhm don mhód ráta Siombaile, is féidir leat an luach ráta siombaile a fuair tú ó do sholáthróir cábla a chur isteach anseo. Úsáid na méaracha uimhriúla chun an luach a chur isteach.
Má úsáideann tú DVB-C chun cainéil a fháil, beidh na roghanna Mód ráta siombailí agusRátaí siombailí réamhshainithe ar fáil. I gcás Mód ráta siombailí, roghnaigh Uathoibríoch, mura thug do sholáthróir cábla luach ráta siombailí sonrach duit. Úsáid na heochracha uimhreacha chun an luach ráta siombailí a chur isteach. • Uathzúmáil Zúmálann sé an pictiúr isteach go huathoibríoch chun an scáileán a líonadh a mhéid agus is féidir gan díchumadh. D'fhéadfadh barraí dubha a bheith le feiceáil.
Roghnaigh focal nó uimhir leis na méaracha saighde. Brúigh OK arís chun dul díreach go dtí an chéad ásc eile den fhocal nó den uimhir sin. Brúigh OK arís chun dul go dtí an chéad ásc eile. Chun deireadh a chur leis an gcuardach, brúigh u go dtí nach bhfuil aon rud roghnaithe. Teanga Chun an grúpa carachtar a úsáideann Téacs chun taispeáint i gceart a athrú, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh Teanga.
Téacs (Ríocht Aontaithe amháin) Chun Téacs Digiteach a oscailt, brúigh TEXT. Brúigh b chun é a dhúnadh. Leathanaigh iTV a dhúnadh Insíonn an chuid is mó de leathanaigh iTV duit an eochair atá le húsáid chun dúnadh. Chun dúnadh leathanach iTV a fórsáil, athraigh go dtí an chéad chainéal teilifíse eile agus athraigh ar ais. 3.4 Eolaire teilifíse Oscail eolaire teilifíse Is féidir leat féachaint ar liosta de na cláir teililfíse reatha agus sceidealaithe atá ar do chainéil leis an eolaire teilifíse*.
3.5 Athraigh go gléasanna Liosta foinse Sa liosta nasc - an roghchlár Foinse - is féidir leat na gléasanna atá nasctha leis an teilifís a aimsiú. Is féidir leat athrú go dtí gléas ón Roghchlár foinse seo. Roghchlár foinse Chun an Roghchlár foinse a oscailt, brúigh c SOURCE. Chun athrú go dtí gléas nasctha, roghnaigh an gléas leis na saigheada w (clé) nó x (deas) agus brúigh OK.
Fotheidil Teanga fuaime Cas fotheidil air Chun an roghchlár Fotheideal a chasadh air, brúigh SUBTITLE. Is féidir leat fotheidil a chasadh Air nó As. Chun fotheidil a thaispeáint nuair nach bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga - an teanga a shocraigh tú don teilifís, roghnaigh Uathoibríoch. Taispeánann an socrú seo fotheidil freisin nuair a chasann tú as an fhuaim le m. I gcás cainéal analógach, ní mór fotheidil a chur ar fáil in Téacs.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Teanga roghchláir agus brúigh OK. 3 - Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK. 4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh. Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an teilifís (Bosca bairr STB) agus mura n-úsáideann tú cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an gléas a chasadh as go huathoibríoch a díghníomhachtú. 3.
— Athraíonn Braiteoir solais na socruithe pictiúir agus Ambilight go huathoibríoch go dtí coinníollacha solais an tseomra. — Socrú neamhlíneach é Gáma a bhaineann le lonras agus codarsnacht an phictiúir. Úsáid an barra sleamhnáin chun luach gáma níos airde nó níos ísle a shocrú. — Socraíonn Teocht datha na dathanna go Normálta, Teolaí (scothdhearg) nó Fionnuar (scothghorm). — Socraíonn Sainteocht datha teocht datha an phictiúir. — Socraíonn Codarsnacht físeán (3D) codarsnacht ábhar an phictiúir.
Formáid fuaime roghnaithe Is féidir leat an fhormáid fuaime a shocrú go Caighdeánach (Steiréó) nó go Ardsocruithe (Ilchainéal). Má tá ceann amháin den dá chineál ar fáil, athróidh an teilifís go huathoibríoch go dtí an cinéal atá socraithe agat. 1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Socruithe cainéil > Teangacha > Formáid fuaime is fearr leat agus brúigh OK. 3 - Roghnaigh Caighdeánach nó Ardsocruithe agus brúigh OK.
Chun an tionchar seo a cheartú, roghnaigh Ambilight > Ardsocruithe > Dath an bhalla agus roghnaigh dath a meaitseálann dath an bhalla. Ceartóidh Ambilight a dhathanna chun dul in oiriúint is fearr le dath an bhalla taobh thiar den teilifís. Ambilight Dinimiciúil Is féidir leat an luas ag a bhfreagraíonn Ambilight d'íomhánna ar an scáileán a athrú le Ambilight dinimiciúil. Brúigh h, roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Rochtain uilíoch. Roghnaigh Air agus brúigh OK. 4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh. Nuair atá Rochtain uilíoch casta air in Suiteáil, cuirtear an rogha Rochtain uilíoch ar an roghchlár Roghanna. Is féidir leat socruithe sainiúla a shocrú dóibh siúd a bhfuil lagú éisteachta nó amhairc orthu sa roghchlár Uilíoch. Fuaim mheasctha Is féidir leat airde fuaime na gnáthfuaime a mheascadh leis an tráchtaireacht fuaime.
4 Féach ar shatailít 4.1 Cainéil satailíte Cainéil a athrú Chun féachaint ar chainéil satailíte, brúigh h, roghnaigh Féach ar shatailít agus brúigh OK. Tiúnfaidh an teilfís go dtí an cainéal satailíte ar fhéach tú air go deireanach. Cainéil a athrú Chun cainéil a athrú, brúigh CH+ nó CH-. Má tá uimhir an chainéil ar eolas agat, is féidir leat na heochracha uimhreacha a úsáid. Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin, brúigh b.
Roghnaigh Iontráil chun Athainmnigh a chríochnú. 5 - Úsáid na méaracha saighde chun cainéal a roghnú agus brúigh OK chun an cainéal atá roghnaithe a ainmniú mar chainéal ceanáin. Braitheann ord na gcainéal sa liosta ceanán ar an ord inar chuir tú leis an liosta iad. Ceanáin a chur isteach nó a bhaint as Chun cainéil ceanán a chur leis an liosta cainéal Ceanán nó iad a bhaint as, oscail an liosta agus brúigh o OPTIONS, roghnaigh Cuir le/Bain as Ceanáin agus brúigh OK.
Chun cainéal a díghlasáil, roghnaigh an cainéal atá glasáilte agus roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an cód glais leanaí a chur isteach. Gabhann LNB na comharthaí ó shatailít agus gléastar ar dheireadh chuaille na haeróige méise é. Is féidir leis an teilifís glacadh le comharthaí ó 4 LNB éagsúla. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó ghléasanna nasctha. Rátáil tuismitheoirí Tá rátáil déanta ag roinnt craoltóirí digiteacha ar a gcláir.
Chun an cuardach do shatailítí agus cainéil a bhrostú, athraigh an ráta scanadh Minicíochta go 10MHz. Chun scanadh iomlán a dhéanamh, athraigh an ráta go 2MHz (moltar é seo a dhéanamh i gcás satailítí na Tuirce). cAthshocraigh D'fhéadfadh na socruithe atá curtha i bhfeidhm agat a bheith caillte agat. Chun na socruithe satailíte suiteála a athshocrú go dtí na socruithe monarchan, roghnaigh Athshocraigh in Socraithe agus brúigh OK.
Cainéil a cuireadh isteach le deireanas Bíonn sé éasca na cainéil nua a cuireadh leis an liosta le uashonrú cainéal uathoibríoch a aimsiú sa liosta cainéal Nua. Stóráiltear na cainéil chéanna nua freisin sa liosta cainéal Gach cainéal nó Raidió. Coinnítear cainéil nua sa liosta cainéal Nua ar an gcoinníoll nach marcálann tú iad mar shár-rogha nó nach dtiúnann tú iad. In Cabhair, brúigh * List agus déan cuardach do Cainéil satailíte ceanán chun cainéil a mharcáil mar cheanáin.
2 - Má tá minicíocht an trasfhreagróra (atá in ann roinnt cainéal a choinneáil) ar eolas agat, roghnaigh Minicíochtagus cuir isteach é. 3 - Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK. 4 - Má aimsíonn an teilifís minicíocht agus má tá cnaipe stórála ar taispeáint, tá trasfhreagróir nua aimsithe. 5 - Brúigh Stóráil chun an trasfhreagróir nua a chur isteach lena chainéal nó cainéil go dtí an liosta cainéal. Chun trasfhreagróir eile a chur isteach, roghnaigh Amach agus tabhair faoi na céimeanna arís.
5 3D 5.1 Na rudaí a bheidh ag teastáil uait Is teilifís 3D Max í seo. Is féidir leat féachaint ar chláir 3D ar an teilifís seo agus ar scannáin i dtaifeach iomlán Ardghléine le 3D Max.
PTA508 Spéaclaí 3D PTA508 gníomhacha 1 2 3 4 - A, lasc Air nó As - Imreoir 1/2, Roghnú Imreoir 1 nó Imreoir 2 - Lionsa glacadóra - Raca na gceallraí Nuair a bhaineann tú na spéaclaí 3D amach as an mbosca, bain as an scragall beag plaisteach freisin ó raca na gceallraí a chuireann cosc ar an gceallra folmhú. Cas air Nuair a thairgtear clár 3D, brúigh A ar na spéaclaí 3D agus cuir ort iad. Tógfaidh sé roinnt soicind ar na spéaclaí coigeartú don chomhartha 3D ón tarchuradóir 3D ar an teilifís.
Chun féachaint 3D a stopadh, brúigh oOPTIONS, roghnaigh Doimhneacht 3D agus roghnaigh As. Athraítear 3D go 2D nuair a athraíonn tú go cainéal eile nó go gléas nasctha. Tiontú 2D go 3D Is féidir leat aon chlár 2D a thiontú chun féachaint air in 3D. Chun clár 2D a thiontú go 3D, brúigh 3D, roghnaigh Tiontú 2D go 3D agus brúigh OK. Chun an tiontú 2D go 3D a stopadh, brúigh oOPTIONS, roghnaigh Doimhneacht 3D agus roghnaigh As nó athraigh go gníomhaíocht eile sa roghchlár Baile.
6 Smart TV 6.1 Roghchlár Baile - Cabhair Roghnaigh Cabhair agus brúigh OK chun an Cabhair ar an scáileán a oscailt. Is féidir leat topaic a fhiosrú i liosta aibítre. 6.2 Feidhmchláir Smart TV Ón roghchlár Baile, is féidir leat tús a chur le haon ghníomhaíocht a bhaineann leis an teilifís. Na rudaí a bheidh ag teastáil uait Oscail an roghchlár Baile chun tosú ag féachaint ar an teilifís nó tosú ag féachaint ar dhiosca ar do Chóras Amhairclainne Baile.
Leathanach tosaigh Smart TV Is é leathanach tosaigh Smart TV a nascann leis an Idirlíon tú. Is féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos ar líne, nuachtáin a léamh, féachaint ar fhíseáin agus éisteacht le ceol, rudaí a cheannach ar líne, leathanach do líonra sóisialta a oscailt nó féachaint ar chláir teilifíse nuair a fheileann sé duit le Teilifís Ar Líne. Osclaíonn tú Apps chun é seo a dhéanamh - suíomhanna Idirlín atá curtha in oiriúint don teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht maidir le hábhar nó caighdeán an ábhair atá curtha ar fáil ag na soláthróirí seirbhíse ábhar. Feidhmchláir a úsáid Ní mór duit Feidhmchlár a chur le do liosta Feidhmchlár ar leathanach tosaigh Smart TV ar dtús chun é a thosú. Is féidir leat Feidhmchláir a chur le do liosta ón App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár). App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) Tá gach Feidhmchlár atá ar fáil san App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár).
Ar an leathanach tosaigh, roghnaigh an deilbhín O Teilifís Ar Líne agus brúigh OK. Roghnaigh clár ar an leathanach agus brúigh OK chun tosú ag féachaint. Is féidir leat na heochracha x (Seinn) agus p (Cuir ar sos) a úsáid. Liosta in aghaidh craoltóra Chun féachaint ar na cláir Teilifíse Ar Líne a d'ordaigh an craoltóir, brúigh * Gach craoltóir. Roghnaigh craoltóir agus brúigh OK. * Má tá fáil air i do réigiún. 6.
Chun Brabhsáil USB nó Brabhsáil líonra a dhúnadh, brúigh h agus roghnaigh gníomhaíocht eile. Seinn ceol Chun ceol a sheinnt, roghnaigh M Ceol ar an mbarra roghchláir, roghnaigh amhrán agus brúigh OK. Má tá tuilleadh amhrán san fhillteán céanna, brúigh * Seinn gach amhrán chun gach amhrán san fhillteán seo a sheinnt. Chun dul ar aghaidh go dtí an chéad amhrán eile nó an ceann roimhe sin, brúigh CH+ nó CH-. Chun an ceol a chur ar sos, brúigh OK. Brúigh OK arís chun leanúint ar aghaidh.
Trádmharcanna de Rovi Corporation nó a fhochomhlachtaí iad DivX®, DivX Certified® agus lógónna gaolmhara agus úsáidtear faoi cheadúnas iad. MAIDIR LE DIVX VIDEO: Formáid físe digití é DivX® a chruthaigh DivX, LLC, fochomhlacht de chuid Rovi Corporation. Gléas oifigiúil DivX-certified® é seo a sheinneann físeáin DivX. Téigh go dtí divx.com chun tulleadh eolais agus uirlisí bogearraí a thiontaíonn do chomhaid go físeáin DivX a fháil.
Ar leathanach an eolaire teilifíse, roghnaigh an cainéal agus an clár a bhfuil uait é a thaifeadadh. Is féidir leat uimhir an chainéil a chur isteach chun dul díreach go dtí an cainéal sa liosta. Brúigh x (Deas) nó w (Clé) chun scrolláil trí chláir cainéil. Chun dáta an liosta a athrú, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh Roghnaigh lá. Sa liosta sin, roghnaigh an lá atá uait agus brúigh OK. Má thagann an t-eolaire teilifíse ón Idirlíon, is féidir leat an dáta a roghnú ag barr an leathanaigh agus OK a bhrú.
Do ghréasán Líonra Baile Ní mór do theilifís, d'fhón cliste, do thaibléad agus do ríomhaire a bheith nasctha le do líonrabaile chun leas a bhaint as an bhfeidhmchlár MyRemote. Tá sé saor in aisce Is féidir leat an Feidhmchlár MyRemote a íoslódáil in aisce. Tá gach feidhmchlár MyRemote in aisce ach amháin feidhm an scáileáin chliste Wi-Fi. Leaganacha Feidhmchláir Tá an Feidhmchlár MyRemote á fhorbairt ar bhonn leanúnach.
Íoslódáil Feidhmchláir Is féidir leat na cóid QR ar an leathanach seo a úsáid chun an Feidhmchlár MyRemote a íoslódáil ar d'fhón cliste nó ar do thaibléad. Roghnaigh an córas oibriúcháin (nó an cineál gléis) atá uait agus úsáid do léitheoir cóid QR chun dul go dtí an leathanach íoslódála go díreach. Apple iPhone Chun an feidhmchlár a íoslódáil ar do iPhone, téigh go dtí Siopa Feidhmchlár Apple agus aimsigh an feidhmchlár Philips MyRemote.
* Is féidir leat comhoiriúnacht MyRemote leis an táirge sonrach Philips atá agatsa a sheiceáil ar leathanach tacaíochta ar líne do tháirge ag www.philips.com/support. Bí cinnte freisin go bhfuil do tháirge nuashonraithe leis na bogearraí is deireanaí. Control Déanann tú cianrialtán iomlán as d'fhón cliste nó do thaibléad leis an gcnaipe Rialú ar roghchlár baile MyRemote. Net TV Is féidir leat Net TV / Smart TV a oscailt ar do theilifís leis an gcnaipe Net TV i roghchlár baile MyRemote .
Féach ar chainéal teilifíse Féach ar chainéal teilifíse Chun breathnú ar chainéal teilifíse leis an bhfeidhmscáileáin chliste Wi-Fi, tapáil scáileáin chliste Wi-Fi sa roghchlár Feidhmchlár. Taispeánfaidh an scáileáin chliste Wi-Fi an cainéal teilifíse atá ar an teilifís faoi láthair. Má athraítear an teilifís go gléas nasctha, ní mór duit an teilifís a athrú ar ais go Féach ar theilifís nó go Féach ar Shatailít (má tá tiúnóir satailíte ionsuite ar fáil).
7 Skype 7.1 Céard é iTV? Is féidir leat glaonna físeáin a dhéanamh ar do theilifís saor in aisce le Skype™. Is féidir leat glaoch ar do chairde agus iad a fheiceáil áit ar bith ar domhan. Labhair le do chairde agus tú ag féachaint orthu ar scáileán mór do theilifíse. Bíodh an ceamara ag pointeáil i dtreo na háite a mbíonn tú i do shuí ann go hiondúíl. Is féidir leat an ceamara a thástáil i socruithe Skype, chomh maith lena amharcphointe a sheiceáil nó a leibhéal zúmála a sheiceáil.
4 - Más rud é gur glacadh le do chuntas nua, tá tú sínithe isteach. Is féidir leat do phróifíl Skype a athrú nó a chríochnú ar do ríomhaire. Tosaigh Skype ar do ríomhaire, sínigh isteach le d'Ainm Skype agus do Phasfhocal agus oscail do phróifíl Skype. Is féidir leat do phictiúr próifíle a athrú, teachtaireacht a chur isteach nó na socruithe príobháideachta a shocrú. - As láthair Feicfidh do theagmhálaithe go bhfuil tú sínithe isteach ach gan a bheith ag féachaint ar an teilifís.
Ní mór don teagmhálaí atá díreach curtha isteach i do liosta agat glacadh le d'iarratas chun a ainm nó a hainm a chur le do liosta teagmhálaithe. Go dtí go nglacann an teagmhálaí le d'iarratas, taispeánfar an teagmhálaí nua mar as líne. Ag glacadh le hiarratas Teagmhálaí Ní féidir ach le húsáideoirí Skype cuireadh a thabhairt duit a bheith ar a liosta teagmhálaithe. Cuirfear ar an eolas tú maidir lena n-iarratas, ar féidir leat glacadh leis nó diúltú roimhe.
Liosta na n-uimhreacha a glaodh orthu le deireanas Má tá glaoite agat ar roinnt uimhreacha fóin le Skype níos túisce, is féidir leat uimhir fóin a roghnú sa liosta ar thaobh na láimhe clé den leathanach. Chun an uimhir fóin a roghnaíodh a ghlanadh, brúigh * Glan uimhir. Chun an uimhir fóin seo a chur le do liosta teagmhálaithe, brúigh * Cuir le teagmhálaithe. Chun gach uimhir fóin a ghlanadh, brúigh * Glan gach uimhir.
7.6 Socruithe Skype Síniú isteach uathoibríoch Is féidir leat Skype a shocrú suas chun go síneoidh sé isteach go huathoibríoch nuair a chasann tú air an teilifís. Ní gá duit d'Ainm Skype nó do phasfhocal a chur isteach. Téigh go dtí an barra roghchláir agus roghnaigh S Socruithe chun an leathanach Socruithe a oscailt. Roghnaigh Síniú isteach uathoibríoch agus brúigh OK chun é a roghnú nó a díroghnú.
8 Cluichí 8.1 Cluiche a imirt Nuair atá consól cluiche nasctha le do theilifís agat, is féidir leat cluichí a imirt ar an teilifís. Tosaigh cluiche Cas air an consól cluiche agus brúigh h, roghnaigh an deilbhín atá socraithe agat do do chonsól cluiche (m.sh. Cluiche nó Imreoir) agus brúigh OK chun féachaint ar an gcluiche. An socrú is fearr don cluiche I gcás roinnt cluichí, nuair atá luas agus beachtas ag teastáil, athraigh an teilifís go dtí an socrú is fearr do Chluichesula dtosóidh tú ag imirt.
9 Sonraíochtaí teilifíse 9.1 Comhshaol Coigilt fuinnimh Cuachann coigilt fuinnimh na socruithe teilifíse a chabhraíonn leis an gcomhshaol. Agus tú ag féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh * chun Éiceashocruithe a oscailt. Marcáltar socruithe atá gníomhach le fi. Brúigh * arís chun é a dhúnadh. Coigilt fuinnimh Athraíonn an socrú Smart picture seo an pictiúr, mar aon le Ambilight, go dtí an socrú is fearr ó thaobh fuinneamh a choigilt.
9.2 Cumhacht Tá sonraíochtaí an táirge faoi réir athraithe gan fógra. Chun tuilleadh sonraí maidir le sonraíochtaí an táirge seo a fháil, féach ar www.philips.com/support Cumhacht • Príomhchumhacht : AC 220-240V +/-10% • Teocht chomhthimpeallach : 5°C to 35°C • Tomhaltas fuinnimh fuireachais : < 0.15W • Gnéithe choigilt cumhachta : Braiteoir solais, Éicea-mód, Balbhaigh pictiúr (do raidió), Múch uaineadóir go huathoibríoch, Roghchlár Éicea-socruithe.
• Árthaí: 3GP, AVCHD, AVI, DivX®, MPEG-PS, MPEG-TS, MPEG-4, Matroska (MKV), Quicktime (MOV), Windows Media (ASF/WMV/WMA) • Codecs Físe : DivX®, MPEG-1, MPEG-2, MPEG-4 Part 2, MPEG-4 Part 10 AVC (H264), VC-1, WMV9 • Codecs Fuaime: AAC, HE-AAC (v1/v2), AMR-NB, Dolby Digital, Dolby Digital Plus, MPEG-1/2/2.5 Layer I/II/III (MP3 san áireamh), WMA (v2 go v9.
10 Bogearraí teilifíse 10.1 Leagan bogearraí Chun leagan reatha na mbogearraí teilifíse a fheiceáil, brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe bogearraí agus brúigh OK. Roghnaigh Eolas faoin mbogearraí reatha agus féach ar Leagan: .... 10.2 Nuashonrú bogearraí Nuashonrú bogearraí ón Idirlíon Cuir an gléas cuimhne USB isteach i do ríomhaire. Aimsigh an comhad update.htm ar an ngléas cuimhne USB agus cliceáil faoi dhó air. Cliceáil ar Seol ID.
10.
11 11.3 11.1 Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
12 Cóipchearta agus ceadúnais 12.1 HDMI HDMI® Is trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de HDMI Licensing LLC iad na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI Logo i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i dtíortha eile. 12.2 Dolby Dolby® Monaraíodh faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Is trádmharcanna iad Dolby agus an tsiombail D-dúbáilte de Dolby Laboratories. 12.
Innéacs 3 3D, 3D, 3D, 3D, 2D go 3D 50 féachaint is fearr 50 glanadh spéaclaí 50 rabhadh sláinte 50 A Ag Féachaint ar an Teilifís 26 Ainm an líonra teilifíse 9 Air agus As 22 Airde fuaime na gcluasán 38 Ambilight, cas air nó as 39 Ambilight, casadh as teilifíse 40 Ambilight, dinimiciúil 40 Ambilight, lonnú 39 Ambilight, láithriú teilifíse 6 Ambilight, mód 40 Ambilight, suiteáil 40 App, gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) 53 Athshuiteáil teilifíse 29 B Barraí dubha 32 Bogearraí , leagan reatha 71 Bogearraí
G Glas cainéil 28 Gléasadh balla 6 Grianghraif, taispeántas sleamhnáin 54 Gáma 38 H HbbTV 33 HDCP, cosaint ar chóipeáil 10 I Imill scáileáin 38 Ionraon cumhachta 7 L Lagú éisteachta 41 Leathanach tosaigh Smart TV 52 Leibhéal 38 Liosta cainéal, Nua 29 Liosta clár 34 Liostaí cainéal statilíte 42 Liostaí cainéil 27 Lipéad Fuinnimh na hEorpa 68 Lonnú na teilifíse 39 Luch USB 16 Luch, nasc 17 Líonra, DHCP 8 Líonra, gan sreang 7 Líonra, IP Statach 8 Líonra, pasfhocal 8 Líonra, sreangaithe 9 M Meabhrúchán, clár 34
T Tacaíocht ar líne 73 Taifeadadh 56 Taifeadtaí, roghchlár baile 57 Teachtaireacht um nuashonrú cainéil 29 Teanga bhunaidh 36 Teanga fuaime 36 Teanga, roghchláir 36 Teilifís ar líne 53 Teilifís ar Éileamh 54 Teilifís Idirghníomhach 33 Treoir maidir le nascacht 9 Treoracha sábháilteachta 20 Tráchtaireacht fuaime 41 Téacs 32 Téacs digiteach 33 Téacs, déscáileán 33 Téacs, forbhreathnú T.O.P.
L"#&(%&+,#;"'-(&,"# !"#$%&'%( HMHH+NNN+OONP 7)/#"0+3,'/0+HMIH+NNN+OOMG )$*#'+,-,)$*#'./$ HOH+OHH+HQR+SHTIRU1-,#?V )01%(,',2$"3$#04'%( HQQ+PNI+GRI+SW"B(*#,+:"X,5V )"(5'* HMHH+OHI+HGNR 9("+@()*"+GPQM+HGNR ǎȇǸǭǽǵȌ ǚǭȃǵǻǺǭǸDzǺ ǺǻǹDzǽ ćHVNi UHSXEOLND GGMMMHMPR+SYZ0Z+&(',;V 'DQPDUN QRGR+MQIN 6$/&37*(%8 HIMH+RHI+HN+[P+SHTINU1Y,#?V ƆƫƫƜƤơ ƆƨƭƩƪƞ ƪƫƞƳƧ (VSDxD PHG+MM+IH+MQ+SHTIHU+\+HTHMU1-,#?V 91&0%'( [[MQH[I+SC"6(*,B)8+B]#/8V :"(%3$ HI+RO+QG+NH+RH+S*"%(*V +UYDWVND HI+OOO+[[+HI+SW"B(*#,+:"X,5