User manual
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI ardluais
chun an consól cluiche a nascadh leis an teilifís.
Má tá an consól cluiche nasctha le HDMI agus má tá EasyLink
HDMI CEC aige, is féidir leat an consól cluiche a oibriú le
cianrialtán na teilifíse.
Clé/Deas / Scart Fuaime Físeáin
Is féidir leat consól cluiche a nascadh leis an teilifís.
Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas
ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Clé/Deas go Scart
Fuaime Físeáin chun nascadh leis an nasc SCART.
Diosca Crua USB
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a
chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a
bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a
mhacasamhail).
Craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá
comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 32GB spás
ar an Diosca Crua.
Craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a thaifeadadh nó a chur ar sos, teastaíonn
Diosca Crua uait a bhfuil ar a laghad 250GB spás ar an Diosca
Crua.
Eolaire teilifíse
Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a cheannach
chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an féidir cainéil teilifíse
digití a thaifeadadh i do thír.
Brúigh GUIDE ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe Taifead ar
leathanach treorach na teilifíse, is féidir leat cláir a thaifeadadh ó
chainéil teilifíse digití.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Diosca Crua USB,
Suiteáil chun Diosca Crua USB a shuiteáil ar an teilifís seo.
Suiteáil
Sula féidir leat craoladh a chur ar sos nó a thaifeadadh, ní mór
duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Má
theastaíonn uait craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse
ón Idirlíon, ní mór duit an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do
theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB ar an
teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá
tú i mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 - Nuair atá an teilifís tiúináilte do chainéal teilifíse digití, brúigh
p (Cur ar sos). Tosófar an formáidiú nuair a dhéanfar iarracht é
a chur ar sos. Baineann formáidiú as gach comhad ón Diosca
Crua USB nasctha.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go
buan é.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo
agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar
ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí
ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú
Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann
roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB
atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Cuir teilifís ar sos
nó Taifeadadh chun cainéil teilifíse a chur ar sos nó a
thaifeadadh.
Suiteáil / Nasc gléasanna 15