User manual
DVI go HDMI
Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI a úsáid
chun an ríomhaire a nascadh le HDMI agus cábla fuaime
Clé/Deas le AUDIO IN - L/R ar chúl na teilifíse.
An socrú is fearr don mhonatóir
Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta
nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís
don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch.
Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar scannáin nó
cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait socrú na teilifíse a athrú
ar ais go dtí an socrú is fearr chun féachaint ar chláir teilifíse nó
cluichíochta.
Chun an teilifís a athrú go dtí an socrú is fearr de láimh. . .
1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr > Cluiche nó
ríomhaire agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó roghnaigh As (chun
féachaint ar scannán) agus brúigh OK.
4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchár a
dhúnadh. Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó ríomhaire a
athrú ar ais go Ríomhaire nuair a éiríonn tú as an imirt cluiche.
Formáid pictiúir - Neamhscálaithe
Anuas air sin, is féidir leat socrú an fhormáid pictiúir a athrú go
Neamhscálaithe - mód taispeána sainiúil picteilín ar phicteilín
(d'fhéadfadh barraí dubha a bheith le feiceáil).
1 - Brúigh oOPTIONS agus roghnaigh o Roghanna sa
roghchlár.
2 - Roghnaigh Formáid pictiúir > Neamhscálaithe agus brúigh
OK.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Taifigh taispeána
chun forbhreathnú a fháil ar na taifigh ríomhaire atá tacaithe.
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc H ar an teilifís.
Mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na
gcluasán a athrú leo féin.
Chun an airde fuaime a athrú. . .
1 - Brúigh o OPTIONS agus roghnaigh j Pictiúr agus fuaim
sa roghchlár.
2 - Brúigh v (síos) agus roghnaigh Airde fuaime na gcluasán
agus brúigh OK.
3 - Brúigh u (suas) nó v (síos) chun an airde fuaime a athrú.
4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
2.8
Roghchlár suiteála
Socruithe Mearphictiúir
Is féidir leat do bhunroghanna pictiúr a réiteach i gcúpla céim
shimplí le socruithe Mearphictiúir. Stóráltar na socruithe a
dhéanann tú faoin stíl Pictiúir - Pearsanta. Is féidir leat filleadh ar
na roghanna pictiúir atá déanta agat má athraíonn siad. Is féidir
leat socrú pictiúir roghnaithe a shocrú do gach gníomhaíocht
teilifíse nó do gach gléas atá nasctha ina gceann agus ina
gceann.
Chun filleadh ar an socrú pictiúir is fearr leat agus tú ag
breathnú ar chainéal teilifíse, brúigh o OPTIONS, roghnaigh
j Pictiúr agus fuaim sa roghchlár, roghnaigh Stíl pictiúir agus
roghnaigh Pearsanta.
Chun socrú Mearphictiúir a shocrú . . .
1 - Brúigh h, roghnaigh gníomhaíocht nó gléas nasctha (nó a
nasc) agus brúigh OK.
2 - Brúigh h arís, roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Socruithe Mearphictiúir agus brúigh OK. Téigh
trí na céimeanna go dtí an deireadh. Beidh do shocruithe
pearsanta i bhfeidhm anois don ghníomhaíocht nó don nasc.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Stíl pictiúir chun
tuilleadh eolais a fháil.
Socruithe teilifíse
Is féidir leat gach socrú Pictiúir, 3D, Fuaime agus Ambilight a
shocrú sa roghchlár Socruithe teilifíse. Tá réimse socruithe sa
roghchlár Socruithe ginearálta, leithéidí Teanga roghchláir,
Uaineadóir codlata, Uaineadóir Casta as, Rochtain
choinníollach agus míreanna eile nach iad.
In Cabhair, brúigh* List agus cuardaigh an topaic nó an socrú
atá uait.
Cuardaigh cainéil
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaighCainéal, nuashonrú
nó Cainéil, athshuiteáil, chun tuilleadh eolais a fháil.
18 Suiteáil / Roghchlár suiteála