User manual
Mar rogha air sin, is féidir leat carachtair speisialta a chur isteach
le heochaircheap SMS/téacs an chianrialtáin ar aghaidh an
chianrialtáin.
Méarchlár Qwerty, Azerty agus Coireallach
Is é QWERTY leagan amach caighdeánach mhéarchlár an
chianrialtáin.
Méarchlár Azerty
Is féidir méarchlár an chianrialtáin a athrú go Azerty, ag brath ar
an réigiún ina bhfuil tú. Tá na carachtair Azerty ar taispeáint ar
bharr na n-eochracha ábhartha ar thaobh na láimhe deise.
Chun leagan amach an mhéarchláir a athrú go Azerty, . . .
1 - Brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK chun
an roghchlár Suiteáil a oscailt.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe
ginearáltaMéarchlár cianrialtáin.
3 - Roghnaigh QWERTY nó AZERTY.
Méarchlár Coireallach
Is féidir méarchlár an chianrialtáin a athrú go carachtair
Choireallacha ag brath ar an réigiún ina bhfuil tú.
Tá na carachtair Choireallacha ar taispeáint ar bharr eochracha
an mhéarchláir ar thaobh na láimhse deise.
Chun carachtair Choireallacha a scríobh, brúigh î ar an
gcianrialtán.
Brúigh î chun athrú ar ais go Qwerty.
Pointeoir
Maidir leis an bpointeoir
In áit na heochracha saighde a úsáid chun bogadh ar an scáileán,
is féidir leat an pointeoir a úsáid. Is féidir leat an pointeoir - ar
ciorcal gorm é - a bhogadh anonn is anall ar an scáileán teilifíse
tríd an cianrialtán a bhogadh, díreach mar a bhogann tú an
cursóir ar scáileán ríomhaireachta leis an luchóg.
Is féidir leat an pointeoir a úsáid chun Feidhmchláir Smart TV *
agus leathanaigh Idirlín ar an teilifís a nascleanúint. D'fhéadfadh
roinnt Feidhmchláir Smart TV a bheith ann nach bhféadfaí
pointeoir a úsáid leo. Nuair nach bhfuil fáil ar an bpointeoir, is
féidir leat na heochracha saighde a úsáid chun bogadh ar an
scáileán.
Is féidir leat luas an phointeora a athrú nó é a chasadh as mura
bhfuil uait é a úsáid go deo.
*Beidh fáil ar níos mó Feidhmchlár Smart TV de réir a chéile le
haghaidh a n-úsáide leis an bpointeoir.
An pointeoir a úsáid
Nuair a osclaíonn leathanach tosaigh Smart TV, beidh an
pointeoir i lár an scáileáin teilifíse.
Cuir d'ordóg ar an eochair OK - ná brúigh é - agus bog an
cianrialtán ó chaol do láimhe, ní gá do lámh féin a bhogadh. Is
féidir leat an eochair OK a scaoileadh agus an pointeoir a fhágáil
san áit ina bhfuil sé. Is féidir leat an cianrialtán a bhogadh agus
an pointeoir a fháil arís nuair a chuireann tú d'ordóg ar ais ar an
eochair OK.
Nuair a bhrúnn tú eochair saighde chun bogadh, imíonn an
pointeoir as amharc. Chun an pointeoir a fháil ar ais, cuir
d'ordóg ar an eochair OK agus corraigh an cianrialtán ar feadh
soicind.
Nuair a ainlíonn tú an pointeoir thar nasc. . .
1 - Lastar an pointeoir.
2 - BrúighOK chun an nasc a oscailt.
Nuair a ainlíonn tú an pointeoir thar réimse téacs. . .
Brúigh OK chun téacs a chur isteach.
Luas
Is féidir leat luas an phointeora, arb é an luas ag a mbogann an
pointeoir ar an scáileán, a athrú.
Chun an luas a athrú. . .
1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Socruithe ginearálta > Luas pointeora agus
luiche agus brúigh OK.
4 - Brúigh na saigheada u (Suas) nó v (Síos) chun na luas a
ardú nó a ísliú.
5 - Brúigh an saighead x (Deas) chun an luas atá socraithe agat
a thástáil.
6 - Brúigh an saighead w (Clé) chun filleadh ar an socrú sin. Is
féidir leat an socrú a athrú arís.
7 - Brúigh OK chun an socrú a stóráil agus chun dúnadh.
Cas as
Má tá uait leathanaigh Smart TV agus Idirlín a nascleanúint le
heochracha saighde amháin, is féidir leat an pointeoir a chasadh
as.
Chun an pointeoir a chasadh as . . .
1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Socruithe ginearálta > Pointeoir an chianrialtáin
agus roghnaigh As.
4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
24 Teilifís / Cianrialtán