User manual
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh HbbTV chun
tuilleadh eolais a fháil.
Stádas
Roghnaigh Stádas chun féachaint ar eolas teicniúil faoin gcainéal
(más analóg nó digiteach é) nó faoin ngléas nasctha a bhfuil tú
ag féachaint air.
Liostaí cainéil
Na liostaí cainéil
Sna liostaí cainéil, is féidir leat gach cainéal teilifíse agus raidió
atá suiteáilte a aimsiú.
In aice leis an liosta cainéal Gach cainéal, a bhfuil gach cainéal
atá suiteáilte ann, is féidir leat liosta Ceanáin a shocrú suas,
féachaint ar na stáisiúin Raidió atá suiteáilte nó na cainéil atá
díreach curtha leis an liosta a fheiceáil i Nua.
Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh L LIST chun
na liostaí a oscailt.
Roghnaigh ceann de na liostaí cainéal.
I liosta cainéal, téigh go dtí cainéal nó go stáisiún raidió. Brúigh
OK nuair atá an deilbhín roghnaithe agat chun athrú go dtí an
cainéal nó éisteacht leis an stáisiún raidió.
D'fhéadfadh roinnt leathanach cainéal a bheith sa liosta cainéal.
Chun féachaint ar an gcéad leathanach eile nó ar an leathanach
roimhe sin, brúigh CH- nó CH+.
Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a athrú, brúigh
L LIST arís.
Marcáil mar shár-rogha
Sa liosta cainéal Gach cainéal, is féidir leat aon chainéal a shocrú
mar shár-rogha.
Téigh go dtí an cainéal sa liosta agus brúigh * Marcáil mar
shár-rogha. Cuirfear an cainéal leis an liosta Ceanáin cainéil.
Roghanna liosta cainéal
Ag brath ar an liosta cainéal ar an scáileán, brúigh o
OPTIONS chun na roghanna seo a leanas a roghnú:
• Digiteach / Analóg
• Saor / Scrofa
• Glasáil nó Díghlasáil
Logónna cainéal
Is féidir leis an teilifís logónna na gcainéal a thaispeáint i roinnt
tíortha. Mura bhfuil uait na logónna a bheith le feiceáil, is féidir
leat iad a chasadh as.
Chun Lógónna cainéal a chasadh as . . .
1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Lógónna cainéal agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Cainéil a athainmniú
Is féidir leat na cainéil i liosta na gcainéal a athainmniú.
1 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athainmniú i gceann
de liostaí na gcainéal - Gach ceann, Ceanáin, Raidió nó Nua.
2 - Brúigh *Athainmnigh. Is féidir leat téacs a chur isteach le
méarchlár an chianrialtáin nó an méarchlár ar an scáileán a
oscailt.
Le méarchlár an chianrialtáin
Chun carachtar a scriosadh, cuir an cursóir díreach taobh thiar
den charachtar agus brúigh # del.
Chun carachtar a chur isteach, brúigh an carachtar ar an
méarchlár.
Nuair atá tú réidh, brúigh Iontráil chun Déanta a roghnú.
Brúigh Iontráil arís chun an t-athainmniú a chríochnú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an méarchlár a úsáid,
brúigh * LIST agus déan cuardach do Cianrialtán, méarchlár.
Leis an méarchlár ar an scáileán.
Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt, cuir an cursóir sa
réimse téacs ainm agus brúigh OK.
Chun an carachtar roimh an gcursóir a scriosadh, brúigh *
Cúlspás.
Chun carachtar a chur isteach, roghnaigh an carachtar leis na
heochracha saighde agus brúigh OK.
Chun litreacha i gcás uachtair a roghnú, brúigh *.
Chun uimhreacha nó carachtair speisialta a roghnú, brúigh *.
Nuair atá tú réidh, brúigh b chun an méarchlár ar an scáileán
a dhúnadh.
Chun an t-athainmniú a chríochnú, roghnaigh Déanta agus
brúigh OK.
Teilifís / Cainéil teilifíse 27