User manual
1 - Brúigh h arís, roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus roghnaigh Socruithe
ginearálta > HbbTV agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Air agus brúigh OK.
4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Má tá uait rochtain ar leathanaigh HbbTV a sheachaint ar
chainéal ar leith, is féidir leat na leathanaigh HbbTV a bhlocáil
don chainéal sin amháin.
1 - Tiúin go dtí an cainéal a bhfuil uait na leathanaigh HbbTV a
bhlocáil.
2 - Brúigh o OPTIONS agus roghnaigh HbbTV ar an gcainéal
seo agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
Leathanaigh iTV
Oscail leathanaigh iTV
Tugann an chuid is mó de na cainéil a thairgeann HbbTV nó
iTV cuireadh duit an eochair (dhearg) * a bhrú nó an eochair
OK chun a gclár idirghníomhach a oscailt.
Gluaiseacht ar leathanaigh iTV
Is féidir leat na méaracha saighde agus dathanna, na méaracha
uimhreacha agus an eochair b a úsáid chun bogadh ar
leathanaigh iTV. Is féidir leat na heochracha x (Seinn), p (Cuir
ar sos) agus q (Stop) a úsáid chun féachaint ar fhíseáin laistigh
de leathanaigh iTV.
Téacs (Ríocht Aontaithe amháin)
Chun Téacs Digiteach a oscailt, brúigh TEXT. Brúigh b
chun é a dhúnadh.
Leathanaigh iTV a dhúnadh
Insíonn an chuid is mó de leathanaigh iTV duit an eochair atá le
húsáid chun dúnadh.
Chun dúnadh leathanach iTV a fórsáil, athraigh go dtí an chéad
chainéal teilifíse eile agus athraigh ar ais.
3.4
Eolaire teilifíse
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá sceidealta
ar do chainéil a fheiceáil leis an eolaire teilifíse. Taispeánfar
cainéil analógacha agus dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha
amháin, ag brath ar cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag
teacht. Ní bhíonn eolas eolaire teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas eolaire teilifíse a bhailiú do na cainéil
atá suiteáilte ar an teilifís (m.sh na cainéil a fhéachann tú orthu
le Féach ar Theilifís). Ní féidir leis an teilifís eolas eolaire teilifíse
a bhailiú do chainéil a fhéachtar orthu le glacadóir digiteach.
An Eolaire Teilifíse a Úsáid
Oscail an Eolaire Teilifíse
Oscail an t-eolaire teilifíse
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh GUIDE.
Brúigh GUIDE arís chun é a dhúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le haghaidh
eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an t-eolaire teilifíse.
D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a thógáil. Stóráiltear sonraí
an eolaire teilifíse sa teilifís.
Athraigh go clár
Athraigh go clár
Is féidir leat athrú go clár reatha ón eolaire teilifíse.
Chun clár a roghnú, úsáid na méaracha saighde chun ainm an
chláir a roghnú.
Gluais i dtreo na láimhe deise chun féachaint ar chláir atá
sceidealaithe níos deireanaí an lá sin.
Chun athrú go dtí an clár (cainéal), roghnaigh an clár agus brúigh
OK.
Féach ar shonraí cláir
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a fháil, brúigh i INFO.
Athraigh an lá
Athraigh an lá
Tá an t-eolaire teilfíse in ann cláir atá sceidealaithe do na
laethanta atá romhainn a thaispeáint (uasmhéid de 8 lá).
Má thagann eolas an eolaire teilifíse ón gcraoltóir, is féidir leat
CH+ a bhrú chun sceideal ceann de na laethanta amach anseo
a fheiceáil. Brúigh CH- chun filleadh ar an lá roimhe sin.
Mar rogha air sin, is féidir leat o OPTIONS a bhrú agus
Athraigh lá a roghnú.
Roghnaigh Lá Roimhe sin, Inniu nó An chéad lá eile agus
brúigh OK, chun lá an sceidil a roghnú.
Má thagann eolas an eolaire teilifíse ón Idirlíon, brúigh *
Roghnaigh lá.
Meabhrúchán a shocrú
Meabhrúchán a shocrú
Is féidir leat meabhrúcháin a shocrú chun foláireamh a thabhairt
duit ar an scáileán go bhfuil clár ar tí tosú.
Chun meabhrúchán a shocrú, roghnaigh an clár sa sceideal agus
brúigh an eochair dathanna atá ag Socraigh meabhrúchán.
Marcálfar an clár le clogê.
34 Teilifís / Eolaire teilifíse