User manual
Chun athrú díreach idir do chainéil ceanáin amháin le CH+
agus CH-, roghnaigh an liosta Ceanáin sa liosta cainéal agus dún
an liosta cainéal arís.
Tá dhá liosta ceanán ann, ceann amháin do chainéil teilifíse
agus ceann do chainéil satailíte.
Socraigh do liosta cainéal ceanán
Chun liosta na gcainéal is fearr leat a chumadh. . .
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh L LIST chun an
liosta cainéal a oscailt.
2 - Roghnaigh t do theilifís ar an roghchlár, nó Ò do
chainéil satailíte.
3 - Roghnaigh an liosta Ceanáin .
4 - Iarrfaidh an teilifís ort tosú ag cur cainéil leis an liosta
láithreach. Brúigh OK. Chun go leor athordaithe a sheachaint
níos deireanaí, roghnaigh na cainéil san ord a bhfuil siad uait sa
liosta.
5 - Chun cainéal a chur leis an liosta cainéal ceanán, roghnaigh
an cainéal agus brúigh OK. Is féidir leat cainéal eile a roghnú
ansin chun é a chur leis an liosta ceanán.
6 - Brúigh * Déanta chun críochnú.
Cainéil ceanán a chur leis an liosta nó a
bhaint as
Nuair atá do liosta cainéal ceanán cumtha agat, is féidir leat
cainéil a chur leis an liosta nó a bhaint as ina gceann agus ina
gceann. Nó is féidir leat an roghchlár Cuir leis/Bain ón liosta
ceanán a úsáid chun roinnt cainéal a chur leis an liosta nó a
bhaint as ag an am céanna.
Cuir leis nó bain cainéal amháin as an liosta
Nuair atá an liosta cainéal Gach Ceann, Raidió nó Nua ar an
scáileán, roghnaigh cainéal agus brúigh * chun é a mharcáil
nó a dhímharcáil mar cheanán. Cuirfear an cainéal leis an liosta
Ceanán nó bainfear as é.
Roinnt cainéal a chur leis an liosta nó a bhaint as
Chun an roghchlár Cuir leis/Bain as an Liosta Ceanán a oscailt. .
.
1 - Roghnaigh cainéal nuair atá an liosta cainéal Ceanán ar an
scáileán.
2 - Brúigh o OPTIONS agus roghnaigh Cuir leis/Bain as an
liosta ceanán agus brúigh OK. Roghnaigh cainéal sa liosta seo a
bhfuil gach cainéal ann agus brúigh OK chun an cainéal seo a
mharcáil nó a dhímharcáil mar chainéal ceanáin. Ní gá duit na
heochracha dathanna a úsáid. Roghnaigh an chéad chainéal eile
atá le marcáil nó le dímharcáil.
3 - Brúigh * Déanta chun críochnú. Cuirtear cainéil leis an
liosta cainéal Ceanán nó baintear as iad.
Ord na gcainéal ceanán a athrú
Ní féidir leat ach cainéil sa liosta Ceanán a athordú.
Chun cainéil a athordú . .
1 - I liosta na gcainéal Ceanán, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait
é a bhogadh sa liosta.
2 - Brúigh *Bog.
3 - Úsáid na heochracha saighde chun an cainéal a chur san áit
atá uait. Mar rogha air sin, is féidir leat an suíomh nua a chur
isteach go díreach leis na méaracha uimhreach.
4 - Brúigh OK chun an suíomh nua a dhearbhú nó brúigh *
Cealaigh. Is féidir leat cainéal eile a roghnú anois chun bogadh.
4.4
Cainéil satailíte a ghlasáil
Cainéal a ghlasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun nach mbeidh leanaí in ann
breathnú air. Ní mór duit an cód glais leanaí a bhfuil 4 uimhir
ann a chur isteach chun féachaint ar chainéal glasáilte.
Chun cainéal a ghlasáil . . .
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh L LIST chun an
liosta cainéal a oscailt.
2 - In aon liosta cainéal, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a
ghlasáil, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh Glasáil cainéal.
Marcáiltear cainéal glasáilte le glas ¬ sa liosta cainéal.
Chun cainéal a dhíghlasáil, roghnaigh cainéal glasáilte sa liosta
cainéal agus roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an cód glais
leanaí a chur isteach. Ní féidir clár a ghlasáil ó ghléas nasctha -
e.g. glacadóir digiteach nasctha.
Úsáid rátáil aoise
Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh ó bheith
ag féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach dá n-aois.
Tá rátáil aoise déanta ag roinnt craoltóirí digiteacha ar a gclár.
Nuair atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos airde ná an aois
atá socraithe agat mar rátáil aoise do do leanbh, glasálfar an clár.
I gcás roinnt oibritheoirí, glasálann an teilifís cláir a bhfuil rátáil
níos airde acu amháin.
Chun féachaint ar chlár atá glasáilte, ní mór duit an Cód glais
leanaí a bhfuil 4 uimhir ann a chur isteach. Tá an rátáil aoise
tuismitheoirí socraithe do gach cainéal.
Chun aois a shocrú. . .
1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe satailíte > Glas leanaí > Rátáil
tuismitheora agus brúigh OK.
3 - Cuir isteach cód glais leanaí a bhfuil 4 uimhir ann. Mura
bhfuil an cód socraithe agat fós, roghnaigh Socraigh cód agus
brúigh OK. Cuir isteach cód glais leanaí a bhfuil 4 uimhir ann
agus dearbhaigh. Is féidir leat rátáil aoise a shocrú anois.
4 - Socraigh aois do do leanbh agus brúigh OK.
5 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as, roghnaigh Gan aon
aois mar shocrú aoise.
48 Cainéil satailíte / Cainéil satailíte a ghlasáil