User manual
Leathanach tosaigh Smart TV
Is é leathanach tosaigh Smart TV a nascann leis an Idirlíon tú. Is
féidir leat scannáin a thógáil amach ar cíos ar líne, nuachtáin a
léamh, féachaint ar fhíseáin agus éisteacht le ceol, leathanach
do líonra sóisialta a oscailt (Facebook, Twitter, . . .) nó féachaint
ar chláir teilifíse nuair a fheileann sé duit le Teilifís Ar Líne.
Osclaíonn tú Feidhmchláir chun é seo a dhéanamh -
suíomhanna Idirlín atá curtha in oiriúint don teilifís. Nuair atá do
theilfís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat Smart TV a oscailt.
Oscail Smart TV
Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt, brúigh Smart TV.
Mar rogha air sin, is féidir leat h a bhrú, Smart TV a roghnú
agus OK a bhrú.
Nascann an teilfís leis an Idirlíon agus osclaíonn sé leathanach
tosaigh Smart TV. D'fhéadfadh sé seo roinnt soicind a thógáil.
1 - Ar do theilifís anois
2 - Do chuid Feidhmchlár
3 - App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
4 - Idirlíon
5 - Feidhmchláir Mholta
6 - Cuardaigh
7 - Méaracha dathanna le haghaidh rialaithe
Do chuid Feidhmchlár
Tosaíonn tú Feidhmchláir ó leathanach tosaigh Smart TV. Mura
bhfuil aon fheidhmchlár ar an leathanach tosaigh fós, is féidir
leat Feidhmchláir a chur leis ón App gallery (gailearaí na
bhFeidhmchlár).
Tá liosta do chuid Feidhmchlár in ann a bheith roinnt
leathanach ar fad. Úsáid na méaracha saighde chun dul go dtí an
chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin. Mar rogha
air sin, brúigh CH+ (An chéad leathanach eile) nó CH- (An
leathanach roimhe sin).
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
Gheobhaidh tú gach Feidhmchlár atá ar fáil san App gallery
(gailearaí na bhFeidhmchlár).
Idirlíon
Osclaíonn an Feidhmchlár Idirlín an Gréasán Domhanda ar do
theilifís.
Is féidir leat féachaint ar aon suíomh gréasáin ar an Idirlíon ar do
theilifís ach níl an chuid is mó acu feiliúnach do scáileán na
teilifíse.
- Tá roinnt breiseán (m.sh. chun féachaint ar leathanaigh nó ar
fhíseáin) nach bhfuil ar fáil ar do theilifís.
- Taispeántar leathanaigh Idirlín mar leathanach amháin ag aon
am amháin agus líonann siad an scáileán.
Feidhmchláir mholta
Tairgeann Philips raon Feidhmchlár atá molta do do thír san
fhuinneog seo, Feidhmchláir do theilifís Ar Líne nó raon
scannán ar féidir iad a thógáil amach ar cíos ó shiopaí Físeán. Is
féidir leat iad a roghnú agus a oscailt ó fhuinneog na
bhFeidhmchlár Molta.
Cuardaigh
Is féidir leat an App gallery (gáilearaí na bhFeidhmchlár) a
chuardach le haghaidh Feidhmchláir ábhartha le Cuardaigh.
Cuir isteach eochairfhocal sa réimse téacs, roghnaigh l agus
brúigh OK chun an cuardach a thosú. Is féidir leat ainmneacha,
teidil, seánraí agus eochairfhocail tuairisciúla a chur isteach don
chuardach.
Mar rogha air sin, is féidir leat an réimse téacs a fhágáil folamh
agus cuardach a dhéanamh do na cuardaigh/eochairfhocail is mó
a bhfuil tóir orthu i raon catagóirí. Sa liosta eochairfhocal a
aimsíodh, roghnaigh eochairfhocal agus brúigh OKchun
cuardach a dhéanamh do mhíreanna a bhfuil an eochairfhocal
sin iontu.
Sa liosta Feidhmchlár ar leathanach tosaigh Smart TV is féidir
leat . . .
Feidhmchlár a bhaint as
Chun Feidhmchlár a bhaint as leathanach tosaigh Smart TV,
roghnaigh deilbhín an Fheidhmchláir agus brúigh *Bain as.
Feidhmchlár a bhogadh
Chun suíomh Feidhmchláir a bhogadh sa liosta, roghnaigh
deilbhín an Fheidhmchláir, brúigh *Bog agus úsáid na
méaracha saighde chun suíomh an Fheidhmchláir a bhogadh.
Brúigh OK chun an suíomh a dhearbhú.
Feidhmchlár a ghlasáil
Chun Feidhmchlár a ghlasáil, roghnaigh deilbhín an
Fheidhmchláir agus brúigh * Glasáil.
Nuair a ghlasálann tú Feidhmchlár, ní mór duit an cód PIN 4
digit a shocraigh tú don rialachán Tuismitheoirí nuair a
chumraigh tú Smart TV a chur isteach. Marcáltar Feidhmchlár
atá glasáilte sa liosta le glas ¬.
Chun Feidhmchlár a díghlasáil, roghnaigh deilbhín an
Fheidhmchláir agus brúigh *Díghlasáil. Ní mór duit an cód
PIN 4 digit a chur isteach chun é a díghlasáil.
Aiseolas maidir le Feidhmchlár
Roghnaigh an Feidhmchlár agus brúigh * Aiseolas chun
cnaipe 'taitníonn' nó 'ní thaitníonn' a roghnú agus moladh nó
tuairim a sheoladh chugainn. Is féidir leat freisin scéal a chur
chugainn maidir le mífheidhm Feidhmchláir.
Oscail Smart TV
Chun an leathanach tosaigh Smart TV a dhúnadh, brúigh h
agus roghnaigh gníomhaíocht eile.
Smart TV / Feidhmchláir Smart TV 57