User manual
Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht
maidir le hábhar nó caighdeán an ábhair atá curtha ar fáil ag na
soláthróirí seirbhíse ábhar.
Feidhmchláir a úsáid
Ní mór duit Feidhmchlár a chur le do liosta Feidhmchlár ar
leathanach tosaigh Smart TV ar dtús chun é a thosú.
Is féidir leat Feidhmchláir a chur le do liosta ón App gallery
(gailearaí na bhFeidhmchlár).
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
Tá gach Feidhmchlár atá ar fáil san App gallery (gailearaí na
bhFeidhmchlár). Taispeánann gailearaí na bhFeidhmchlár
Feidhmchláir i liostaí a bhaineann le tíortha.
Chun an App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) a oscailt,
roghnaigh deilbhín an App gallery ar leathanach tosaigh Smart
TV agus brúigh OK.
San App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár), úsáid na méaracha
saighde chun míreanna ar an leathanach a roghnú.
Chun féachaint ar na Feidhmchláir in ord catagóire, brúigh *
Gach Feidhmchlár, roghnaigh catagóir agus brúigh OK.
Chun féachaint ar na Feidhmchláir ó thír eile, brúigh * Tír,
roghnaigh tír agus brúigh OK.
Chun Feidhmchlár a ghlasáil, roghnaigh deilbhín an
Fheidhmchláir agus brúigh * Glasáil.
Nuair a ghlasálann tú Feidhmchlár, ní mór duit an cód PIN 4
digit a shocraigh tú don rialachán Tuismitheoirí nuair a
chumraigh tú Smart TV a chur isteach. Marcáltar Feidhmchlár
atá glasáilte sa liosta le glas ¬.
Chun Feidhmchlár a díghlasáil, roghnaigh deilbhín an
Fheidhmchláir agus brúigh *Díghlasáil. Ní mór duit an cód
PIN 4 digit a chur isteach chun é a díghlasáil.
Chun filleadh ar an leathanach tosaigh Smart TV, brúigh L
LIST nó b.
Cuir Feidhmchlár le do liosta
San App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár), roghnaigh deilbhín
an Fheidhmchláir agus brúigh OK.
Roghnaigh Lean ar aghaidh agus brúigh OK.
Mar rogha air sin, roghnaigh Cuir leis an liosta agus bog chun é
a chur isteach agus an Feidhmchlár a chur láithreach san áit a
bhfuil sé uait i do liosta.
Tosaigh Feidhmchlár
Chun Feidhmchlár a thosú, brúigh h agus roghnaigh Smart
TV.
Ar an leathanach tosaigh, roghnaigh deilbhín Feidhmchláir agus
brúigh OK.
Brúigh b i bhFeidhmchlár chun dul siar céim nó leathanach
amháin.
Athlódáil leathanach Feidhmchláir
Murar athlódáil leathanach Feidhmchláir i gceart, brúigh o
OPTIONS agus roghnaigh Athlódáil chun an leathanach a
athlódáil.
Zúmáil
Is féidir leat zúmáil iseach ar leathanach Feidhmchláir.
Chun leathanach a zúmáil, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh
Zúmáil leathanach.
Úsáid an barra sleamhnáin chun an leibhéal zúmála a shocrú.
Téigh ar ais go dtí an gnáthamharc tríd an mbarra sleamhnáin a
athshocrú.
Féach ar eolas slándála
Is féidir leat leibhéal slándála leathanach Feidhmchláir a
sheiceáil.
Brúigh o OPTIONS ar leathanach Feidhmchláir agus roghnaigh
Eolas slándála. Má tá glas¬ ar taispeáint in aice leis an
mbeochan lódála ag bun an scáileáin nuair atá an leathanach á
lódáil, tá an t-aistriú slán.
Feidhmchlár a dhúnadh
Chun Feidhmchlár a dhúnadh agus filleadh ar leathanach tosaigh
Smart TV, brúigh Smart TV.
Feidhmchláir d'Fhíseáin ar cíos
Is féidir leat an scannán is fearr leat a thógáil amach ar cíos ó
shiopa físeáin ar cíos leis na Feidhmchláir siopa físeán in Smart
TV. Is féidir leat íoc go sábháilte le do chárta creidmheasa.
Scannán a thógáil amach ar cíos
1 - Oscail Feidhmchlár Siopa Físeán i do liosta Feidhmchlár nó
roghnaigh físeán atá molta ar leathanach tosaigh Smart TV.
2 - Roghnaigh scannán.
3 - Íoc ar líne.
4 - Íoslódáil an físeán.
5 - Tosaigh ag féachaint. Is féidir leat na heochracha x (Seinn)
agus p (Cur ar sos) a úsáid.
Iarrfaidh formhór na siopaí físeán ort cuntas a chruthú chun
logáil isteach.
Físeán sruthaithe
Is féidir leat féachaint ar scannáin ar cíos a seoltar i bhformáid
físe sruthaithe leis an teilifís seo. Is féidir leat féachaint ar an
scannán beagnach ar an toirt. Nuair atá sruthú físe á úsáid ag an
siopa físeán, d'fhéadfadh Diosca Crua USB a bheith ag teastáil
uait chun roinnt maoláin físeáin a stóráil. Is féidir leat scannán ar
cíos a sheoladh le fís-sruthú a chur ar sos nó a thosú arís.
Má tá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat scannáin ar
cíos a íoslódáil ó shiopaí físeán a thairgeann íoslódáil scannán
amháin. Is féidir leat scannán ar cíos atá íoslódáilte agat a chur
ar sos nó a thosú arís.
Téigh i gcomhairle leis an siopa físeán maidir le fad cíosa
scannán ar cíos.
Trácht Idirlín
Má shruthaíonn nó má íoslódálann tú go leor físeán, d'fhéadfá
gabháil thar do theorainn tráchta Idirlín mhíosúil.
Teilifís ar líne
Is féidir leat féachaint ar chláir teilifíse atá caillte agat nó ag an
am is fearr a fheileann duit leis an bhFeidhmchlár Teilifís Ar
Líne ar leathanach tosaigh Smart TV*.
Oscail Teilifís Ar Líne
Chun an Feidhmchlár Teilifíse Ar Líne a oscailt, brúigh h agus
roghnaigh Smart TV.
58 Smart TV / Feidhmchláir Smart TV