User manual
2
Suiteáil
2.1
Seastán teilifíse agus gléasadh
balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat treoracha gléasta na teilifíse a fháil sa Treoir
Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir
seo a íoslódáil ó www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh balla
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá
oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh
balla á cheannach agat . . .
VESA MIS-F 400x400,M6
Chun an brac a fheistiú go daingean, úsáid fad scriú mar a
thaispeántar sa léaráid.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an
mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe
tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na
teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na
teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh
tú an teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht as
gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú
mar thoradh air.
2.2
Leideanna maidir le láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil an solas ag lonrú go díreach ar
an scáileán.
• Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don
éifeacht Ambilight.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an fad is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná
trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí,
ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an
scáileáin.
2.3
Cábla cumhachta
Cuir an cábla cumhachta isteach i soicéad POWER na teilifíse.
Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go
daingean sa teilifís.
Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga
cumhachta sa soicéad balla.
Nuair atá an cábla cumhachta á dínascadh agat, tarraing an pluga
i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís
seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta
chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar
feadh tréimhse fada.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Fuireachas chun
tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi an teilifís a chasadh air
agus as.
2.4
Aeróg
Aimsigh an nasc aeróige ar chúl na teilifíse. Cuir isteach cábla
na haeróige go daingean i soicéad Aeróga.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le
comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige (atá coitianta i
réigiúin áirithe). Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus
DVB-C.
6 Suiteáil / Aeróg