User manual
Moill scáileáin
Isteach is amach le 1 soicind an ghnáthmhoill nuair atáthar ag
roinnt scáileán le Miracast. D'fhéadfadh an mhoill a bheith níos
faide má tá gléasanna/ríomhairí níos sine in úsáid agat a bhfuil
níos lú cumhacht próiseála acu.
Sonraí
• Tá Miracast ar an teilifís seo faoi réir ag an bprótacal HDCP
agus ní féidir leis ábhar atá faoi chosaint atá seolta ag gléas a
thaispeáint.
• Is é 720p an taifeach físe is airde a thacaítear leis.
6.4
Ilseomra
Céard é Ilseomra?
Is féidir leat cainéil teilifíse digiteacha a sheoladh - a shruthú - ó
theilifís Philips eile go dtí an teilifís seo le Ilseomra. Is féidir leat
aon chainéal teilifíse digiteach a shruthú ón teilifís eile, nó
cainéil ó chárta cliste a mbaineann suibscríbhinn leis. Má tá tú
in ann féachaint ar an gcainéal digiteach ar an teilifís eile, is féidir
leat féachaint air ar an gceann seo. Mura bhfuil nasc aeróige agat
sa seomra ina bhfuil an teilifís seo, is féidir leat Ilseomra a úsáid
chun féachaint ar na cainéil digiteacha ar an teilifís eile.
Má chríochnaíonn uimhir cineáil an dá theilifís le hocht m.sh.
(méid an scáileáin) PFLxxx8, is féidir leat an teilifís eile a
chasadh air leis an teilifís seo má tá sé i staid fuireachais.
Chomh maith leis sin, is féidir leat féachaint ar thaifeadtaí ar an
teilifís seo a rinneadh ar an teilifís eile agus atá stóráilte ar a
HDD nasctha.
Nuair a shruthaíonn tú cainéal teilifíse le hIlseomra, laghdóidh
sé an taifeach ó HD go SD.
Ní féidir leat cainéil raidió (fuaim amháin) a shruthú.
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Ní mór don teilifís eile freastal mar fhoinse cainéil teilifíse chun
go mbeifear in ann cainéil teilifíse a shruthú ó theilifís Philips
eile agus chun féachaint orthu. Ní mór don dá teilifís a bheith
nasctha le do líonra baile gan sreang.
I gCabhair, léigh an chaibidil Líonra i Suiteáil chun an teilifís seo
a nascadh le do líonra baile.
Má chríochnaíonn uimhir chineál na teilifíse Philips eile le
seacht m.sh. (méid an scáileáin) PFLxxx7 agus má tá na
bogearraí is deireanaí aige, tá tú réidh.
Léigh an chaibidil faoi Nuashonrú bogearraí i gCabhair ar an
teilifís eile chun a bogearraí teilifíse a nuashonrú.
Cas air ó fhuireachas
Má chríochnaíonn uimhir cineáil an dá theilifís le hocht m.sh.
(méid an scáileáin) PFLxxx8, is féidir leat an teilifís eile a
chasadh air leis an teilifís seo má tá sé i staid fuireachais. Bí
cinnte go gcasann tú air an socrú Cas air le Wi-Fi ar an teilifís
eile.
Chun Cas air le Wi-Fi a chasadh air, brúigh h, roghnaigh S
Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe líonra > Cas air
le Wi-Fi agus roghnaigh Air agus brúigh OK.
Má chomhlíontar gach coinníoll ar an dá theilifís, is féidir leat
Ilseomra a úsáid.
Ag úsáid Ilseomra
Úsáid den chéad uair
Nuair a thosaíonn tú Ilseomra den chéad uair, cas air an dá
theilifís.
Chomh luath is a bheidh nasc déanta idir an teilifís seo agus an
teilifís eile, beidh an ceann eile le feiceáil go huathoibríoch sa
líonra Brabhsála fiú nuair atá sé ar fuireachas.
Cainéal teilifíse a shruthú
Is féidir leat féachaint ar an gcainéal teilifíse reatha le hIIlseomra
nó liosta cainéal na teilifíse eile a oscailt. Má roghnaíonn tú
cainéal ón liosta, athróidh an teilifís eile go dtí an cainéal atá
roghnaithe agat. Má tá tiúnóir satailíte ionsuite ag an teilifís eile
agus cainéil suiteáilte nó Tiomántán Crua (HDD) a bhfuil
taifeadtaí air*, is féidir leat féachaint orthu sin freisin ar an teilifís
seo. Ní féidir leat cainéil a athrú nuair atá an teilifís eile i mbun
taifeadta, i mód Cuir Teilifís ar Sos nó i mbun úsáide Skype.
Chun cainéal teilifíse a shruthú agus féachaint air ón teilifís eile .
. .
1 - Bí cinnte go bhfuil an teilifís eile i staid fuireachais* nó casta
air.
2 - Brúigh c SOURCE ar an teilifís seo, roghnaigh Brabhsáil
líonra agus brúigh OK.
3 - Mura bhfuil an teilifís nasctha le do líonra baile fós, tosóidh
an tsuiteáil líonra go huathoibríoch. Má tá an teilifís nasctha
cheana féin, gabh ar aghaidh go dtí céim 4.
4 - Sa roghchlár Brabhsáil líonra, roghnaigh ainm na teilifíse eile
agus brúigh OK. Má tá go leor teilifíseanna i do theach agat,
d'fhéadfá a bheith ag iarraidh ainm na teilifíse eile a athrú. Is
féidir leat é sin a dhéanamh ar an teilifís féin.
5 - Roghnaigh a bhfuil uait féachaint air ón teilifís eile. . .
• Chun féachaint ar chainéal reatha na teilifíse eile, roghnaigh
Cainéal reatha agus brúigh OK.
• Chun liosta cainéal na teilifíse eile a oscailt, roghnaigh Féach
ar theilifís agus brúigh x (Deas).
• Chun liosta cainéal satailíte na teilifíse eile a oscailt, roghnaigh
Féach ar Shatailít agus brúigh x (Deas).
62 Smart TV / Ilseomra