User manual
• Chun liosta na dtaifeadtaí* ar an teilifís eile a oscailt,
roghnaigh Féach ar thaifeadtaí agus brúigh x (Deas).
• Is féidir leat cainéil a athrú le CH+ agus CH-. Ní féidir leat
cainéil a athrú nuair atá an teilifís eile i mbun taifeadta, i mód
Cuir teilifís ar sos nó i mbun úsáide Skype.
* Chun an teilifís eile a chasadh air ó fhuireachas nó chun
féachaint ar a taifeadtaí ó HDD nasctha, ní mór uimhir cineáil a
chríochnaíonn le hocht a bheith ag an dá theilifís, m.sh. (méid
an scáileáin) PFLxxx8.
Ainm na teilifíse
Chun ainm na teilifíse a athrú, brúigh h > Suiteáil >
Socruithe líonra > Ainm líonra na teilifíse.
6.5
Cuir teilifís ar sos
Is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos agus tosú ag
breathnú air arís ina dhiaidh sin. Ní féidir ach cainéil dhigiteacha
teilifíse a chur ar sos. Ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
chun an craoladh a mhaolánú. Is féidir leat an craoladh a chur ar
sos ar feadh 90 nóiméad ar a mhéid.
In Cabhair, brúigh * List agus déan cuardach do Diosca
Crua USB, suiteáil chun tuilleadh eolais a fháil.
Craoladh a chur ar sos nó a atosú
Chun craoladh a chur ar sos, brúigh p (Cuir ar sos). Beidh
barra dul chun cinn le feiceáil ar an scáileán ar feadh roinnt
soicind.
Chun an barra dul chun cinn a thaispeáint ar an scáileán arís,
brúigh p (Cuir ar sos) arís.
Brúigh x (Seinn) chun tosú ag breathnú arís. Tugann an
deilbhín ar an scáileán le fios go bhfuil tú ag breathnú ar
chraoladh atá curtha ar sos.
Ar ais ag an gcraoladh teilifíse féin
Brúigh q (Stop) chun filleadh ar an gcraoladh teilifíse féin.
Chomh luath is a a athraíonn tú go cainéal digiteach, tosaíonn
an Diosca Crua USB ag maolánú an chraolta. Nuair a athraíonn
tú go cainéal digiteach eile, déantar maolánú ar chraoladh an
chainéil nua agus glantar craoladh an tseanchainéil. Nuair a
athraíonn tú go gléas nasctha (seinnteoir Diosca Blu-ray nó
glacadóir digiteach), cuireann an Diosca Crua USB deireadh leis
an stóráil agus glantar an craoladh. Chomh maith leis sin, nuair
a athraíonn tú an teilifís go fuireachas, glantar an craoladh atá
stóráilte.
Nuair atá clár á thaifeadadh ar Dhiosca Crua USB, ní féidir leat
craoladh a chur ar sos.
Athsheinm ar an toirt
Nuair atá tú ag féachaint ar chraoladh ó chainéal teilifíse digití, is
féidir leat an craoladh a athsheinnt ar an toirt go héasca.
Chun an 10 soicind deireanacha de chraoladh a athsheinnt,
brúigh p (Cuir ar sos) agus brúigh w (Clé).
Is féidir leat w a bhrú arís agus arís eile go dtí go sroichfidh tú
tús an mhaoláin chraolta nó an t-uas-achar ama.
Barra dul chun cinn
Nuair atá an barra dul chun cinn le feiceáil ar an scáileán, brúigh
! (Atochrais) nó brúigh ‹ (Ar Aghaidh) chun an áit a bhfuil
tú ag iarraidh tosú ag féachaint ar an gcraoladh atá curtha ar sos
a roghnú. Brúigh na heochracha seo arís agus arís eile chun a
luas a athrú.
Sonraí
• Níl an fhuaim (tráchtaireacht) don Chur Síos Fuaime dóibh
siúd a bhfuil lagú amhairc orthu ar fáil le haghaidh a
hathsheinnte in Cuir Teilifís ar sos nó Taifeadadh.
• Is féidir leat fotheidil dhigiteacha (DVB) cainéil a mhaolánú. Ní
féidir leat fotheidil a thagann ó sheirbhísí Téacs a mhaolánú.
Chun seiceáil an bhfuil fáil ar fhotheidil dhigiteacha (DVB),
tiúináil go dtí an cainéal teilifíse agus brúigh o OPTIONS,
roghnaigh L Options sa roghchlár agus roghnaigh Teanga
fotheideal chun liosta na bhFotheideal a oscailt. Ní féidir ach
teanga fotheideal a bhfuil an deilbhín DVB roimhe a mhaolánú.
6.6
Taifeadadh
Clár a thaifead
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Chun clár teilifíse a thaifead, teastaíonn . . .
• Tiomántán Diosca Crua USB nasctha ar an teilifís seo
• cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo (na
cainéil a bhféachann tú orthu le Féach ar theilifís)
• chun eolas cainéil a fháil ón eolaire teilifíse ionsuite (ón
gcraoltóir nó ón Idirlíon)
In Cabhair, brúigh * Liosta agus cuardaigh Diosca Crua
USB, suiteáil chun Diosca Crua USB a shuiteáil.
Taifead anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air a thaifeadadh, brúigh r
(Taifeadadh) ar an gcianrialtán.
Smart TV / Taifeadadh 63