User manual
6.7
Feidhmchlár MyRemote
Maidir leis an bhFeidhmchlár MyRemote
A bhfuil an Feidhmchlár seo in ann a dhéanamh
Tá an Feidhmchlár MyRemote agus an teilifís seo in ann na
rudaí seo a leanas a dhéanamh . . .
• Smacht - d'fhón cliste nó do thaibléad a úsáid mar chianrialtán
teilifíse
• SimplyShare - grianfhraif, ceol agus físeáin a roinnt ó d'fhón
cliste nó do thaibléad
• Eolaire teilifíse- féach ar an sceideal teilifíse agus athraigh an
teilifís go dtí an cainéal atá uait
• Taifeadadh MyRemote - taifead a sceidealú san eolaire
teilifíse le d'fhón cliste nó do thaibléad
• Scáileán cliste Wi-Fi - féach ar chainéal teilifíse ar d'fhón cliste
nó do thaibléad
Tá an Feidhmchlár MyRemote v4.x ar fáil don iPhone, iPad agus
don Android™. D'fhéadfadh feidhmeanna an Fheidhmchláir
MyRemote athrú ag brath ar leagan agus ar chóras oibriúcháin
an ghléis shoghluaiste.
Tá sé saor in aisce
Is féidir leat an Feidhmchlár MyRemote a íoslódáil in aisce.
Má tá uait na feidhmeanna a bhaineann le scáileán cliste Wi-Fi
a chur leis, d'fhéadfadh costas beag a bheith i gceist.
Teangacha
Tá na teangacha seo a leanas ar fáil san Fheidhmchlár
MyRemote: Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Spáinnis,
Portaingéilis, Ollainnis agus Rúisis.
Mura bhfuil an teanga atá socraithe ar do ghléas soghluaiste ar
cheann de na teangacha sin, athrófar teanga an Fheidhmchláir
MyRemote ar ais go Béarla.
Tá an Feidhmchlár MyRemote á fhorbairt ar bhonn leanúnach.
Beidh feidhmeanna nua ag na leaganacha a bheidh ann sa
todhchaí agus beidh fáil orthu de réir a chéile. Coinnigh súil ar
na nuashonruithe don Fheidhmchlár MyRemote a bhíonn ar fáil
sna siopaí Feidhmchlár.
Is trádmharcanna de chuid Apple Inc. Apple, iPhone and iPad,
agus iad cláraithe sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile.
Trádmharc de chuid Google Inc. Android.
Trádmharc de chuid Google Inc. Google Play.
An Feidhmchlár a úsáid ar theilifíseanna eile Philips
Feidhmchlár MyRemote le teilifíseanna eile
Is féidir leat an Feidhmchlár MyRemote a úsáid ar mhúnlaí
teilifíse a tógadh ón mbliain 2009 ar aghaidh.
Más múnla na bliana 2009 do theilifís, ní mór duit bogearraí na
teilifíse a nuashonrú agus JointSpace a ghníomhachtú. Má tá
múnla na bliana 2010 agat, níl le déanamh agat ach JointSpace a
ghníomhachtú ar an teilifís. Tá múnlaí na mblianta 2011 agus
ina dhiaidh sin réidh chun an Feidhmchlár MyRemote a úsáid.
Seiceáil uimhir cineáil na teilifíse chun an bhliain inar tógadh an
teilifís a dhearbhú (m.sh. xxPFLxxx4). Más '4' uimhir
dheireanach do theilifíse, is múnla na bliana 2009 do theilifís.
Más '5' an uimhir dheireanach, is múnla na bliana 2010 do
theilifís. '6' atá ann don bhliain 2011, '7' don bhliain 2012 agus
'8' don bhliain 2013.
Do ghréasán
Líonra Baile
Líonra Baile
Ní mór do theilifís, d'fhón cliste, do thaibléad agus do ríomhaire
a bheith nasctha le do líonrabaile chun leas a bhaint as an
bhfeidhmchlár MyRemote.
Chun an teilifís a nascadh le do líonra baile . . .
1 - Nasc do ródaire líonra leis an Idirlíon, mura bhfuil sé
nasctha fós (nasc Idirlín leathanbhanda).
2 - Nasc an teilifís le do ródaire líonra. Is féidir leat é seo a
dhéanamh gan sreang nó ar bhonn sreangaithe.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Líonra, gan sreang
nó Líonra, sreangaithechun tuilleadh eolais a fháil.
Bogearraí freastalaí meán
Bogearraí freastalaí meán
Má tá uait féachaint ar do ghrianghraif, nó do cheol nó d'fhíseáin
ar do ríomhaire a sheinnt ar an teilifís, beidh ort bogearraí
freastalaí meán a shuiteáil ar do ríomhaire. Suiteáil na bogearraí
freastalaí meán seo chun do chomhaid a roinnt ar do líonra
baile.
In Cabhair, brúigh * List agus déan cuardach do Freastalaithe
meán, tacaithe chun liosta na mbogearraí freastalaí méan atá
comhoiriúnach leis an teilifís a fháil.
Smart TV / Feidhmchlár MyRemote 65