User manual
7
Skype
7.1
Céard é iTV?
Is féidir leat glaonna físeáin a dhéanamh ar do theilifís saor in
aisce le Skype™. Is féidir leat glaoch ar do chairde agus iad a
fheiceáil áit ar bith ar domhan. Labhair le do chairde agus tú ag
féachaint orthu ar scáileán mór do theilifíse.
Ní mór don teilfís a bheith nasctha leis an Idirlíon sula féidir
leat Skype a shocrú suas. Is féidir leat do theilfís a nascadh gan
sreang nó le sreang.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi do theilifís a nascadh
leis an Idirlíon, brúigh * List agus déan cuardach do Líonra,
gan sreang.
Cuntas Skype
Chun Skype a úsáid, ní mór duit cuntas Skype a chruthú duit
féin nó do do theaghlach. Is féidir leat cuntas nua Skype a
chruthú ar do theilifís nó ar do ríomhaire.
Creidmheas Skype nó Subscríbhinní Skype
Ar chostas beag, is féidir leat glaoch ar fhóin nó ar fhóin
shoghluaiste le Skype. Is féidir leat do ríomhaire a úsáid chun
Creidmheas Skype a cheannach nó suibscríbhinn Skype a
thógáil ag www.skype.com
7.2
Tosaigh Skype
Ceamara agus micrifón
Tá ceamara agus micrifón ionsuite ag an teilifís seo. Tá siad
lonnaithe ar thaobh na láimhe deise den fhocalmharc. Má tá an
ceamara casta air, lasfar táscaire gorm. Ní féidir le Skype ach na
callairí teilifíse a úsáid agus casfaidh sé air i gcónaí iad.
Chun scannánaíocht thionóisceach a chosc, is féidir leat lionsa
an cheamara a chlúdach leis an doras beag sleamhnáin. Aimsigh
an sleamhnán beag faoin gceamara. Sleamhnaigh ar chlé chun
an lionsa a chlúdach nó ar dheas chun an clúdach a bhaint de.
Is féidir leat an ceamara a thástáil nó an leibhéal zúmála a
shocrú sna socruithe Skype.
Sínigh isteach - Cuntas nua
Nuair atá an teilifís nasctha leis an Idirlíon agus an ceamara
teilifíse gléasta nó ionsuite, is féidir leat Skype a thosú ar do
theilifís.
Chun an leathanach sínithe isteach a oscailt ar Skype, brúigh
h chun an roghchlár Baile a oscailt, roghnaigh Skype agus
brúigh OK.
Cuir isteach d'Ainm Skype agus do Phasfhocal, roghnaigh
Sínigh isteach agus brúigh OK. Osclóidh an roghchlár Skype ar
an scáileán.
An bhfuil d'Ainm Skype nó do phasfhocal dearmadtha agat?
Tosaigh Skype ar do ríomhaire chun pasfhocal sealadach a fháil
ó Skype.
Cruthaigh cuntas nua
Mura bhfuil Ainm Skype nó Pasfhocal agat fós, is féidir leat
cuntas nua a chruthú ar an leathanach sínithe isteach ar an
teilifís.
1 - Ar an leathanach sínithe isteach, roghnaigh Cuntas nua agus
brúigh OK.
2 - Cruthaigh do chuntas nua.
- Ainm iomlán
Cuir isteach d'ainm iomlán.
- Ainm Skype
Cuir isteach ainm mar d'Ainm Skype. Taispeánfar d'Ainm
Skype sa liosta Úsáideoirí Skype eile. Ní mór litir i gcás uachtair
nó íochtair a bheith ag tús Ainm Skype. Ní mór idir 6 agus 32
carachtar a bheith ann agus d'fhéadfadh uimhreacha a bheith
ann. Ní féidir spás a bheith in Ainm Skype.
- Pasfhocal
Cuir isteach do phasfhocal. Ní mór idir 6 agus 20 carachtar a
bheith ann agus teastaíonn ar a laghad litir amháin nó uimhir
amháin. Ní féidir aon charachtar speisialta a bheith ann, cosúil
le trádmharc, urchar nó comhartha an euro. Ní féidir spás a
bheith i bpasfhocal Skype.
- Ríomhphost
Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist.
3 - Léigh agus glac le Téarmaí Úsáide Skype.
4 - Más rud é gur glacadh le do chuntas nua, tá tú sínithe
isteach.
70 Skype / Tosaigh Skype