User manual
Chun é a díghníomhachtú, brúigh h agus roghnaigh S
Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas as
amadóir agus athraigh an barra sleamhnáin go 0.
Córas Amharclainne Baile (HTS)
Nasc
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a
nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh
nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil
aon nasc HDMI ag an ngléas.
HDMI ARC
Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne Baile, is
féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid chun nascadh.
Soláthraíonn gach nasc HDMI ar an teilifís an comhartha Cainéal
Fillte Fuaime (ARC). Ach nuair a bheidh an Córas
Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir leis an teilifís ach an
comhartha ARC a sheoladh go dtí an nasc HDMI seo.
Ní theastaíonn uait an cábla fuaime breise a nascadh nuair atá
HDMI ARC ann. Bíonn an dá chomhartha ann sa nasc HDMI
ARC.
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne
Baile, úsáid cábla fuaime optúil chun fuaim na teilifíse a
sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile DVD chun go mbeidh an fhuaim agus an
fhís ag meaitseáil a chéile. Nuair nach mbíonn siad ag
meaitseáil, bíonn sé le tabhairt faoi deara nuair a bhíonn daoine
ag caint, agus tá an abairt críochnaithe acu sula stopann a liopaí
ag bogadh nó an bealach eile thart.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh sioncronú Fuaime
go Físe chun tuilleadh eolais a fháil.
Socraithe d'Fhuaim Amach
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an
teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an
fhuaim ón HTS sioncronaithe. Nuair nach mbíonn siad ag
meaitseáil, bíonn sé le tabhairt faoi deara nuair a bhíonn daoine
ag caint, agus tá an abairt críochnaithe acu sula stopann a liopaí
ag bogadh, nó an bealach eile thart.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físeBíonn an sioncronú
fuaime go físe sioncronaithe go huathoibríoch leis na Córais
Amharclainne Baile is nua ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí
ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go
mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a mhionathrú chun an
fhuaim a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an
gCóras Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr
agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag
teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais Amharclainne Baile.
Beidh ort an mhoill ar Fhuaim amach ar an teilifís a chasadh as
nuair atá luach moille socraithe ar an gCóras Amharclainne
Baile.
Chun an mhoill ar Fhuaim amach a chasadh as . . .
1 - Brúigh h agus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe >
Moill ar Fhuaim Amach.
3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne
Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a
shioncronú. Is féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann
cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras
Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil.
Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 5ms. Is -60ms an
socrú is airde. Ba cheart an socrú Moill ar Fhuaim Amach a
chasadh air.
Chun an fhuaim ar an teilifís a shioncronú. . .
1 - Brúigh h agus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe >
Seach-chur Fuaim Amach.
3 - Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a
shocrú agus brúigh OK.
Suiteáil / Nasc gléasanna 13