User manual
1 - Eochair feidhme - Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a
chlóscríobh.
2 - ( Iomlaoid - Chun litreacha a chlóscríobh i gcás
uachtair.
3 - y Spásbharra
4 - Saigheada nascleanúna.
5 - Iontráil - Chun an téacs a chur tú isteach a dhearbhú.
6 - Cúlspás - Scriosann sé an carachtar roimh an gcursóir téacs.
7 - Ω Carachtar speisialta - Chun an méarchlár ar an scáileán a
oscailt chun litreacha a bhfuil aicinn orthu nó siombailí a roghnú.
8 - Litreacha Azerty - Na litreacha atá ar fáil má athraítear
leagan amach an mhéarchláir go Azerty sa roghchlár Suiteáil.
* Tá méarchlár Qwerty / Azerty nó Qwerty / Coireallach ar do
chianrialtán, ag brath ar do réigiún.
Qwerty agus Coireallach
Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Coireallach.*
1 - Eochair feidhme - Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a
chlóscríobh.
2 - ( Iomlaoid - Chun litreacha a chlóscríobh i gcás
uachtair.
3 - y Spásbharra
4 - Saigheada nascleanúna.
5 - Iontráil - Chun an téacs a chur tú isteach a dhearbhú.
6 - Cúlspás - Scriosann sé an carachtar roimh an gcursóir téacs.
7 - Ω Carachtar speisialta - Chun an méarchlár ar an scáileán a
oscailt chun litreacha a bhfuil aicinn orthu nó siombailí a roghnú.
8 - î Lasc don mhéarchlár Coireallach - Chun athrú go dtí
an méarchlár Coireallach nó ar ais go Qwerty.
9 - Litir Choireallach - Litreacha atá ar fáil má athraítear an
méarchlár go Coireallach.
* Tá méarchlár Qwerty / Azerty nó Qwerty / Coireallach ar do
chianrialtán, ag brath ar do réigiún.
Téacs a scríobh
Is féidir leat an méarchlár ar chúl an chianrialtáin a úsáid chun
téacs a scríobh in aon réimse téacs ar an scáileán. Athraigh an
méarchlár i do threo chun eochracha an chianrialtáin a
ghníomhachtú. Beir ar an gcianrialtán le do dhá láimh agus úsáid
do dhá ordóg chun clóscríobh.
Cuir isteach téacs
Nuair atá uait téacs a chur isteach i réimse téacs ar an scáileán,
roghnaigh réimse téacs agus tosaigh ag clóscríobh.
Brúigh Iontráil chun an téacs a dhearbhú.
Cás uachtair agus cás íochtair
Chun litir i gcás uachtair a chlóscríobh, brúigh an eochair
(Iomlaoide) ( díreach sula gclóscríobhann tú an litir.
Chun roinnt litreacha a chlóscríobh i gcás uachtair, brúigh agus
coinnigh síos an eochair ( agus tú i mbun clóscríofa. Chun
an méarchlár a athrú go cás uachtair, brúigh an eochair ( ar
feadh 2 soicind chun an méarchlár a athrú go mód cáis uachtair.
Chun an méarchlár a athrú amach as cás uachtair, brúigh an
eochair ( arís. Mura mbrúfar aon eochair ar feadh tréimhse
20 soicind, casann mód cáis uachtair as go huathoibríoch.
Chomh maith leis sin, má bhrúnn tú eochair mhionathraithe
eile, leithéid Fn nó Ω, fágann tú mód cáis uachtair.
Uimhreacha agus carachtair poncaíochta
Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh, brúigh an
eochair Fn díreach sula gclóscríobhann tú an uimhir nó an
carachtar poncaíochta atá uait. Is féidir leat an mód Fn a chasadh
air nó as díreach mar a dhéanann tú do mhód cáis uachtair.
Idirlíon
Is féidir leat an eochair Fn a úsáid chun www. nó .com a
iontráil.
Litreacha a bhfuil aicinn orthu agus siombailí
Níl fáil ar litreacha a bhfuil aicinn orthu agus siombailí ar
mhéarchlár do chianrialtáin. Chun a leithéid de charachtar a
chlóscríobh, is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a oscailt.
Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt, brúigh Ω. Ar an
méarchlár ar an scáileán, is féidir leat an carachtar atá uait a fháil.
Athraigh leagan amach an mhéarchláir leis na heochracha
dathanna. Brúigh OK chun carachtar a chur isteach. Imíonn an
méarchlár ar an scáileán as amharc nuair a bhrúnn tú carachtar
ar mhéarchlár an chianrialtáin.
Teilifís / Cianrialtán 23