User manual
3.3
Cainéil teilifíse
Ag breathnú ar chainéil teilifíse
Cainéil a athrú
Chun féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh t TV. Tiúinfidh an
teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú air an uair
dheireanach a raibh tú ag féachaint ar an teilifís.
Mar rogha air sin, brúigh h chun an roghchlár Baile a oscailt
agus roghnaigh Féach ar teilifís agus brúigh OK.
Cainéil a athrú
Chun cainéil a athrú, brúigh CH+ nó CH-. Má tá uimhir an
chainéil ar ar eolas agat, cuir isteach an uimhir leis na
heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis duit an uimhir a chur
isteach chun an cainéal a athrú.
Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin,
brúigh b.
Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh L LIST chun
liosta na gcainéal a oscailt.
Roghnaigh liosta sa ró táb.
I liosta cainéal, téigh go dtí cainéal teilifíse nó stáisiún raidió.
Nuair atá a dheilbhín roghnaithe agat, brúigh OK chun athrú go
dtí cainéal teilifíse nó chun éisteacht leis an stáisiún raidió.
D'fhéadfadh roinnt leathanach cainéal a bheith sa liosta cainéal.
Chun féachaint ar an gcéad leathanach eile nó ar an leathanach
roimhe sin, brúigh CH- nó CH+.
Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a athrú, brúigh
L LIST arís.
Cainéil raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió
digiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach ar
an gcaoi chéanna is a athraíonn tú go cainéal teilifíse. Is iondúil
go lonaíonn suiteáil cainéal cábla (DVB-C) stáisiúin raidió ó
uimhir cainéil 1001 ar aghaidh.
Roghanna ar chainéil
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, bíonn roinnt roghanna
ar fáil, ag brath ar an gcineál cainéil (analóg nó digiteach) a bhfuil
tú ag féachaint air nó ar na socruithe atá athraithe agat ar an
teilifís.
Oscail na roghanna
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh o OPTIONS
agus roghnaigh an táb o Options ar an mbarra roghchláir.
Rochtain uilíoch
Nuair atá rochtain uilíoch casta air, is féidir leat roinnt roghanna
a shocrú dóibh siúd a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Rochtain uilíoch
chun tuilleadh eolais a fháil.
Roghnú físe
Tá cainéil teilifíse digiteacha in ann comharthaí il-fhíse(craoltaí
ilfhotha) a thairiscint, uillinneacha ceamara éagsúla a thabhairt
den eachtra chéanna nó cláir éagsúla a thaispeáint ar aon
chainéal teilifíse amháin. Taispeánann an teilifís teachtaireacht
má tá a leithéid de chainéil teilifíse ar fáil.
Fotheidil
Cas Fotheidil air nó Fotheidil as leis an rogha seo. Roghnaigh
Air i rith balbhaithe chun fotheidil a thaispeáint díreach nuair
atá an fhuaim balbhaithe le m.
Teanga fotheideal
I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fotheideal atá ar fáil a
roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na
teangacha ab fhearr leat ar fáil.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Fotheidil chun
tuilleadh eolais a fháil.
Teangacha fuaime
I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fuaime a roghnú ar
bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab
fhearr leat ar fáil.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Teangacha fuaime
chun tuilleadh eolais a fháil.
Dual I-II
Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime, ach níl aon tásc
teanga ag teanga amháin - nó ag an dá theanga, beidh an rogha
seo ar fáil.
Comhéadan coitianta
Má tá scothábhar réamhíoctha ar fáil ó CAM, is féidir leat
socraithe an tsoláthróra a shocrú leis an rogha seo.
Hbb TV ar an gcainéal seo
Is féidir leat leathanaigh HbbTV ó chainéal a bhfuil HbbTV air a
bhlocáil.
26 Teilifís / Cainéil teilifíse