User manual
Ord na gcainéal a athrú
Is féidir leat cainéil a athordú - a suíomh a athrú- i liosta na
gCeanán.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Cainéil ceanáin chun
tuilleadh eolais a fháil.
Cainéil ceanán
Is féidir leat liosta cainéal ceanán a chruthú nach bhfuil ann ach
na cainéil a bhfuil tú ag iarraidh féachaint orthu. Nuair atá an
liosta cainéal Ceanán roghnaithe agat, ní fheicfidh tú ach na
cainéil ceanán nuair a ghluaiseann tú trí na cainéil.
Cruthaigh do liosta cainéal Ceanán
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh L LIST
chun na liostaí cainéal a oscailt.
2 - Roghnaigh Ceanáin.
3 - Má tá an liosta folamh, iarrfaidh an teilifís ort tosú ag cur
cainéal leis an liosta anois. Brúigh OK.
4 - Úsáid na méaracha saighde chun cainéal a roghnú agus
brúigh OK chun ceanán a dhéanamh as an gcainéal sin. Beidh
an t-ord ina mbeidh na cainéil sa liosta ceanán ag brath ar an
ord ina gcuireann tú isteach iad.
5 - Brúigh * Déanta chun roghnú na gcainéal is ansa leat a
chríochnú.
Ceanáin a chur isteach nó a bhaint as
Chun cainéil ceanán a chur leis an liosta cainéal Ceanán nó iad
a bhaint as, oscail an liosta agus brúigh o OPTIONS,
roghnaigh Cuir le/Bain as Ceanáin agus brúigh OK.
Úsáid na méaracha saighde chun cainéal a roghnú agus brúigh
OK chun é a chur leis an liosta ceanán nó é a bhaint as.
Athordaigh
Is féidir leat cainéil a athordú -a suíomh a athrú- sa liosta cainéal
Ceanáin.
1 - I liosta na gcainéal Ceanáin, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait
é a shuíomh a bhogadh.
2 - Brúigh *Bog.
3 - Úsáid na méaracha saighde chun an cainéal a chur san áit
atá uait. Mar rogha air sin, is féidir leat an suíomh nua a chur
isteach go díreach leis na méaracha uimhreacha.
4 - Brúigh OK chun an suíomh a dhearbhú. Nó brúigh *
Cealaigh chun an t-athrú a chur ar ceal.
Is féidir leat cainéal eile a roghnú agus an rud céanna a
dhéanamh.
Cuir ceanáin leis an liosta nó bain as iad i liostaí cainéal eile
Is féidir leat cainéil agus stáisiúin raidió a mharcáil mar shár-
roghanna ó na liostaí cainéal Gach Ceann, Raidió agus Nua.
Sna liostaí sin, roghnaigh cainéal a bhfuil uait é a chur leis an
liosta ceanán agus brúigh * Marcáil mar shár-rogha. Marcálfar
an cainéal le réalta sagus cuirfear leis an liosta cainéal Ceanán
é.
Chun cainéal a dímharcáil, roghnaigh an cainéal in aon liosta
cainéal agus brúigh *Dímharcáil mar shár-rogha. Bainfear an
cainéal ón liosta cainéal Ceanán.
Glas leanaí
Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar chainéal nó
ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó cláir a bhfuil rátáil aoise
orthu a ghlasáil.
Cainéal a ghlasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun cosc a chur ar leanaí
féachaint air. Ní mór duit an Cód glais leanaí a chur isteach
chun féachaint ar chainéal atá glasáilte.
Chun cainéal a ghlasáil agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse,
brúigh L LIST chun liostaí na gCainéal a oscailt. In aon liosta,
roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a ghlasáil, brúigh o
OPTIONS agus roghnaigh Glasáil cainéal. I liosta cainéal, bíonn
cainéal glasáilte marcáilte le glas¬.
Chun cainéal a díghlasáil, roghnaigh an cainéal atá glasáilte agus
roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an cód glais leanaí a chur
isteach.
Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó ghléasanna nasctha.
Rátáil tuismitheoirí
Tá rátáil ag roinnt craoltóirí digiteacha ar a gcláir. Nuair atá an
rátáil cothrom le nó níos airde ná an rátáil atá socraithe agat
d'aois do linbh, glasfar an clár.
Chun féachaint ar chlár atá glasáilte, ní mór duit an cód glais
leanaí a chur isteach. Socraítear an rátáil aoise tuismitheoirí do
gach cainéal.
Rátáil aoise a shocrú
Brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe cainéil > Glas leanaí > Rátáil
tuismitheoirí.
Chun rátáil aoise a roghnú, ní mór duit do chód glais leanaí 4-
digit a chur isteach ar dtús. Mura bhfuil aon chód glais leanaí
socraithe, is féidir leat an cód a shocrú anois.
Nuair a chuirtear isteach an cód, is féidir leat an rátáil aoise a
roghnú. Nuair atá an rátáil cothrom le nó níos airde ná an rátáil
atá socraithe agat d'aois do linbh, glasfar an clár. Iarrfaidh an
teilifís ort an cód chun an clár a díghlasáil a chur isteach. I gcás
roinnt oibreoirí, ní chuireann an teilifís glas ach ar chláir a bhfuil
rátáil níos airde orthu.
An cód a shocrú nó a athrú
Chun an cód a shocrú nó chun an cód glais Leanaí atá ann faoi
láthair a athrú, brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh
OK.
Roghnaigh Socruithe cainéil > Glas leanaí > Athraigh cód.
Cuir isteach an cód atá ann faoi láthair agus ansin cuir isteach
an cód nua faoi dhó. Tá an cód nua socraithe
An bhfuil do chód dearmadtha agat?
28 Teilifís / Cainéil teilifíse