User manual
Is féidir leat leagan reatha bhogearraí na teilifíse a sheiceáil le
Eolas faoin mbogearraí reatha i Suiteáil > Socruithe
bogearraí.
Cóipeáil liosta cainéal
Liosta cainéal a chóipeáil
1 - Cas air an teilifís a bhfuil a cainéil suiteáilte uirthi. Cuir
isteach gléas cuimhne USB.
2 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil go dtí USB agus brúigh OK.
Chun an liosta cainéal a chóipeáil ón teilifís seo, d'fhéadfadh sé
tarlú go n-iarrfaí ort an Cód glais leanaí a chuir tú isteach i rith
na suiteála a chur isteach.
4 - Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach an gléas cuimhne
USB.
Is féidir leat an liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil anois go
dtí teilifís Philips eile.
Uaslódáil liosta cainéal
Liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil
Ní mór duit modh éagsúil a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil
ag brath ar do theilfís a bheith suiteáilte cheana féin nó gan a
bheith suiteáilte.
Go dtí teilifís nach bhfuil suiteáilte fós
1 - Cuir isteach an pluga cumhachta chun an tsuiteáil a thosú
agus roghnaigh teanga agus tír. Is féidir leat gabháil thar Déan
cuardach do chainéil. Críochnaigh an tsuiteáil.
2 - Cuir isteach an gléas cuimhne USB a bhfuil liosta cainéal na
teilifíse eile air.
3 - Chun uaslódáil an liosta cainéal a thosú, brúigh h,
roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil go dtí teilifís agus brúigh
OK. D'fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaí ort Cód glais leanaí na
teilifíse seo a chur isteach.
5 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an liosta
cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach an gléas cuimhne
USB.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1 - Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo a fhíorú,
brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh
Déan cuardach do chainéil > Athshuiteáil cainéil agus brúigh
OK. Brúigh b agus ina dhiaidh sin Cealaigh chun deireadh a
chur leis an gCuardach do chainéil.)
Má tá an tír ceart, téigh ar aghaidh go dtí céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil a thosú. Chun
an athshuiteáil a thosú, brúigh h, brúigh S Suiteáil agus
brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe
ginearálta > Athshuiteáil teilifís > OK. Roghnaigh an tír cheart
agus gabh thar Déan cuardach do chainéil. Críochnaigh an
tsuiteáil. Nuair atá tú réidh, téigh ar aghaidh go céim 2.
2 - Cuir isteach an gléas cuimhne USB a bhfuil liosta cainéal na
teilifíse eile air.
3 - Chun uaslódáil an liosta cainéal a thosú, brúigh h,
roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
4 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil go dtí teilifís agus brúigh
OK. D'fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaí ort Cód glais leanaí na
teilifíse seo a chur isteach.
5 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an liosta
cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach an gléas cuimhne
USB.
DVB-T nó DVB-C
Glacacht DVB-T nó DVB-C
Má tá glacacht DVB-T agus DVB-C ar fáil i do thír agus má tá an
teilifís seo in ann glacadh le DVB-T agus DVB-C do do thír, tá
ceann amháin acu nó an ceann eile roghnaithe agat i rith
suiteáil na gcainéal.
Má tá uait an socrú DVB a athrú chun suiteáil nua cainéal a
thosú, brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe cainéil agus brúigh OK.
Roghnaigh Suiteáil cainéil > Nasc aeróige > Aeróg (DVB-T)
nó Cábla (DVB-C) agus brúigh OK. Roghnaigh an socrú DVB
atá uait.
Suiteáil cainéal DVB-C
Tá gach socrú DVB-C athraithe go uathoibríoch ar mhaithe le
héascaíocht.
Más rud é gur thug do sholáthróir DVB-C luachanna sonracha
DVB-C duit, ID an líonra nó minicíocht an líonra, cuir na
luachanna sin isteach nuair a iarrann an teilifís ort i rith suiteála.
D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach an scanadh a choigeartú
(scanadh iomlán nó tapaidh) nó cuir isteach ráta siombailí
sonrach sa roghchlár Socraithe i rith na suiteála. Chun ráta
Siombailí a shocrú, athraigh an ráta Siombailí go De Láimh ar
dtús.
Coinbhleacht maidir le huimhreacha cainéal
D'fhéadfadh an uimhir cainéil chéanna a bheith ag cainéil
teilifíse éagsúla (craoltóirí) i roinnt tíortha. Taispeánann an teilifís
an liosta uimhreacha cainéal a bhfuil coinbhleachtaí ann i rith na
suiteála. Ní mór duit an cainéal teilifíse a bhfuil uait é a shuiteáil
ar uimhir cainéil a bhfuil roinnt cainéal teilifíse air a roghnú.
DVB-T + DVB-C
Más féidir leat ionchur aeróige DVB-T a úsáid ach ionchur DVB-
C a úsáid freisin, is féidir leat do theilifís a réiteach do DVB-T
agus DVB-C araon. Suiteáil córas amháin i ndiaidh an chórais
eile leis na socruithe riachtanacha.
Nuair a bheidh an dá chóras suiteáilte, ní mór duit comhartha
ionchur na haeróige ar an nasc Aeróige ar chúl na na teilifíse a
athrú agus an teilifís a shocrú sa chóras cuí chun féachaint ar na
cainéil atá suiteáilte ar an teilifís.
Chun an socrú DVB-T nó DVB-C a roghnú, féach thuas.
Socruithe DVB
Modh ráta siombail
Murar thug do sholáthróir cábla luach sonrach ráta siombaile
duit chun na cainéil teilifíse a shuiteáil, fág an socrú don mhód
ráta Siombaile ar Uathoibríoch.
30 Teilifís / Cainéil teilifíse