User manual
4
Cainéil satailíte
4.1
Ag féachaint ar chainéil satailíte
Chun féachaint ar chainéil satailíte, brúigh h, roghnaigh Satailít
agus brúigh OK. Tiúnfaidh an teilifís go dtí an cainéal satailíte ar
fhéach tú air go deireanach.
Athraigh cainéal
Chun cainéil a athrú, brúigh CH+ nó CH-. Tiúnfaidh an teilifís
go dtí an chéad chainéal eile sa liosta cainéal atá roghnaithe. Má
tú uimhir an chainéil ar eolas agat, is féidir leat na heochracha
uimhreach ar an gcianrialtán a úsáid. Brúigh b chun filleadh ar
an gcainéal a bhí tiúnáilte cheana féin.
Is féidir leat freisin tiúnáil go dtí cainéal go díreach ón liosta
cainéal Satailíte.
4.2
Liosta cainéal satatilíte
Maidir leis an liosta cainéal
Nuair atá an tsuiteáil satailíte déanta, cuirtear gach cainéal
satailíte sa liosta cainéal. Is féidir leat féachaint ar liosta na
gcainéal uile nó an liosta a scagadh chun na cainéil ceanáin a
thaispeáint nó díreach na stáisiúin raidió amháin. Nó is féidir
leat na cainéil a aimsiú atá curtha leis an liosta den chéad uair
tar éis nuashonrú cainéal.
Is féidir leat tiúnáil go dtí cainéal go díreach ó liosta ar bith.
Cinneann an liosta a roghnaíonn tú sa liosta cainéal na cainéil ar
féidir leat iad a tiúnáil leis na heochracha CH+ agus CH-.
Ní féidir leat ach cainéil ó liosta na gcainéal ceanán a athordú.
Roghnaigh liosta cainéal
Cinneann an liosta a roghnaíonn tú sa liosta cainéal na cainéil ar
féidir leat iad a tiúnáil leis na heochracha CH+ agus CH-.
Chun liosta cainéal a roghnú. . .
1 - Brúigh h, roghnaigh Satailít agus brúigh OK.
2 - Brúigh L LIST chun an liosta cainéal a oscailt. Taispeántar
an liosta agus beidh an cainéal reatha roghnaithe.
3 - Gabh suas chun Gach ceann a roghnú nó scagaire liosta
Ceanáin, Radio, TV or New.
Ní thaispeántar na liostaí Raidió nó Nua ach amháin nuair atá
stáisiúin raidió ar fáil nó nuair a aimsíodh cainéil nua le
nuashonrú cainéal.
Tiúnáil ón liosta cainéal
Chun tiúnáil go cainéal ó liosta cainéal . . .
1 - Sa liosta cainéal, roghnaigh t nó Ò sa roghchlár chun an
teilifís nó an liosta cainéal Satailíte a roghnú.
2 - Roghnaigh liosta - Gach ceann, Ceanáin, Raidió nó Nua.
3 - Roghnaigh cainéal in aon cheann de na liostaí agus brúigh
OK. Tiúinfaidh an teilifís go dtí an cainéal atá roghnaithe.
Roghanna liosta cainéal
Chun na roghanna liosta cainéal ar an gcainéal reatha a fheiceáil.
. .
1 - Nuair atá liosta na gcainéal uile ar an scáileán, roghnaigh
cainéal agus brúigh o OPTIONS.
2 - Roghnaigh an rogha atá uait agus brúigh OK.
Na roghanna atá ar fáil do chainéil satailíte. . .
• Satailít
Scag an liosta cainéal chun díreach cainéil a bhaineann le satailít
ar leith a thaispeáint nó taispeáin cainéil gach satailít.
• Saor/Scrofa
Scag an liosta cainéal chun díreach na cainéil atá saor a fháil,
díreach na cainéil scrofa nó an dá chineál. Bíonn cainéil scrofa
marcáilte le heochairK.
• Glasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil. Roghnaigh cainéal sa liosta ar
dtús, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh Glasáil. Beidh ort an
cód glais leanaí a bhfuil 4 uimhir ann a chur isteach. Bíonn
cainéail glasáilte marcáilte le glas¬.
• Díghlasáil
Chun cainéal atá glasáilte a dhíghlasáil. Roghnaigh cainéal
glasáilte sa liosta, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh
Díghlasáil. Beidh ort an cód glais leanaí a bhfuil 4 uimhir ann a
chur isteach.
Cóipeáil liosta cainéal
Is do dhíoltóirí agus do shainúsáideoirí atáCóipeáil liosta cainéal
beartaithe. Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís
amháin a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil liosta cainéal. Cóipeálfaidh Cóipeáil liosta
cainéal cainéil trastíre agus satailíte araon.
Chun tuilleadh a fháil maidir le Cóipeáil liosta cainéal, brúigh
* LIST agus déan cuardach do Cóipeáil liosta cainéal.
4.3
Cainéil Satailíte Ceanán
Cainéil ceanán
Is féidir leat cainéil a mharcáil mar chainéil ceanán. Bailítear do
chainéil satailíte ceanáin le chéile i liosta Ceanáin an liosta
cainéal satailíte.
Ag féachaint ar chainéil ceanán
Socraigh liosta cainéal ceanáin chun athrú go héasca idir na
cáinéil a bhfuil uait féachaint orthu. Is féidir leat cainéil a athordú
mar is mian leat sa liosta seo amháin.
Cainéil satailíte / Cainéil Satailíte Ceanán 47