User manual
Ag glacadh le hiarratas Teagmhálaí
Ní féidir ach le húsáideoirí Skype cuireadh a thabhairt duit a
bheith ar a liosta teagmhálaithe. Cuirfear ar an eolas tú maidir
lena n-iarratas, ar féidir leat glacadh leis nó diúltú roimhe.
Teagmhálaí a bhlocáil
Mura bhfuil tú ag iarraidh go n-aimseofaí ar líne tú, is féidir leat
aon úsáideoir Skype atá ag iarraidh é sin a dhéanamh a bhlocáil.
Ní bheidh teagmhálaí in ann teagmháil a dhéanamh leat le
Skype. Ní chuirfear teagmhálaí blocáilte ar an eolas, agus beidh
an chuma ort i gcónaí i liosta teagmhálaithe an teagmhálaí atá
blocáilte go bhfuil tú as líne.
Ar an leathanach ∂ Teagmhálaithe, roghnaigh teagmhálaí agus
brúigh * Blocáil teagmhálaí.
Is féidir leat teagmhálaí a díbhlocáil i gcónaí. Chun an teagmhálaí
a díbhlocáil, roghnaigh an teagmhálaí sa liosta agus brúigh *
Díbhlocáil teagmhálaí.
Sa liosta teagmhálaithe, beidh an deilbhín seo ag teagmhálaí atá
blocáilte.
Chun féachaint ar liosta teagmhálaithe atá blocáilte, brúigh o
OPTIONS agus roghnaigh Teagmhálaithe blocáilte.
Chun duine sa liosta a díbhlocáil, roghnaigh an t-ainm agus
brúigh OK.
7.4
Ag déanamh glao ar Skype
Glao físeáin agus gutha
Glao físeáin a dhéanamh
Is féidir leat glaoch ar do chairde agus iad a fheiceáil ar scáileán
do theilifíse saor in aisce le glao Físeáin.
Glao físeáin a dhéanamh
Ar an leathanach ∂ Teagmhálaithe, roghnaigh an duine a bhfuil
uait glaoch air agus ansin roghnaigh an cnaipe ) Glao físeáin
agus brúigh OK.
Má tá ceamara nasctha ag do theagmhálaí agus má ghlacann sé
leis an nglao, is féidir leat an duine a fheiceáil ar do theilifís sa
scáileán iomlán. Nuair atá do cheamara teilifíse casta air, lasfar
na soilse gorma táscaire LED. Is féidir leat an méid atá do
theagmhálaí in ann a fheiceáil a fheiceáil tú féin sa scáileán beag
ar do theilifís.
Chun do mhicrifón a bhalbhú nuair atá an glao á dhéanamh
agat, brúigh * Balbhaigh.
Chun do cheamara a chasadh as, brúigh * Ceamara as.
Chun an ceamara a zúmáil agus a fhrámú, brúigh * Zúmáil.
Anois is féidir leat * Zúmáil amach a bhrú nó * Zúmáil
isteach a bhrú. Is féidir leat na saigheada a úsáid chun an
ceamara a fhrámú. Nuair atá tú sásta leis an zúmáil agus an
fhrámáil, brúigh * Socraigh zúmáil.
Chun deireadh a chur leis an nglao, roghnaigh an cnaipe Cuir
deireadh leis an nglao agus brúigh OK.
Glao gutha a dhéanamh
Is féidir leat glao Skype a dhéanamh gan fhís agus leis an
gceamara casta as.
Chun glao a dhéanamh gan fhís, roghnaigh an teagmhálaí agus
ansin roghnaigh an cnaipe µ Glao gutha agus brúigh OK.
Chun do mhicrifón a bhalbhú nuair atá tú ag glaoch, brúigh *
Balbhaigh.
Chun an glao gutha a chríochnú, roghnaigh an cnaipe Cuir
deireadh leis an nglao agus brúigh OK.
Nuair atá tú ar ghlao gutha, is féidir leat athrú go glao físe i
gcónaí. Chun athrú go glao físe, brúigh * Ceamara air.
Is féidir le teagmhálaí tú a chur le glao gutha a bhfuil níos mó ná
rannpháirtí amháin ann. Ní féidir leat rannpháirtí breise a chur
leis an nglao tú féin.
Ag glaoch ar fhóin agus ar fhóin
shoghuaiste
Is féidir leat glaoch freisin ar fhóin talún agus ar fhóin
shoghuaiste le Skype. Ní mór duit Creidmheas Skype a
cheannach ar Skype ar do ríomhaire chun glaoch ar fhóín. Is
féidir leat Creidmheas Skype a cheannach nó suibscríbhinn a
thógáil le Skype.
Glaoigh ar fhón
1 - Roghnaigh † Glaoigh ar fhóin sa mbarra roghchláir. Is
féidir leat L LIST a bhrú chun dul díreach go dtí an barra
roghchláir.
2 - Cuir isteach an uimhir fóin le méaracha an chianrialtáin nó
roghnaigh na huimhreacha ar an eochaircheap ar an scáileán.
Chun + (móide) a chur isteach, brúigh * +.
Chun * (réiltín) a chur isteach, brúigh * *.
Chun # (hais) a chur isteach, brúigh * #.
Chun digit amháin a scriosadh, brúigh * Cúlspás.
3 - Nuair atá an uimhir iomlán curtha isteach agat, roghnaigh an
cnaipe Glaoigh agus brúigh OK chun tús a chur leis an nglao.
Chun do mhicrifón a bhalbhú nuair atá tú ag glaoch, brúigh *
Balbhaigh.
Chun deireadh a chur le glao fóin, roghnaigh an cnaipe Cuir
deireadh leis an nglao agus brúigh OK.
Liosta na n-uimhreacha a glaodh orthu le deireanas
Má tá glaoite agat ar roinnt uimhreacha fóin le Skype níos
túisce, is féidir leat uimhir fóin a roghnú sa liosta ar thaobh na
láimhe clé den leathanach.
Chun an uimhir fóin a roghnaíodh a ghlanadh, brúigh * Glan
uimhir.
Skype / Ag déanamh glao ar Skype 73