User manual
Chun an uimhir fóin seo a chur le do liosta teagmhálaithe,
brúigh * Cuir le teagmhálaithe.
Chun gach uimhir fóin a ghlanadh, brúigh * Glan gach uimhir.
Níl glaonna éigeandála ar fáil - ní thógann Skype áit do
theileafóin agus ní féidir é a úsáid chun glao éigeandála a
dhéanamh.
Ag glacadh le glao
Nuair atá tú sínithe isteach go Skype agus ag féachaint ar an
teilifís, tugtar fógra duit go bhfuil glao isteach agat trí
theachtaireacht ar an scáileán. Insíonn an fógra duit cé tá ag
glaoch agus is féidir leat glacadh leis an nglao nó diúltú roimhe.
Chun glacadh leis an nglao, roghnaigh an cnaipe Freagair san
fhógra agus brúigh OK.
Roghnaigh the cnaipe Diúltaigh agus brúigh OK chun diúltú
roimhe.
Chomh maith leis sin, taispeánfar iarratais nua ó theagmhálaithe
láithreach.
Ag úsáid Skype nuair atáthar ag féachaint ar scannán a tógadh
amach ar cíos agus Cuir teilifís ar sos
Nuair atá tú ag féachaint ar scannán a tógadh amach ar cíos ó
chraoltóir nó ó shiopa físeáin, nó ag úsáid Cuir teilifís ar sos,
brisfear isteach ar an scannán nó an clár atá curtha ar sos má
ghlacann tú le glao Skype.
Chun tosú ag féachaint ar an scannán ar cíos arís, ní mór duit
filleadh ar an siopa físeán nó an tseirbhís chraolta. Ní thugann
roinnt siopaí físeán nó seirbhísí cead duit an scannán a thosú
arís. Cailltear an stóráil cláir a rinneadh le Pause TV.
Skype i rith taifeadta
Nuair atá clár á thaifeadadh ar Diosca Crua USB, tabharfaidh an
teilifís fógra duit má bhí glao isteach ann agus cé uaidh a tháinig
sé. Ní cheadaíonn an teilfís duit glacadh le glao Skype i rith
taifeadta. Is féidir leat an glao a fhreagairt go héasca ón
leathanach ê Le Deireanas, nuair atá an taifeadadh déanta.
Fógraí teagmhálaithe
Chomh maith le gnáthghlaonna, d'fhéadfaí fógra a chur ort nuair
a thagann do theamhálaithe ar líne nó nuair a imíonn siad as
líne. Is féidir leat na fógraí teagmhálaithe seo a chasadh as ar an
leathanach S Socruithe.
Glaonna le deireanas
Ar an leathanach ê Le Deireanas, is féidir leat féachaint ar
d'eachtraí Skype le deireanas.
Taispeánfar an eachtra Skype is deireanaí ar dtús. Taispeánann
sé an teagmhálaí, an cineál eachtra - glao físe nó glao fóin agus
an uair a tharla sé.
Mar atá amhlaidh ar leathanach na dTeagmhálaithe, is féidir leat
glao Físe, glao Gutha nó glao Fóin a dhéanamh do theagmhálaí
atá roghnaithe agat.
Stair
Braitheann an méid ama a choinnítear d'eachtraí Skype sa liosta
staire seo ar an líon teagmhálaithe atá agat agus a mhinicí a
úsáideann tú Skype.
Chomh maith leis sin, má shíníonn tú isteach le cuntas eile
Skype ar an teilifís, glanfar an stair le déanaí.
Glórphost
Má ghlaonn duine ort ar Skype agus murar féidir leat an glao a
thógáil, is féidir leis nó léi teachtaireacht labhartha a fhágáil ar do
ghlórphost Skype .
Chun teachtaireacht a fhágáil ar ghlórphost teagmhálaí, ní mór
duit glórphost Skype a shocrú suas ar do ríomhaire.
Mura shocraigh tú ghlórphost suas duit féin ach má tá glórphost
socraithe suas ag an teagmhálaí a ghlaoigh ort, is féidir leis nó
léi glórphost a fhágáil duit.
Ar an leathanach œ Glórphost, is féidir leat teachtaireachtaí
glórphoist a fágadh duit a sheinnt. Má thaispeántar uimhir in
aice leis an deilbhín glórphoist sa mbarra roghchláir, tá
teachtaireacht nua glórphoist agat - œ 1.
Glórphost a sheinnt
Chun glórphost a sheinnt, roghnaigh an deilbhín glórphoist œ
sa mbarra roghchláir, roghnaigh an glórphost nua sa liosta agus
brúigh OK. Is féidir leat éisteacht leis an nglórphost nua a
mhinicí agus is mian leat. Mar sin féin, nuair a fhágann tú an
leathanach œ Glórphost, bainfear as gach glórphost a
seinneadh ón liosta.
Mar atá amhlaidh ar leathanach na dTeagmhálaithe, is féidir leat
glao Físe, glao Gutha nó glao Fóin a dhéanamh do theagmhálaí
atá roghnaithe agat.
7.5
Creidmheas Skype
Is féidir leat Creidmheas Skype a cheannach ar Skype nó
suibscríbhinn Skype a thógáil amach. Is féidir leat glaoch ar
fhóin talún agus ar fhóin shoghluaiste ar do theilifís má tá
Creidmheas Skype agat nó má tá suibscríbhinn Skype ar fáil.
Creidhmheas Skype a cheannach
Chun Creidhmheas Skype a cheannach nó suibscríbhinn Skype
a thógáil amach, sínigh isteach go Skype ar do ríomhaire.
Beidh an Creidmheas Skype a cheannaíonn tú ar fáil nuair a
shíníonn tú isteach go Skype ar do theilifís.
Taispeánfar an méid creidmheasa nó an t-eolas suibscríbhinne
ar gach leathanach ar féidir leat glao fóin a dhéanamh ann.
Creidmheas Skype íseal
Tabharfar fógra duit má tá do chreidmheas ró-íseal chun glao
fóin a dhéanamh.
74 Skype / Socruithe Skype