operation manual
27
Sonraíochtaí
27.1
Comhshaol
Lipéad Fuinnimh na hEorpa
Cuireann
Lipéad Fuinnimh na hEorpa
ar an eolas tú maidir le
haicme éifeachtacht fuinnimh an táirge seo. Dá ghlaise aicme
éifeachtacht fuinnimh an táirge, is ea is lú fuinnimh a thomhlaíonn
sé.
Is féidir leat aicme éifeachtacht fuinnimh, meántomhaltas
cumhachta an táirge seo nuair atá sé i mbun úsáide agus
meántomhaltas cumhachta ar feadh 1 bliain a fháil ar an lipéad. Is
féidir leat freisin luachanna tomhaltais cumhachta don táirge seo
a fháil ar shuíomh gréasáin Philips i do thír féin ag
www.philips.com/TV
Éicea-lipéad
Díríonn Philips go leanúnach ar an tionchar atá ag a tháirgí
nuálaíocha don tomhaltóir ar an gcomhshaol a ísliú. Tá ár gcuid
iarrachtaí dírithe ar fheabhsúcháin chomhshaoil i rith chéim na
déantúsaíochta, úsáid substaintí díobhálacha a ísliú, úsáid fuinnimh
go héifeachtach, treoracha maidir le táirgí a bhfuil a ré caite agus
athchúrsáil táirgí.
A bhuíochas leis an iarracht comhshaoil atá déanta againn,
bronnadh
Éicealipéad na hEorpa
– an bhláth –
(www.ecolabel.eu) ar an teiliís seo.
Is féidir leat eolas mionsonraithe maidir le tomhaltas fuinnimh ar
fuireachas, polasaí baránta, páirteanna spártha agus athchúrsáil na
teilifíse seo a fháil ar shuíomh gréasáin Philips do do thír féin ag
www.philips.com
Deireadh Úsáide
Do sheantáirge agus do cheallraí a dhiúscairt
Dearadh agus monaraíodh do tháirge le hábhair agus
comhpháirteanna ar ardchaighdeán ar féidir iad a athchúrsáil agus
a athúsáid.
Nuair a bhíonn tá an tsiombail seo d'araid rothaí a bhfuil cros air
ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an táirge clúdaithe ag Treoir
Eorpach 2002/96/CE.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoin gcóras bailiúcháin áitiúil
ar leith do tháirgí leictreacha agus leictreonacha.
Cloígh leis na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm le do thoil agus ná
diúscair do sheantáirgí le do ghnáthdhramhaíl tí. Nuair a
dhiúscraíonn tú do sheantáirge i gceart, cabhraíonn sé iarmhairtí
a d'fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol agus do
shláinte an duine a chosc.
Tá ceallraí i do tháirge atá san áireamh i dTreoir an
Chomhphobail Eorpaigh 2006/66/EC, nach féidir iad a dhiúscairt
le gnáthdhramhaíl tí.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoi rialacha áitiúla maidir le
bailiú ar leith ceallraí mar go gcabhróidh diúscairt chuí iarmhairtí
díobhálacha don chomhshaol agus do shláinte an duine a chosc.
27.2
Cumhacht
Tá sonraíochtaí an táirge faoi réir athraithe gan fógra. Chun
tuilleadh sonraí maidir le sonraíochtaí an táirge seo a fháil, féach
ar www.philips.com/support
Cumhacht
• Príomhchumhacht : AC 220-240V +/-10%
• Teocht chomhthimpeallach : 5°C go 35°C
• Tomhaltas fuinnimh fuireachais : < 0.3W
• Gnéithe choigilt cumhachta : Braiteoir solais, Éicea-mód,
Balbhaigh pictiúr (do raidió), Múch uaineadóir go huathoibríoch,
Roghchlár Éicea-socruithe.
Is é an rátáil cumhachta atá ar chlár cineáil an táirge tomhaltas
cumhachta don táirge seo i rith gnáthúsáid tí (IEC 62087 Ed.2).
Úsáidtear an rátáil cumhachta is airde, scríofa idir lúibíní, chun
críche sábháilteachta leictrí (IEC 60065 Ed. 7.2).
113