operation manual
28.4
Cabhair Ar Líne
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon
fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do
theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar
www.philips.com/support
.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil linn i do
thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta, chomh maith le
freagraí do cheisteanna coitianta (CCanna). I roinnt tíortha is
féidir leat labhairt le duine dár gcomhghleacaithe agus do cheist a
chur go díreach nó trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil nó an treoirleabhar
chun é a léamh ar do ríomhaire.
28.5
Athdheisiú
Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram Custaiméirí i do thír
chun tacaíocht nó athdheisiú a fháil. Aimsigh an uimhir theileafóin
sa cháipéisíocht phriontáilte a tháinig leis an teilifís.
Nó tabhairt cuairt ar ár láithreán gréasáin
www.philips.com/support
.
Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an táirge teilifíse
agus an tsraithuimhir a thabhairt. Aimsigh na huimhreacha seo ar
an lipéad pacáistithe nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na
teilifíse.
Rabhadh
Ná triail an teilifís a athdheisiú tú féin. D'fhéadfá tú féin a ghortú
go dona, damáiste nach féidr é a leigheas a dhéanamh do do
theilifís nó do bharánta a chur ar ceal.
118