operation manual

30
Téarmaí Úsáide,
Cóipchearta agus
Ceadúnais
30.1
Téarmaí Úsáide - Teilifís
2014 © TP Vision Europe B.V. Gach ceart ar cosnamh.
Is é TP Vision Europe B.V., nó ceann dá chomhlachtaí
cleamhnaithe, a thug an táirge seo chuig an margadh dá
dtagraítear dó ina dhiaidh seo mar TP Vision, arb é déantúsóir an
táirge é. Is é TP Vision an barántóir i ndáil leis an teilifís ar tháinig
an leabhrán seo in aon phacáiste léi. Is trádmharcanna cláraithe
de chuid Koninklijke Philips N.V. Philips agus suaitheantas scéithe
Philips.
D’fhéadfadh na sonraíochtaí a athrú gan choinne. Is le Koninklijke
Philips N.V., nó a úinéirí faoi seach, na trádmharcanna. Tá sé de
cheart ag TP Vision táirgí a athrú am ar bith gan dualgas a bheith
air táirgí atá ar fáil cheana féin a athrú dá réir.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar scríofa a tháinig in aon phacáiste
leis an teilifís agus an lámhleabhar atá stóráilte i gcuimhne na
teilifíse nó a íoslódáiltear ó láithreán gréasáin Philips
leordhóthanach don úsáid a bhfuil an córas beartaithe lena
haghaidh.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar sa treoirleabhar seo
leordhóthanach don úsáid atá beartaithe ag an gcóras. Má
úsáidtear an táirge, nó a mhodúil nó nósanna imeachta
indibhidiúla, chun críche nach bhfuil sonraithe leis seo, ní mór
deimhniú a fháil maidir lena mbailíocht agus a n-oiriúnacht. Ní
bheidh TP Vision Europe B.V. nach sáraíonn an t-ábhar féin aon
phaitinn de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl aon bharantá
eile ráite nó intuigthe. Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach
as aon earráid in ábhar na cáipéise seo ná as aon fhadhb a
eascraíonn as ábhar na cáipéise seo. Leigheasfar earráidí a
thuairiscítear do Philips agus foilseofar ar láithreán gréasáin
tacaíochta Philips a luaithe is féidir. Téarmaí baránta Baol
gortuithe, damáiste don teilifís nó neamhniú baránta! Ná déan
iarracht go deo an teilifís a athdheisiú tú féin. Úsáid an teilifís agus
a comhghabhálais mar atá beartaithe ag an déantúsóir. Tugann
an comhartha rabhaidh ar chúl na teilifíse le fios go bhfuil baol
turrainge leictrí ann. Ná bain as clúdach na teilifíse go deo. Déan
teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV le haghaidh seirbhíse
nó deisiúchán. Cuirfear an baránta ar neamhní má dhéantar aon
oibríocht atá toirmiscithe go sainráite sa treoirleabhar seo, nó
aon choigeartú nó nós imeachta cóimeála nach bhfuil molta ná
údaraithe sa treoirleabhar seo. Tréithe picteilín Tá líon ard
picteilíní daite ag an táirge LCD/LED seo. Cé go bhfuil picteilíní
éifeachtacha de 99.999% nó níos airde aige, d’fhéadfaí poncanna
dubha nó pointí geala solais (dearg, uaine nó gorm) a bheith ar
taispeáint go leanúnach ar an scáileán. Airí struchtúrtha de chuid
na taispeána é seo (laistigh de ghnáthchaighdeáin an tionscail)
agus ní mífheidhm é. Comhlíonadh CE Tá an táirge seo ag
comhlíonadh le bunriachtanais agus le forálacha ábhartha eile
Treoracha 2006/95/EC (Voltas Íseal), 2004/108/EC (EMC) agus
2011/65/EU (ROHS). Comhlíonadh le EMF Déantúsaíonn agus
díolann TP Vision Europe B.V. go leor táirgí atá dírithe ar
thomhaltóirí a bhfuil an cumas acu, cosúil le trealamh
leictreonach ar bith, comharthaí leictreamhaighnéadacha a astú
agus a fháil. Is ceann de Phrionsabail Ghnó Philips tabhairt faoi
gach beart sláinte agus sábháilteachta atá riachtanach dár dtáirgí
chun comhlíonadh le gach riachtanais dlí infheidhmithe agus chun
fanacht taobh istigh de na caighdeáin Réimse
Leictreamhaighnéadach (EMF) a bhí infheidhmithe ag an am ar
táirgeadh na táirgí. Tá Philips tiomanta táirgí a fhorbairt, a
tháirgeadh agus a chur ar an margadh nach bhfuil ina n-údar
d’éifeachtaí sláinte díobhálacha. Dearbhaíonn TP Vision go bhfuil
a tháirgí sábháilte le haghaidh an úsáid atá beartaithe acu de réir
na fianaise eolaíche atá ar fáil inniu, chomh fada is a úsáidtear iad
chun an úsáid atá beartaithe leo. Tá ról gníomhach ag Philips i
bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta EMF agus sábháilteachta, rud a
chuireann ar chumas Philips tuilleadh forbairtí i gcaighdeánú a
ionchasú agus na forbairtí sin a chomhtháthú go luath ina dtáirgí.
30.2
Cóipchearta agus Ceadúnais
HDMI
HDMI®
Is trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de HDMI Licensing
LLC iad na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition
Multimedia Interface, agus lógó HDMI Logo i Stáit Aontaithe
Mheiriceá agus i dtíortha eile.
Dolby
Dolby®
Monaraíodh faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Is
trádmharcanna iad Dolby agus an tsiombail D-dúbáilte de Dolby
Laboratories.
121