operation manual
éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre
Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda
comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .
Gléasanna a Oibriú
Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a shuiteáil le
EasyLink, roghnaigh an gléas - nó a ghníomhaíocht - sa liosta de
naisc teilifíse. Brúigh
SOURCES
, roghnaigh gléas atá nasctha
le nasc HDMI agus brúigh
OK
.
Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir le
cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin, ní chuirtear ar
aghaidh chuig an ngléas na heochracha
agus
OPTIONS
agus roinnt méaracha teilfíse eile, cosúil le
Ambilight
.
Mura bhfuil an eochair atá uait ar chianrialtán na teilifíse, is féidir
leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna.
Brúigh
OPTIONS
agus roghnaigh
Rialuithe
ar an
mbarrachlár. Roghnaigh an eochair gléis atá uait ar an scáileán
agus brúigh
OK
.
Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar
fáil sa roghchlár Rialtáin.
Ní fhreagróidh ach gléasanna a thacaíonn leis an bhfeidhm
cianrialtán Easylink
do chianrialtán na teilifíse.
Socruithe EasyLink
Bíonn na socruithe EasyLink casta air ar an teilifís mar
réamhshocrú.
EasyLink
Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán…
1 - Brúigh
agus brúigh
(clé) le haghaidh
Suiteáil
.
2 - Cliceáil
Socruithe Ginearálta
>
EasyLink
agus cliceáil
EasyLink
céim amháin eile.
3 - Cliceáil
As
.
4 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cianrialtán EasyLink
Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir gléasanna ach níl
tú ag iarraidh iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse, is féidir leat
cianrialtán EasyLink a chasadh as leis féin.
I roghchlár socruithe EasyLink , roghnaigh
Cianrialtán EasyLink
agus roghnaigh
As
.
4.3
CI+ CAM le Cárta Cliste
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus
cláir spóirt atá curtha ar fáil ag oibritheoirí teilifíse digití i do
réigiún le CI+. Scrobhann oibritheoirí teilifíse na cláir seo agus
díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana
Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair
a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir. Bíonn ardleibhéal
cosanta ar chóipeáil ag an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh
eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
Cárta Cliste Amháin
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana
Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair
a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar an treoir a
fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1 - Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil
ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá
damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.
2 - Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus aghaidh an CAM
i do threo, cuir an CAM isteach go réidh sa sliotán
COMMON
INTERFACE 1
.
3 - Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé. Fág sa
sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt nóiméad a
bheith i gceist sula ngníomhachtófar an CAM. Má chuirtear CAM
isteach agus má íoctar na táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna
suibscríbhinne éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste. Má
bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann féachaint ar na
cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
13