operation manual
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink
CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink,
brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
EasyLink
HDMI CEC
.
4.9
Consól Cluiche
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI ardluais chun
an caighdeán is fearr a fháil.
YPbPr
Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha comhpháirteanna
(Y Pb Pr) agus le cábla fuaim Deas/Clé leis an
teilifís
Clé/Deas / Scart Fuaime-Físe
Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla ilchodach (CVBS)
agus le cábla fuaime Deas/Clé leis an teilifís.
Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag
do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Físe Fuaime Clé/Deas go
Scart chun nascadh leis an nasc SCART.
4.10
Ceap Stiúrtha
Nasc Ceap Stiúrtha
Chun cluichí ón Idirlíon a sheinnt ar an teilifís seo, is féidir leat
raon roghnaithe Ceapa Stiúrtha gan sreang a nascadh. Nuair a
nascann tú an Ceap Stiúrtha, is féidir leat é a úsáid láithreach.
Chun Ceap Stiúrtha a nascadh…
1 - Plugáil isteach an nanaghlacadóir beag i gceann amháin de na
naisc USB ar thaobh na teilifíse. Tagann an nanaghlacadóir gan
sreang leis an gCeap Stiúrtha.
2 - Má tá an Ceap Stiúrtha casta air, is féidir leat an Ceap
Stiúrtha a úsáid.
Is féidir leat an dara Ceap Stiúrtha a nascadh sa dara nasc USB ar
thaobh na teilifíse.
Is féidir leat an Ceap Stiúrtha a úsáid freisin chun an Pointeoir a
rialú.
17