operation manual
Ceapa Stiúrtha
Tá tástáil déanta ar raon roghnaithe Ceap Stiúrtha agus tá siad
feiliúnach don teilifís seo. D'fhéadfadh Ceapa Stiúrtha eile gan a
bheith inoiriúnaithe go hiomlán.
Is iad na Ceapa Stiúrtha atá feiliúnach…
• Logitech F710
• Logitech F510
• Xbox 360 Wireless Controller for Windows
• Speedlink Strike FX Wireless Gamepad
Trioblóid le Trasnaíocht
Chun trasnaíocht fhéideartha le gléasanna gan sreang eile ar an
teilifís a réiteach…
• Úsáid a seolán sínidh USB agus bog an nanaghlacadóir thart ar
1 méadar ón teilifís.
• Mar rogha air sin, is féidir leat mol USB a bhfuil cumhacht aige
agus atá nasctha leis an teilifís a úsáid agus na nanaghlacadóirí a
phlugáil isteach sa mhol USB.
4.11
Diosca Crua USB
A bhfuil de dhíth ort
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a
chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a
bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a
mhacasamhail).
Chun craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá
comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 32GB de spás
air.
Chun craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn
diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás saor air. Má tá uait
craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór
an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú
an Diosca Crua USB.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua USB a
shuiteáil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
Diosca Crua USB, suiteáil
.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór
duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an
formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB.
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc
USB
ar an
teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i
mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití, brúigh
(Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh
an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go
buan é.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo
agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar
ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí
ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca
Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin.
Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte
ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Cuir teilifís ar sos
nó
Taifeadadh
.
4.12
Méarchlár nó luch USB
Méarchlár, nasc
Suiteáil an Méarchlár
Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun téacs a chur
isteach ar do theilifís.
Is féidir leat méarchlár agus luch a nascadh leis an teilifís.
Úsáid ceann de na naisc
USB
chun nascadh.
18