operation manual

7
Rialú Gothaí
7.1
Maidir le Rialú Gotha
Is féidir leat an teilifís a oibriú le gothaí láimhe simplí le
Rialú
Gotha
. Nuair a shleamhnaíonn an ceamara amach as an teilifís, is
féidir leat Rialú Gotha a úsáid. Cinntigh nach bhfuil aon bhac
roimh an gceamara agus é ag sleamhnú amach.
Is féidir leat cainéil a athrú le Rialú Gotha, an airde fuaime a athrú
nó an fhuaim a bhalbhú. Is féidir leat díreach do lámh a úsáid
chun an roghchlár Baile a oscailt nó glaoch ar an bPointeoir chun
an scáileán a nascleanúint.
Bíonn an fheidhmíocht is fearr ag Rialú Gotha má tá tú os
comhair na teilifíse agus idir 3 agus 5 méadar ón scáileán. Ná
bíodh solas na gréine ag lonradh go díreach ar an gceamara agus
ná bíodh aon rud sa bhealach air. Ní féidir leis an seomra a
bheith ró-dhorcha mar go gcaitheann an ceamara gothaí do
láimhe a aithint. Cabhraíonn cúlra gan phatrún leis an gceamara
do lámh a fheiceáil go héasca.
Ní féidir leat Rialú Gotha a úsáid le feidhmchláir a dteastaíonn an
ceamara uathu, cosúil le Skype.
7.2
Ceamara
Nuair a shleamhnaíonn an ceamara amach as an teilifís, is féidir
leat Rialú Gotha a úsáid. Ní mór duit an ceamara a shleamhnú
isteach de láimh chun an ceamara a chur a bhfolach.
Má shleamhnaíonn tú an ceamara isteach arís fad is atá an teilifís
ar Fuireachas, tiocfaidh an ceamara amach arís nuair a chasann tú
an teilifís air arís. Má shleamhnaíonn tú an ceamara isteach arís
fad is atá an teilifís casta air, casann tú an ceamara as. An chéad
uair eile a chasann tú an teilifís air, fanfaidh an ceamara i bhfolach.
Chun an ceamara a chasadh air…
1 - Brúigh
agus brúigh
(clé)
Suiteáil
.
2 - Cliceáil
Socruithe Ginearálta
agus cliceáil
Ceamara
.
3 - Cliceáil
Air
. Sleamhnóidh an ceamara amach as an teilifís.
4 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
7.3
Gothaí Láimhe
Baineann Rialú Gotha úsáid as gothaí láimhe faoi leith.
• Cuir suas do lámh, agus do bhos i dtreo na teilifíse. Dúiseoidh
sé sin Rialú Gotha.
• Dún do lámh - déan dorn as - agus oscail do lámh arís
láithreach chun an roghchlár do ghothaí a oscailt.
• Bog do lámh oscailte chun an t-aibhsiú a bhogadh trasna an
scáileáin agus chun cnaipe a roghnú.
Cliceáil
• Dún agus oscail do lámh chun cnaipe a ‘chliceáil’.
• Má chuireann tú do lámh síos, fanann Rialú Gotha gníomhach
ar feadh isteach is amach le 5 soicind.
• Má chuireann tú do lámh suas laistigh de 5 soicind, taispeánfar
an Pointeoir nó an roghchlár do ghothaí.
• Má chuireann tú do lámh suas nuair atá na 5 soicind caite,
beidh ort ‘cliceáil’ le do lámh arís chun an roghchlár do ghothaí a
oscailt.
Is féidir leat do lámh dheas nó chlé a úsáid.
Chunan Pointeoir a úsáid le Rialú Gotha, ní mór do Chianrialtán
an Phointeora a bheith casta air.
Brúigh
Suiteáil
>
Socruithe Ginearálta
>
Pointeoir an
Chianrialtáin
.
Tá luas an Phointeora atá faoi rialú do láimhe mar a chéile le luas
an Phointeora.
7.4
Forbhreathnú ar Ghothaí
1 - Táscaire Rialú Gotha
Taispeánann sé an chaoi cliceáil agus an roghchlár do ghothaí a
oscailt.
2 -
Roghchlár Baile
Cliceáil chun an Roghchlár Baile a oscailt.
3 -
Cainéal Suas nó Síos
Athraigh go dtí an chéad chainéal eile nó an ceann roimhe sin nó
tosaigh ag féachaint ar an teilifís.
Cliceáil arís agus arís eile chun cainéil a zaipeáil.
4 -
Taispeáin Pointeoir
Cliceáil chun athrú go dtí an Pointeoir atá rialaithe ag gothaí.
5 -
Airde fuaime Suas nó Síos
Coigeartaigh an airde fuaime suas nó síos.
Cliceáil arís agus arís eile chun coigeartú.
6 -
Balbhaigh/Díbhalbhaigh Fuaim
Is féidir leat an fhuaim a dhíbhalbhú freisin trí chliceáil ar Airde
fuaime Suas nó Síos.
7 -
Dún Roghchlár
30