operation manual
12
Teilifís Athdheise
12.1
Maidir le Teilifís ar Éileamh
Is féidir leat féachaint ar chláir teilifíse atá caillte agat nó féachaint
ar na cláir is ansa leat ag an am is fearr a fheileann duit le
Teilifís ar Éileamh
sa roghchlár Baile.
Anuas air sin, is féidir leat ligint do Theilifís ar Éileamh roinnt
moltaí pearsantaithe clár a dhéanamh, bunaithe ar shuiteáil na
teilifíse agus ar na cláir a mbíonn tú ag féachaint orthu go rialta.
Chun na moltaí pearsantaithe sin a fháil, ní mór duit aontú leis an
Toiliú le Moltaí Pearsantaithe
sna
Téarmaí Úsáide
. Má tá na
Téarmaí Úsáide glactha agat cheana féin, cinntigh gur chuir tú tic
sa bhosca Toiliú le Moltaí Pearsantaithe. Is féidir leat sonraí an
toilithe a léamh sula n-aontóidh tú leis.
Níl Físeán ar Éileamh ar fáil ach i dtíortha ar leith. Ní thaispeánfar
an deilbhín
, sa bharra ar bharr an roghchláir Baile ach
amháin nuair atá Físeán ar Éileamh ar fáil.
Chun aontú leis na Téarmaí Úsáide agus leis an Toiliú le Moltaí
Pearsantaithe, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail
agus
déan cuardach do
Téarmaí Úsáide, Feidhmchláir
.
12.2
Déan Iarratas ar Chlár
Ar an gcéad leathanach de Theilifís ar Éileamh, díreach os cionn
an liosta clár, is féidir leat catagóir a roghnú. Is féidir leat freisin
craoltóir ar leith a roghnú má tá níos mó ná ceann amháin acu ar
fáil, liosta de na cláir is ansa leat a roghnú nó lá ar leith a roghnú.
Chun Craoltóir a roghnú…
1 - Cliceáil ar Chraoltóir.
2 - Cliceáil ar an gcraoltóir atá uait.
3 - Mura bhfuil uait aon rud a athrú, brúigh
BACK
.
Chun iarratas a dhéanamh ar chlár…
1 - Ainligh os cionn an chláir leis an bPointeoir chun a theideal a
léamh.
2 - Cliceáil ar an deilbhín chun dul go dtí seirbhís Theilifís ar
Éileamh an chraoltóra agus léigh an t-eolas faoin gclár.
3 - Deimhnigh d'iarratas.
4 - Déan an íocaíocht ar líne más gá.
5 - Tosaigh ag féachaint. Is féidir leat na heochracha
(Seinn)
agus
(Cuir ar sos) a úsáid.
39