operation manual
1
Turas Teilifíse
1.1
Android TV
Tá an Philips TV seo á cumhachtú ag
Android™
.
Díreach cosúil le d'fhón cliste nó do thaibléad, tá na Feidhmchláir
is praiticiúla ag do theilifís nua le haghaidh gach sórt siamsaíochta
ar do theilifís. Féach ar chainéil teilifíse, imir cluichí ar líne, glaoigh
ar chara ar Skype nó díreach labhair leis an teilifís chun an t-
amhrán is ansa leat a aimsiú ar an Idirlíon.
Nuair atá an
Philips TV Remote App
ar d'fhón cliste nó do
thaibléad, bíonn do chainéil teilifíse ar fáil agat ar do
chaoithiúlacht. Seol grianghraif chuig an scáileán teilifíse mór nó
féach ar an gclár cócaireachta is ansa leat sa chistin ar do
thaibléad. As seo amach, is cuid de do theach soghluaiste do
theilifís.
Nasc an teilifís le do líonra baile agus leis an Idirlíon.
Android, Google Play and other marks are trademarks of
Google Inc. The Android robot is reproduced or modified from
work created and shared by Google and used according to
terms described in the Creative Commons 3.0 Attribution
License.
http://creativecommons.org/licenses/by/3.0/legalcode
1.2
Feidhmchláir
Tá roinnt
Feidhmchlár
suiteáilte ar do theilifís cheana féin chun
cabhrú leat tosú.
Taispeánann na leathanaigh Feidhmchlár an bailiúcháin
Feidhmchlár ar do theilifís. Díreach cosúil le Feidhmchláir ar
d'fhón cliste nó do thaibléad, tairgeann na Feidhmchláir ar do
theilifís feidhmeanna sonracha chun d'eispéireas teilifíse a
shaibhriú. Feidhmchláir cosúil le YouTube, Twitter, cluichí teilifíse
nó tuartha aimsire (i measc feidhmchlár eile). Nó oscail
Feidhmchlár Brabhsálaí Idirlín cosúil le Google Chrome chun an
tIdirlíon a scimeáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Feidhmchláir
.
1.3
Scannáin agus Cláir a Chaill tú
Níl ort an teach a fhágáil chun
scannán ar cíos
a fháil.
Oscail
Físeán ar Éileamh
agus faigh an scannán is déanaí ar do
theilifís go díreach. Oscail an Feidhmchlár siopa físeáin, cruthaigh
do chuntas pearsanta, roghnaigh an scannán agus brúigh
seinn. Níl aon útamáil le híoslódáil*.
Tá Físeán ar Éileamh ar fáil i dtíortha faoi leith.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Físeán ar Éileamh
.
* Ag brath ar sheirbhís fís-sruthaithe an tsiopa físeán atá i gceist.
1.4
Líonraí Sóisialta
Ní gá duit éirí chun teachtaireachtaí ó do chara a sheiceáil ar do
ríomhaire.
Faigheann tú teachtaireachtaí ó do
líonra sóisialta
ar do scáileán
teilifíse. Is féidir leat teachtaireacht a sheoladh ar ais agus tú i do
shuí i do sheomra suite. Is é an Twitter le fáil ar an roghchlár
Baile
Feidhmchláir
.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Feidhmchláir
.
1.5
Cuir teilifís ar sos agus Taifeadtaí
Má nascann tú
Diosca Crua USB
, is féidir leat craoladh a chur ar
sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach bíodh
briseadh agat i rith cluiche spóirt. Stórálann an teilifís an craoladh
ar an Diosca Crua USB agus is féidir leat féachaint air arís níos
deireanaí.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí
digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat taifeadadh nuair atá
tú ag féachaint ar chlár, nó clár atá le craoladh sa todhchaí a
sceidealú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Cuir teilifís ar sos
nó
Taifeadadh
.
1.6
Cluichíocht
Is í an teilifís seo an scáileán mór atá ag teastáil uait le haghaidh
cluichíochta
. Tá sé sách mór do bheirt.
Is féidir leat cluiche a imirt ó Chonsól Cluiche nasctha, ó
Fheidhmchlár suiteáilte nó díreach cluiche ar líne ar láithreán
gréasáin. Is féidir leat an teilifís a athrú go dtí na socruithe is fearr
a fheileann do chluichíocht chun gluaiseachtaí tapaidh a
éascú. Má imríonn tú cluiche il-imreora a bhfuil scáileáin roinnte i
gceist, is féidir leat an teilifís a shocrú chun gach scáileán a
thaispeáint mar scáileán iomlán ag an am céanna. Is féidir le gach
imreoir díriú ar imirt a chluiche féin.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Cluichíocht
.
4