operation manual

13
Cainéil
13.1
Ag féachaint ar Chainéil
Cainéil a Athrú
Chun tosú ag féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh
. Tiúinfidh an
teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú go deireanach air.
Cainéil a Athrú
Chun cainéil a athrú, brúigh
+
-
.
Má tá uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an uimhir leis na
heochracha uimhreach. Brúigh
OK
tar éis an uimhir a chur
isteach chun athrú láithreach.
Grúpa cainéal
Nuair a bhrúnn tú ceann de na heochracha
arís agus arís eile,
is féidir leat zaipeáil trí na cainéil go sciobtha ón ngrúpa atá
roghnaithe sa Liosta Cainéal faoi láthair.
Anois agus ar ball
Agus tú ag féachaint ar cainéal teilifíse, is féidir leat scrolláil go
tapaidh trí na cainéil eile chun seiceáil céard atá orthu.
Brúigh
(suas) nó
(síos) chun liosta scrollála cainéal a oscailt.
Má tá an t-eolas ar fáil ón Idirlíon, taispeánann an teilifís ainm
agus sonraí an chláir reatha agus ansin ainm agus sonraí an chéad
chlár eile.
Cainéil roimhe sin
Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin,
brúigh
 BACK
.
Is féidir leat cainéil a athrú freisin ón
Liosta Cainéal
.
Liosta Cainéal
Maidir leis an Liosta Cainéal
Is féidir leat gach cainéal (Aeróg, Cábla agus Satailít) agus stáisiún
raidió atá suiteáilte ar an teilifís a aimsiú sa Liosta Cainéal. Má tá
an teilifís nasctha leis an Idirlíon agus má tá an t-eolas ar fáil,
taispeántar cainéil lena n-ainm agus lógó nó a n-ainm agus an clár
atá ar taispeáint faoi láthair.
Is féidir leat cainéil a mharcáil mar chainéil ceanáin nó cainéil a
ghlasáil má cheapann tú nach bhfuil siad feiliúnach do
leanaí. Marcáltar na trí chainéal a bhféachann tú orthu is minice le
líne thanaí timpeall an ainm agus an lógó.
Is féidir leat an grúpa cainéal atá suiteáilte do gach tiúnóir
ionsuite, an tiúnóir d'Aeróg, Cábla nó Satailít* a roghnú sa Liosta
Cainéal. Is féidir leat an grúpa seo a scagadh tuilleadh chun
féachaint ar gach cainéal nó díreach na cainéil is ansa leat. Is féidir
leat stáisiúin raidió nó cainéil teilifíse a scagadh, nó cainéil
dhigiteacha nó analógacha.
Déantar an Liosta Cainéal a nuashonrú go huathoibríoch tar éis
Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch. Marcáltar cainéil nua le
deilbhín.
Deilbhíní cainéal
Cainéal ceanáin
Cainéal glasáilte
Cainéal nua
Cainéal scrofa
Stáisiúin Raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió
dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach ar
an gcaoi chéanna is a athraíonn tú go cainéal teilifíse. Is iondúil go
lonaíonn suiteáil cainéal cábla (DVB-C) stáisiúin raidió ó uimhir
cainéil 1001 ar aghaidh.
* Má tá tiúnóir satailíte ionsuite ag do theilifís. Seiceáil an bhfuil
Suiteáil Satailíte
ar fáil sa roghchlár Suiteáil.
Oscail an Liosta Cainéal
Chun an
Liosta Cainéal
a oscailt, brúigh
LIST
chun féachaint
ar an liosta i scáileán iomlán.
Mar rogha air sin, is féidir leat an Liosta Cainéal a oscailt ón
roghchlár Baile.
Brúigh
agus cliceáil
Cainéil
ag an mbarr.
Cuirtear na cainéil i láthair lena n-ainm agus a lógó.
Chun féachaint ar na cláir reatha, brúigh
INFO
.
Chun dul siar go dtí ainmneacha na gcainéal, brúigh
INFO
arís.
Chun athrú go cainéal ón Liosta Cainéal, díreach cliceáil an
cainéal leis an bPointeoir nó úsáid na heochracha saighde chun
an cainéal a roghnú agus brúigh
OK
.
Grúpaí Cainéal
Sa Liosta Cainéal, is féidir leat grúpa cainéal ar leith a roghnú.
Roghnaigh na cainéil ón tiúnóir Aeróige, Cábla nó Satailít. Is féidir
leat freisin díreach na cainéil is ansa leat a roghnú ón tiúnóir
Aeróige/Cábla nó an tiúnóir Satailíte. Anuas air sin, is féidir leat
díreach na cainéil dhigiteacha a roghnú nó díreach na stáisiúin
raidió ón tiúnóir roghnaithe. Déanann an grúpa cainéal a
roghnaíonn tú sa Liosta Cainéal sainmhíniú ar na cainéil a
zaipeálann tú tríothu nuair a bhrúnn tú
+
agus 
-
.
A thúisce is a roghnaíonn tú cainéal ón ngrúpa atá roghnaithe
faoi láthair, athróidh an teilifís ar ais go dtí grúpa Cainéil an
tiúnóra atá roghnaithe.
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST
chun
40