operation manual

an Liosta Cainéal a oscailt i scáileán iomlán.
2 - Cliceáil ar cheann de na tábanna grúpa os cionn liosta na
gcainéal. Ní thaispeánfaidh an liosta ach cainéil an ghrúpa a
roghnaigh tú. Is féidir le roinnt grúpaí a bheith folamh.
Cainéil Cheanáin
Is féidir leat grúpa de na cainéil is ansa leat a chruthú.
I gcás gach tiúnóra, Aeróg, Cábla nó Satailít*, is féidir leat cainéil
a mharcáil mar chainéil ceanáin. Nuair atá an táb
Ceanáin
roghnaithe sa Liosta Cainéal, ní thaispeánfar ach na cainéil
ceanáin nuair a zaipeálann tú trí na cainéil. Beidh gach cainéal eile
i bhfolach.
Cruthaigh grúpa ceanán…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST
chun
an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - Cliceáil
Aeróg
,
Cábla
nó tiúnóir
Satailíte
*.
3 - Cliceáil ar an táb
Cainéil
chun féachaint ar gach cainéal atá
suiteáilte don tiúnóir atá roghnaithe.
4 - Brúigh an eochair datha
Cuir Eagar ar Cheanáin
chun
tosú ag roghnú cainéil mar cheanáin.
5 - Cliceáil leis an bPointeoir ar gach cainéal ar mian leat é a
mharcáil mar cheanán. Chun cainéal a dhímharcáil, cliceáil ar an
gcainéal arís. Má úsáideann tú na heochracha saighde chun
nascleanúint, roghnaigh an cainéal agus brúigh
OK
.
6 - Brúigh
Dún
chun deireadh a chur le marcáil ceanán.
Chun raon iomlán cainéal a mharcáil ag aon am amháin, brúigh
Cuir Eagar ar Cheanáin
agus brúigh
Roghnaigh Raon
.
Cliceáil cainéal agus ansin cliceáil an cainéal deireanach den ró
cainéal a bhfuil uait iad a mharcáil mar cheanáin.
Chun gach cainéal a roghnú, brúigh
Roghnaigh Gach Ceann
.
Déantar na cainéil i
gCeanáin
a athuimhriú.
* Má tá tiúnóir satailíte ionsuite ag do theilifís. Seiceáil an bhfuil
Suiteáil Satailíte
ar fáil sa roghchlár Suiteáil.
Cainéal a Athainmniú
Is féidir leat cainéal a athainmniú.
Chun cainéal a athainmniú…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST
chun
an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - Cuir an Pointeoir ar bharr an chainéil agus ardaigh d'ordóg.
3 - Brúigh
OPTIONS
.
4 - Cuir d'ordóg ar ais ar an eochair
OK
agus cliceáil
Athainmnigh
.
5 - Cuir isteach an t-ainm nua le Méarchlár an Chianrialtáin.
6 - Brúigh
OK
chun an réimse téacs a dhúnadh.
7 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile más gá, chun féachaint ar
theilifís.
Níl ar fáil d'athainmniú ach carachtair Rómhánacha.
Cainéal a Bhogadh
Is féidir leat cainéal sa liosta ceanán a bhogadh – a athlonnú.
Chun cainéal a bhogadh…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST
chun
an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - Cliceáil Ceanáin.
3 - Brúigh an eochair datha
Bog
.
4 - Lonnaigh an Pointeoir ar bharr an chainéil a bhfuil uait é a
bhogadh agus cliceáil agus tarraing go dtí a shuíomh nua é. Má
theastaíonn uait an cainéal a bhogadh go dtí an chéad leathanach
eile cainéal, nó an leathanach roimhe sin, tarraing an cainéal go
dtí imeall an leathanaigh ag an mbarr nó ag an mbun. Taispeánfar
an leathanach roimhe sin nó an chéad leathanach
eile. Tabharfaidh saighead an suíomh nua le fios.
5 - Scaoil leis an eochair
OK
chun an cainéal a fhágáil ina
shuíomh nua.
6 - Is féidir leat cainéal eile a roghnú chun bogadh.
7 - Brúigh
Dún
nuair atá tú réidh ag bogadh cainéal.
8 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile más gá, chun féachaint ar
theilifís.
Mura bhfuil uait ach cainéal amháin a bhogadh, is féidir leat
cliceáil ar an bPointeoir agus é a choinneáil síos ar an gcainéal ar
feadh roinnt soicind. A thúisce is a fheiceann tú an cainéal ar
snámh ar bharr an Liosta Cainéal, is féidir leat an cainéal a
bhogadh agus a fhágáil ina shuíomh nua.
Leis na heochracha saighde
Má úsáideann tú na heochracha saighde chun nascleanúint,
roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a bhogadh agus úsáid na
heochracha saighde chun é a bhogadh go dtí a shuíomh nua. Is
féidir leat freisin an suíomh nua a roghnú leis na heochracha
uimhreach ar an gcianrialtán. Brúigh
OK
chun suíomh nua an
chainéil a dhearbhú.
Cainéal a Ghlasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil.
Chun leanaí a chosc ó fhéachaint ar chainéal, is féidir leat cainéal
a ghlasáil. Chun féachaint ar chainéal atá glasáilte, ní mór duit an
Cód Glais Leanaí a chur isteach ar dtús. Ní féidir leat cláir a
ghlasáil ó ghléasanna nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST
chun
an Liosta Cainéal a oscailt.
2 - In aon ghrúpa, lonnaigh an Pointeoir ar an gcainéal a bhfuil
uait é a ghlasáil agus ardaigh d'ordóg.
3 - Brúigh
OPTIONS
agus cliceáil
Glasáil Cainéal
. Marcáltar
cainéal glasáilte le glas
.
Chun cainéal a dhíghlasáil, roghnaigh an cainéal glasáilte agus
roghnaigh
Díghlasáil cainéal
. Ní mór duit an Cód glais leanaí a
chur isteach chun díghlasáil.
41