operation manual
Monafónach/Steiréó
Chun an fhuaim a athrú go monafónach nó go steiréó roghnaigh
Mono/Steiréó
.
Roghanna Eile
Inrochtaineacht
Nuair atá Inrochtaineacht casta air, déantar an teilifís a ullmhú
dóibh siúd atá bodhar, a bhfuil lagú éisteachta orthu, dall nó a
bhfuil lágú amhairc orthu.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh an eochair
datha
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
Inrochtaineacht
.
Fotheidil
Cas
Fotheidil air
nó
Fotheidil as
leis an rogha seo. Roghnaigh
Air i rith balbhaithe
chun fotheidil a thaispeáint díreach nuair atá
an fhuaim balbhaithe le
.
Teanga fotheideal
I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fotheideal atá ar fáil a
roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na
teangacha ab fhearr leat ar fáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Fotheidil
.
Teangacha fuaime
I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fuaime a roghnú ar
bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab
fhearr leat ar fáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Teangacha fuaime
.
Hbb TV ar an gcainéal seo
Is féidir leat leathanaigh HbbTV ó chainéal a bhfuil HbbTV air a
bhlocáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
HbbTV
.
Feidhmchláir MHP
Cumasaigh nó díchumasaigh na feidhmchláir MHP.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
MHP
.
Formáid Phictiúir
Bunúsach
Mura bhfuil an pictiúr ag líonadh an scáileáin ar fad, má tá barraí
dubha ar taispeáint ag barr nó ag bun an scáileáin nó ar an dá
thaobh, is féidir leat an pictiúr a athrú chun an scáileán a líonadh
ar fad.
Chun ceann de na bunsocruithe a roghnú chun an scáileán a
líonadh…
1 - Brúigh
(Formáid Pictiúir).
2 - Cliceáil
Líon Scáileán
nó
Cuir in Oiriúint don Scáileán
.
3 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
•
Líon Scáileán
– méadaíonn sé an pictiúr go huathoibríoch chun
an scáileán a líonadh. Is beag díchumadh pictiúir atá ann agus
bíonn na fotheidil le feiceáil i gcónaí. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó
ríomhaire. Tá roinnt formáidí pictiúr foircneacha in ann barraí
dubha a thaispeáint i gcónaí.
•
Cuir in Oiriúint don Scáileán
– zúmálann sé an pictiúr isteach
go huathoibríoch chun an scáileán a líonadh gan díchumadh.
D'fhéadfadh barraí dubha a bheith le feiceáil. Níl sé feiliúnach
d'ionchur ó ríomhaire.
Ardsocruithe
Mura bhfuil an dá bhunsocrú in ann an pictiúr a fhormáidiú ar an
gcaoi atá uait, is féidir leat na hardsocruithe a úsáid. Athraíonn tú
formáid do phictiúir de láimh ar do scáileán leis na hardsocruithe.
Is féidir leat an pictiúr a zúmáil, a shíneadh agus a aistriú go dtí go
dtaispeánann sé a bhfuil uait – e.g. fotheidil ar iarraidh nó meirgí
téacs scrollála. Má dhéanann tú an pictiúr a fhormáidiú le
haghaidh Foinse ar leith – cosúil le consól cluiche nasctha – is
féidir leat filleadh ar an socrú seo an chéad uair eile a úsáideann
tú an consól cluiche. Stórálann an teilifís an socrú deireanach a
rinne tú do gach nasc.
Chun an pictiúr a fhormáidiú de láimh…
1 - Brúigh
(Formáid Pictiúir).
2 - Brúigh
Ardsocruithe
, má osclaíonn na socruithe
Bunúsacha
ar dtús.
3 - Úsáid
Aistriú
,
Zúmáil
nó
Sín
chun an pictiúr a athrú. Mar
rogha air sin, cliceáil
Socrú Deireanach
chun athrú go dtí an
fhormáid a stóráil tú roimhe sin. Cliceáil
Cealaigh
chun filleadh
go dtí an socrú pictiúir a bhí ann nuair a d'oscail tú
Formáid
Pictiúir
.
4 - Stórálann an teilifís do chuid socruithe mar Shocruithe
Deireanacha nuair a bhrúnn tú
Bunúsach
nó
Siar
chun an
roghchlár a dhúnadh.
•
Aistriú
– Cliceáil ar na saigheada chun an pictiúr a aistriú. Ní
féidir leat an pictiúr a aistriú ach amháin nuair atá sé zúmáilte
isteach.
•
Zúmáil
– Cliceáil ar na saigheada chun zúmáil isteach.
•
Sín
– Cliceáil ar na saigheada chun an pictiúr a shíneadh go
hingearach nó go cothrománach.
•
Socrú Deireanach
– Cliceáil chun filleadh ar an socrú
deireanach a rinne tú don nasc (foinse) seo.
•
Cealaigh
– Cliceáil chun filleadh go dtí an fhormáid pictiúir ar
thosaigh tú léi.
•
Bunaidh
– Taispeánann sé formáid bhunaidh an phictiúir atá ag
teacht isteach. Is formáid 1:1 picsil ar phicsil í seo. Is mód
saineolaíoch é seo d'ionchur HD agus PC.
43