operation manual

14
Naisc, Liosta
14.1
Athraigh go gléas
Is féidir leat athrú go gléas nasctha agus féachaint ar a chlár ón
liosta Foinsí.
Chun athrú go gléas nasctha…
1 - Brúigh
SOURCES
chun an roghchlár Foinsí a oscailt.
2 - Cliceáil ar dheilbhín an ghléis nasctha. Taispeánfaidh an teilifís
cláir an ghléis.
3 - Brúigh
BACK
, chun féachaint ar theilifís.
Chun an roghchlár Foinsí a dhúnadh gan athrú go dtí gléas,
brúigh
SOURCES
arís.
14.2
Braith Gléis
Nuair a nascann tú gléas nua leis an teilifís, braitear an gléas agus
is féidir leat cinéal gléis a shannadh mar dheilbhín don ghléas nua.
Má nascann tú gléas le HDMI CEC, faigheann an gléas a
dheilbhín go huathoibríoch.
Má tá uait an deilbhín atá sannta ar ghléas nasctha a athrú, brúigh
an eochair datha
Athraigh Cineáil
agus roghnaigh cineál gléis
a oireann don ghléas nasctha.
Mura n-oireann an t-ainm don ghléas nó má tá uait d'ainm féin a
thabhairt ar an ngléas, brúigh
Athainmnigh
. Úsáid
eochaircheap an chianrialtáin chun ainm nua a chur isteach.
Cabhraíonn cineál gléis cuí leat chun an gléas a úsáid. Cinneann
an cineál gléis stíl an phictiúir agus na fuaime, luachanna gléine,
socruithe sainiúla nó an suíomh laistigh den roghchlár Foinsí.
Nuair a nascann tú gléas nua leis an teilifís, beidh deilbhín an
ghléis ar thosach an roghchláir Foinsí.
Ainm agus deilbhín bunaidh
Chun deilbhín an ghléis a athrú ar ais go dtí an t-ainm bunaidh
agus an cineál deilbhín a bhí aige, brúigh
OPTIONS
agus
cliceáil
Ainm agus Deilbhín Bunaidh
.
Naisc a scanadh
Chun gach nasc teilifíse a athscanadh agus chun an roghchlár
Foinsí a nuashonrú, brúigh
OPTIONS
agus cliceáil
Scan
Naisc
.
14.3
Seinn Aon-Iarrachta
Nuair atá an teilifís ar fuireachas, is féidir leat seinnteoir diosca a
chasadh air le cianrialtán do theilifíse.
Seinn
Chun an seinnteoir diosca agus an teilifís araon a chasadh air ó
fhuireachas agus tosú ag seinnt an diosca nó an chláir láithreach,
brúigh
(seinn) ar chianrialtán na teilifíse.
Ní mór don ghléas a bheith nasctha le cábla HDMI agus ba
cheart go mbeadh HDMI CEC casta air ar an teilifís agus ar an
ngléas araon.
48