operation manual
15
3D
15.1
A bhfuil de dhíth ort
Is teilifís 3D Gníomhach í seo. Is féidir leat féachaint ar chláir agus
ar scannáin 3D ar an teilifís seo i dtaifeach iomlán Ardghléine.
Chun féachaint ar 3D…
• tiúnáil do chainéal teilifíse a chraolann cláir i 3D
• scannán a thógáil amach ar cíos i 3D ó shiopa físeán ar líne
• féachaint ar scannán i 3D ó Dhiosca Blu-ray 3D, gléas USB nó
ríomhaire.
Chomh maith leis sin, beidh ceann amháin de na cineálacha seo
spéaclaí Philips 3D Gníomhach ag teastáil uait chun breathnú ar
3D ar an teilifís seo. . .
• PTA507
• PTA508
• PTA509
• PTA517
• PTA518
• PTA519
Díoltar gach cineál astu féin. D'fhéadfadh sé tarlú nach mbeidh
brandaí spéaclaí 3D gníomhacha eile tacaithe.
15.2
Na Spéaclaí 3D
PTA509
Forbhreathnú
1 -
, lasc Air nó As.
2 -
Imreoir 1/2
, Roghnú Imreoir 1 nó Imreoir 2.
3 - Lionsa glacadóra
4 - Raca na gceallraí
5 - Solas LED
Nuair a dhíphacálann tú na spéaclaí 3D, bain amach an scragall
beag plaisteach ó raca na gceallraí.
Cas Air agus As
Chun na spéaclaí 3D a chasadh air, brúigh
.
Tógfaidh sé roinnt soicind ar na spéaclaí coigeartú don
chomhartha 3D ón tarchuradóir 3D ar an teilifís. Nuair a
úsáidfear den chéad uair iad, d'fhéadfadh suas le 15 soicind a
bheith i gceist.
Leibhéal an Cheallra
Is féidir leat leibhéal an cheallra a sheiceáil nuair a chasann tú na
spéaclaí 3D air.
• Má tá caochaíl uaine ón solas LED, is féidir leat na spéaclaí a
úsáid ar feadh 4 uaire nó níos mó.
• Má tá caochaíl oráiste ón solas LED, is féidir leat na spéaclaí a
úsáid ar feadh 2 uair a a laghad ach níos lú ná 4 uair.
• Má tá caochaíl dhearg ón solas LED, tá an ceallra beagnach
folamh agus níl fágtha ach níos lú ná 2 uair féachana.
Cas as
Brúigh
chun na spéaclaí 3D a chasadh as. Beidh 4 caochadh
dearg ón solas LED. Nuair nach bhfaigheann na spéaclaí 3D
comharthaí 3D ar feadh 2 nóiméad, casann na spéaclaí iad féin as
go huathoibríoch.
Tarchuradóir 3D
Cinntigh go bhfuil an lionsa glacadóra i lár na spéaclaí in ann
comharthaí 3D a fháil.
Chomh maith leis sin, ná bíodh aon rud in aice leis an
tarchuradóir 3D ar an teilifís.
Cluichíocht, Cluiche Scáileáin Roinnte
Is féidir leat na spéaclaí seo a úsáid chun cluichí scáileáin roinnte
a imirt. Is féidir le beirt imreoirí féachaint ar an teilifís chéanna
ach dhá scáileán éagsúla a fheiceáil chun cluiche a imirt.
Chun na spéaclaí a athrú le go bhféadfá féachaint ar scáileán
Imreoir 1 nó Imreoir 2, cas air na spéaclaí agus ansin brúigh an
cnaipe
Imreoir 1/2
.
• Má tá an solas LED oráiste agus é lasta ar feadh 2 soicind, is
d'imreoir 1 atá na spéaclaí socraithe.
• Má tá an solas LED oráiste agus é ag caochaíl, is d'imreoir 2 atá
na spéaclaí socraithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh an eochair
datha
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
Cluichíocht
Scáileáin Roinnte
.
49