operation manual

Na ceallraí a athsholáthar
Chun an ceallra a athsholáthar, brúigh an cnaipe beag ar
chlúdach an cheallra agus sleamhnaigh an claibín aníos chun é a
oscailt. Athsholáthar an ceallra: cineál CR2032 (3V). Bí cinnte go
bhfuil an taobh + den cheallra infheicthe. Cuir an clúdach air arís
agus sleamhnaigh anuas é go dtí go gcliceálann sé.
Rabhadh:
Tá baol pléasctha ann má athsholáthraítear an ceallra ar bhealach
mícheart. Ná hathsholáthar an ceallra ach amháin leis an gcineál
céanna ceallra nó a choibhéis.
Contúirt
• Ná ionghabh an ceallra. Tá baol dó cheimicigh ann.
• Tá ceallra cille atá cosúil le bonn/cnaipe sa táirge seo. Má
shloigtear an ceallra cille seo, tá sé in ann a bheith ina údar do
dhónna diana inmheánacha laistigh de 2 uair agus d'fhéadfaí bás a
fháil.
• Coinnigh ceallraí nua agus úsáidte in áit nach bhfuil leanaí in
ann lámh a leagan orthu.
• Mura ndúnann raca na gceallraí i gceart, éirigh as úsáid an
táirge agus coinnigh amach ó leanaí é.
• Má cheapann tú gur sloigeadh ceallraí nó gur cuireadh laistigh
d'aon chuid den cholainn iad, iarr cóir leighis láithreach.
PTA519
Forbhreathnú
1 - Lasc Air nó As - Roghnú Imreoir 1 nó Imreoir 2
2 - Lionsa glacadóra
3 - Raca na gceallraí
Nuair a dhíphacálann tú na spéaclaí 3D, bain amach an scragall
beag plaisteach ó raca na gceallraí.
Cas Air agus As
Chun na spéaclaí 3D a chasadh air, brúigh
.
Tógfaidh sé roinnt soicind ar na spéaclaí coigeartú don
chomhartha 3D ón tarchuradóir 3D ar an teilifís. Nuair a
úsáidfear den chéad uair iad, d'fhéadfadh suas le 15 soicind a
bheith i gceist.
Leibhéal an cheallra
Is féidir leat leibhéal an cheallra a sheiceáil nuair a chasann tú na
spéaclaí 3D air.
• Má tá caochaíl uaine ón solas LED, is féidir leat na spéaclaí a
úsáid ar feadh 4 uaire nó níos mó.
• Má chaochann an solas LED oráiste, is féidir leat na spéaclaí a
úsáid ar feadh níos lú ná 4 uair.
• Má tá caochaíl dhearg ón solas LED, tá an ceallra beagnach
folamh agus níl fágtha ach níos lú ná 2 uair féachana.
Cas as
Brúigh
ar feadh 2 soicind chun na spéaclaí 3D a chasadh as.
Beidh 4 caochadh dearg ón solas LED. Nuair nach bhfaigheann
na spéaclaí 3D comharthaí 3D ar feadh 2 nóiméad, casann na
spéaclaí iad féin as go huathoibríoch.
Tarchuradóir 3D
Cinntigh go bhfuil an lionsa glacadóra i lár na spéaclaí in ann
comharthaí 3D a fháil. Chomh maith leis sin, ná bíodh aon rud in
aice leis an tarchuradóir 3D ar an teilifís.
1 - Tarchuradóir 3D ar an teilifís
2 - Glacadóir 3D ar na spéaclaí 3D
Cluichíocht, Cluiche Scáileáin Roinnte
Is féidir leat na spéaclaí seo a úsáid chun cluichí scáileáin roinnte
a imirt. Is féidir le beirt imreoirí féachaint ar an teilifís chéanna
ach dhá scáileán éagsúla a fheiceáil chun cluiche a imirt.
Chun na spéaclaí a athrú chun féachaint ar scáileán Imreoir 1 nó
Imreoir 2, cas air na spéaclaí agus ansin brúigh an eochair arís
chun scorán idir Imreoir 1 agus Imreoir 2.
• Má tá an solas LED uaine agus é lasta ar feadh 1.5 soicind, is
d'imreoir 1 atá na spéaclaí socraithe.
• Má tá an solas LED uaine agus é ag caochaíl, is d'imreoir 2 atá
na spéaclaí socraithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh an eochair
datha
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
Cluichíocht
Scáileáin Roinnte
.
50