operation manual
muiscíte nó bealadh. Tá dídhathú nó scoilteanna in ann tarlú má
úsáidtear na ceimiceáin sin.
• Ná nocht na spéaclaí 3D do sholas díreach na gréine, do thine
ná do huisce. D'fhéadfadh mífheidhm táirge nó tine a bheith mar
thoradh air sin.
• Ná lig do na spéaclaí 3D titim ar an urlár, ná lúb iad agus ná
cuir brú ar lionsaí na spéaclaí 3D.
• Úsáid ceirt ghlan bhog (micrisnáithín nó flainín cadáis) chun na
lionsaí a ghlanadh ionas nach scrabhfar iad. Ná spraeáil ábhar
glanta díreach ar na spéaclaí 3D go deo. D'fhéadfadh sé dochar a
dhéanamh do na leictreonaic (i gcás spéaclaí 3D Gníomhach).
• Ná húsáid ceimiceáin ghlanta a bhfuil alcól, tuaslagóir nó
dromchlaghníomhaí iontu, nó céir, beinséin, tanaitheoir, éarthach
muiscíte nó bealadh. Tá dídhathú nó scoilteanna in ann tarlú má
úsáidtear na ceimiceáin sin.
15.6
Rabhadh Sláinte
• Ní mholtar go bhféachfaidh leanaí atá níos óige ná sé bliana
d'aois ar 3D.
• Má tá stair titimis nó taomanna fótamhothálacha agat féin ná
ag do theaghlach, téigh i gcomhairle le proifisiúnach leighis sula
nochtann tú tú féin d'fhoinsí soilse gealánacha, sraitheoga
íomhánna tapaidh nó d'fhéachaint 3D.
• Má tharlaíonn sé go bhfuil tú míchompordach, éirigh as a
bheith ag féachaint ar 3D agus ná gabh láithreach le haon
ghníomhaíocht a d'fhéadfadh a bheith contúirteach (carr a
thiomáint, mar shampla) go dtí go mbeidh do chuid siomptóm
imithe. Má mhaireann na siomptóim, ná féach ar 3D arís gan dul i
gcomhairle le proifisiúnach leighis i dtosach.
• Molaimid gan féachaint ar 3D ar feadh tréimhsí fada chun
míchompord cosúil le meadhrán, tinneas cinn nó mearbhall a
sheachaint.
• Ná húsáid na spéaclaí 3D ach amháin chun féachaint ar theilifís
3D.
• Má chaitheann tú spéaclaí ceartúcháin nó má úsáideann tú
lionsaí tadhaill go hiondúil, caith na spéaclaí 3D chomh maith leis
na spéaclaí nó na lionsaí sin.
• Coinnigh na spéaclaí amach ó leanaí beaga ar fhaitíos go
slogfaidís páirteanna beaga nó ceallraí.
• Ba cheart do thuismitheoirí súil a choinneáil ar a gcuid leanaí
nuair atá siad ag féachaint ar 3D agus cinntiú nach bhfuil aon
mhíchompord orthu, mar a luadh thuas. Ní mholtar do leanaí
níos óige ná 6 bliana féachaint ar 3D mar nach bhfuil a gcóras
amhairc forbartha go hiomlán fós.
• Seachain úsáid na spéaclaí 3D i gcás ionfhabhtú súl nó galair
eile a tharchuirtear trí theagmháil (m.sh. toinníteas, míolta
cloiginn, etc.). Ná húsáid na spéaclaí 3D arís go dtí go mbeidh an
ionfhabhtú imithe go hiomlán.
52