operation manual

2
Suiteáil
2.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-úsáideann tú
an teilifís.
Chun na treoracha a léamh, brúigh an eochair
datha
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
Treoracha
Sábháilteachta
.
2.2
Seastán Teilifíse agus Gléasadh
Balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a
fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat
an treoir seo a íoslódáil ó www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don
Treoir Mearthosaithe
atá le híoslódáil.
Gléasadh Balla
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá
oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh
balla á cheannach agat . . .
• 48/55PFS8109
• 48/55PFS8159
• 48/55PFS8209
• 55/65PUS9109
VESA MIS-F 200x200,M6
Ullmhúchán
Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc shnáithithe
ar chúl na teilifíse.
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i
mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís a ghléasadh ar an
mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an
mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe
tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na
teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na
teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh
tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh
míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar
thoradh air.
2.3
Leideanna maidir le Láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an
scáileán.
• Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don
éifeacht Ambilight.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh
ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí,
ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an
scáileáin.
2.4
Cábla Cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir
POWER
ar chúl na
teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go
daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga
cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i
gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís
6