operation manual
20
Taifeadadh
20.1
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a thaifeadadh agus féachaint air
níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a thaifeadadh, teastaíonn na nithe seo a leanas
uait…
• Tiomántán Diosca Crua USB nasctha ar an teilifís seo
• cainéil teilifíse dhigiteacha suiteáilte ar an teilifís seo
• chun eolais faoi chainéil a fháil don Eolaire Teilifíse ar an
scáileán
• socrú cloig teilifíse iontaofa. Má athshocraíonn tú clog na
teilifíse de láimh, d'fhéadfadh na taifeadtaí teipeadh.
Ní féidir leat taifeadadh nuair atá Cuir an Teilifís ar Sos in úsáid
agat.
Ní cheadaíonn roinnt oibritheoirí teilifíse digití taifeadadh cainéal.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua USB a
shuiteáil, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail
agus déan
cuardach do
Diosca Crua USB, suiteáil
.
20.2
Clár a Thaifeadadh
Taifead Anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air a thaifeadadh, brúigh
(Taifead) ar an gcianrialtán. Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Nuair atá sonraí Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar an clár a bhfuil
tú ag féachaint air ina iomlán. Mura bhfuil aon sonraí Eolaire
Teilifíse ar fáil, ní mhairfidh an taifeadadh ach 30 nóiméad. Is
féidir leat an t-am a chríochnóidh an taifeadadh a athrú sa Liosta
Taifeadtaí.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh
(Stop).
Sceidealaigh Taifeadadh
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i gceann
cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú.
Chun taifeadadh a sceidealú…
1 - Brúigh
Eolaire Teilifíse
. Ar leathanach an Eolaire Teilifíse,
roghnaigh an cainéal agus an clár a bhfuil uait é a
thaifeadadh. Brúigh
(Deas) nó
(Clé) chun scrolláil trí chláir
cainéil. Úsáid na heochracha datha chun an lá atá uait a roghnú.
2 - Agus an clár roghnaithe agat, brúigh an eochair
datha
Taifead
. Tá an clár sceidealta chun taifeadadh.
Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch nuair atá taifeadtaí
sceidealta atá ag forluí ar a chéile. Má tá tú ag beartú clár a
thaifeadadh nuair nach bhfuil tú sa bhaile, ná déan dearmad an
teilifís a fhágáil ar Fuireachas agus an Diosca Crua USB a fhágáil
casta air.
3 - Cuireann an teilifís roinnt ama maoláin isteach ag deireadh
gach cláir. Is féidir leat tullleadh maoláin a chur isteach má
theastaíonn sé.
Chun an t-am a chríochnaíonn an taifeadadh a athrú…
1 - Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
Feidhmchláir
agus cliceáil
Taifeadtaí
.
3 - Roghnaigh an taifeadadh a bhfuil uait é a athrú agus brúigh
Athraigh Am
. Má thagann an Eolaire Teilifíse ón Idirlíon,
roghnaigh an taifeadadh agus brúigh OK. Má thaispeántar eolas
cláir, brúigh
Athraigh Taifeadadh
.
Liosta Taifeadtaí
Taispeánfar gach taifeadadh agus gach taifeadadh atá sceidealta
sa Liosta Taifeadtaí.
Chun an liosta a oscailt…
1 - Brúigh
HOME
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
Feidhmchláir
agus cliceáil
Taifeadtaí
.
Sa liosta seo, is féidir leat taifeadadh a roghnú chun féachaint air,
cláir atá taifeadta a bhaint as, am deiridh taifeadta a athrú nó an
spás saor ar an diosca a sheiceáil.
Is féidir leat taifeadadh a sceidealú freisin a shocraíonn tú an t-am
tosaigh agus deiridh tú féin, mar thaifeadadh nach bhfuil nasctha
le clár.
Chun taifeadadh amaithe a shocrú…
1 - Brúigh
OPTIONS
agus cliceáil
Sceideal
. Nó, má thagann
an tEolaire Teilifíse ón Idirlíon, brúigh
Sceidealaigh Nua
.
2 - Socraigh an cainéal, an dáta agus an tréimhse ama.
3 - Cliceáil
Sceideal
chun an taifeadadh a dhearbhú.
Chun taifeadadh sceidealta a bhaint as…
1 - Roghnaigh an taifeadadh atá ag teacht aníos sa Liosta
Taifeadtaí.
2 - Brúigh
Bain as
.
Ag Féachaint ar an Teilifís i rith Taifeadta
Chun féachaint ar chainéal agus chun cainéal eile a thaifeadadh
ag an am céanna, tá 2 tiúnóir ag an teilifís seo. Mar sin féin, bíonn
na cainéil atá ar fáil chun féachaint orthu i rith taifeadta ag brath
ar shuiteáil do theilifíse chun glacadh le cainéil.
Na cainéil ar féidir leat féachaint orthu i rith taifeadta…
Má úsáideann tú 1 CAM chun cainéil scrofa a dhíchódáil, is féidir
leat féachaint díreach ar na cainéil nach dteastaíonn díchódáil
uathu agus ar an gcainéal atá á thaifeadadh agat.
60