operation manual

21
Skype
21.1
Maidir le Skype
Nuair atá
Skype™
ar do theilifís agat, is féidir leat cuimhní a
chruthú agus a roinnt díreach ó do sheomra suite, fiú nuair nach
bhfuil sibh le chéile.
Ní gá daoibh bailiú timpeall an ríomhaire a thuilleadh. Is féidir leat
glaonna gutha agus físe Skype-le-Skype a dhéanamh in aisce le
gléasanna eile atá cumasaithe do Skype.
Is féidir leat labhairt le do chairde ar an scáileán mór agus spás a
réiteach i do sheomra suí inar féidir leis an teaghlach ar fad
taitneamh a bhaint as.
21.2
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Tá ceamara agus micrifón ionsuite ag an teilifís do Skype.
Sula féidir leat Skype a thosú, ní mór don teilifís nasc ar
chaighdeán maith don Idirlíon a bheith aige. Is féidir leat do
theilifís a nascadh gan sreang nó sreangaithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh an eochair datha
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
Líonra, gan sreang
.
Cuntas Skype
Chun Skype a úsáid, ní mór duit cuntas Skype a chruthú duit féin
nó do do theaghlach. Is féidir leat cuntas nua Skype a chruthú ar
do theilifís ach tá sé níos praiticiúla do ríomhaire a úsáid.
Creidmheas Skype
Subscríbhinní Skype
Is féidir leat glaonna ar chostas íseal a dhéanamh d'fhóin
soghluaiste agus do línte talún trí úsáid a bhaint as do
Chreidmheas Skype nó suibscríbhinn Skype a thógáil amach
(tabhair cuairt ar do chuntas Skype ar do ríomhaire, fón nó
taibléad). Tá tuilleadh eolais le fáil ar
Skype.com
21.3
Tosaigh le Skype
An ceamara
Tá ceamara agus micreafón ionsuite ag do theilifís. Tá an
ceamara suite gar d'fhocalmharc Philips.
Má tá an ceamara i bhfolach nuair a thosaíonn tú Skype,
sleamhnóidh sé amach go huathoibríoch. Cinntigh nach bhfuil
aon bhac roimh an gceamara agus é ag sleamhnú amach.
Nuair atá Skype ag déanamh glao Físe, lasfaidh an LED gorm in
aice leis an gceamara.
Sínigh isteach
Sínigh isteach go Skype le do
Ainm Skype
agus
pasfhocal
. Mura
bhfuil Ainm Skype agat fós, ní mór duit cuntas Skype nua a
chruthú.
Chun síniú isteach go Skype…
1 - Brúigh
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Cliceáil
Feidhmchláir
agus cliceáil
Skype
.
3 - Má thosaíonn tú Skype den chéad uair, is féidir leat an
ceamara a choigeartú.
4 - Murar shínigh tú isteach go Skype ar an teilifís seo cheana,
cliceáil
Sínigh isteach
Cuir cuntas leis an liosta
. Más rud é
gur shínigh tú isteach cheana, cliceáil do chuntas.
5 - Lean na treoracha ar an scáileán.
An bhfuil cúnamh ag teastáil uait?
Má tá d'Ainm Skype nó pasfhocal dearmadta agat, nó má tá
fadhbanna agat ag síniú isteach, tabhair cuairt ar
www.skype.com/support le do thoil
Cuntas Nua Skype
Mura bhfuil
Ainm Skype
agus
Pasfhocal
agat fós, is féidir leat
cuntas nua Skype a chruthú ar do ríomhaire. A thúisce is atá an
cuntas nua cruthaithe agat, is féidir leat d'Ainm Skype agus
pasfhocal a úsáid chun síniú isteach ar an teilifís.
Chun cuntas nua Skype a chruthú ar do ríomhaire, téigh go dtí
www.skype.com
Cuntas Microsoft
Má tá Cuntas Microsoft agat, is féidir leat an cuntas seo a úsáid
chun síniú isteach go Skype ar an teilifís.
Chun síniú isteach le cuntas Microsoft…
1 - Ar an leathanach Skype
Sínigh isteach
, cliceáil
Sínigh isteach
le cuntas Microsoft
.
2 - Cliceáil
Ar Aghaidh
. Osclóidh an teilifís an leathanach sínithe
isteach do do chuntas Microsoft.
3 - Cuir isteach do ríomhphost agus pasfhocal don chuntas
Microsoft.
4 - Cliceáil
Leag isteach
.
Ní féidir Glaonna Éigeandála a dhéanamh le
Skype
Ní ionad atá i Skype don teileafón agus ní féidir é a úsáid do
ghlaonna éigeandála.
62