operation manual

Glac le hIarratas Teagmhálaí
Nuair a fhaigheann tú
Iarratas teagmhálaí
, taispeánfar an
teagmhálaí ar an leathanach Daoine. Taispeánfar an deilbhín
in aice lena n-ainm.
Chun glacadh le hiarratas teagmhálaí…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil an teagmhálaí.
2 - Cliceáil
Glac
. Is féidir leat glaoch anois ar do theagmhálaí nua
agus a stádas ar líne a fheiceáil.
Bain as agus Blocáil Teagmhálaí
Is féidir leat teagmhálaí Skype a bhaint as agus a bhlocáil. Ní
bheidh an teagmhálaí in ann teagmháil a dhéanamh leat ar Skype.
Bainfear ó do liosta teagmhálaithe freisin iad.
Ní chuirfear an teagmhálaí blocáilte ar an eolas. Taispeánfar do
stádas mar as líne ina liosta teagmhálaithe.
Is féidir leat i gcónaí teagmhálaithe atá blocáilte agat a dhíbhlocáil.
Cuirfear ar ais le do liosta teagmhálaithe iad.
Ní féidir uimhreacha fóin a bhlocáil. Ní féidir ach iad a bhaint ó
do liosta teagmhálaithe.
Chun teagmhálaí a bhaint as agus a bhlocáil...
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil ar an teagmhálaí a bhfuil
uait é a bhlocáil.
2 - Cliceáil
Bain an Teagmhálaí seo as agus Blocáil é
.
3 - Cliceáil
Bain As
. Bainfear an teagmhálaí ó do liosta
teagmhálaithe agus ní bheidh sé nó sí in ann teagmháil a
dhéanamh leat.
Chun teagmhálaí a dhíbhlocáil…
1 - Sa roghchlár Skype, cliceáil
Socruithe
.
2 - Roghnaigh
Slándáil
>
Bainistigh teagmhálaithe blocáilte
.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán.
Athainmnigh Teagmhálaí
Chun teagmhálaí a athainmniú…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil ar an teagmhálaí a bhfuil
uait é a athainmniú.
2 - Cliceáil
Cuir in Eagar
in aice le hainm do theagmhálaí.
3 - Cuir isteach an t-ainm nua don teagmhálaí seo agus cliceáil
Sábháil
.
21.6
Ag déanamh glao ar Skype
Glao Físe nó Gutha
Glao Físe a dhéanamh
Chun Glao físe a dhéanamh…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, roghnaigh an teagmhálaí a bhfuil
uait glaoch air.
2 - Roghnaigh
Glao físe
. Má tá do theagmhálaí ar Skype, agus
ceamara Skype nasctha aige agus má fhreagraíonn sé an glao, is
féidir leat an duine seo a fheiceáil ar an teilifís.
3 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
Nuair atá do cheamara Skype casta air, lastar táscaire LED gorm.
Is féidir leat seiceáil a dhéanamh ar a bhfuil le feiceáil ag do
theagmhálaí sa scáileán beag ag bun an scáileán teilifíse ar thaobh
na láimhe deise.
Chun an ceamara Skype a chasadh as, cliceáil
Fís As
. Chun é
a chasadh air arís, cliceáil
Fís Air
.
Chun do mhicreafón a bhalbhú, cliceáil
Mic As
. Chun é a
chasadh air arís, cliceáil
Mic Air
.
Glao Gutha a dhéanamh
Déan
Glao gutha
chun glaoch gan fís, leis an gceamara casta as.
Chun Glao gutha a dhéanamh…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil ar an teagmhálaí a bhfuil
uait glaoch air.
2 - Roghnaigh
Glao gutha
agus brúigh OK. Má tá do theagmhálaí
ar Skype agus má fhreagraíonn sé an glao, is féidir leat labhairt le
do theagmhálaí.
3 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
Is féidir le teagmhálaí tú a chur le glao gutha a bhfuil níos mó ná
rannpháirtí amháin ann. Ní féidir leat rannpháirtí breise a chur
leis an nglao tú féin.
Ag Glaoch ar Theileafóin
Is féidir leat glaonna ar chostas íseal a dhéanamh d'fhóin
shoghluaiste agus do línte talún le Skype. Ní mór Creidmheas
Skype nó suibscríbhinn do Skype a bheith agat chun glaoch ar
fhóin.
Chun glaoch ar theileafón…
1 - Ar an leathanach
Daoine
, cliceáil ar theagmhálaí uimhir
teileafóin.
2 - Cliceáil ar an uimhir. Ní mór duit
Creidmheasanna Skype
a
bheith ar fáil nó Suibscríbhinn Skype a bheith agat chun glao a
dhéanamh le huimhir teileafóin. Má fhreagraíonn do theagmhálaí
an glao, is féidir leat labhairt le do theagmhálaí.
3 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
64