operation manual
Is féidir leat glaoch ar uimhir teileafóin go díreach le Skype freisin.
Is féidir leat an uimhir teileafóin a chur isteach leis an gceap
diailithe.
Chun an ceap diailithe a oscailt…
1 - Sa
roghchlár Skype
, cliceáil
Glaoigh ar fhóin
.
2 - Cliceáil
Roghnaigh tír
chun an réamhuimhir tíre a chur
isteach. Déan cuardach don tír atá uait agus cliceáil a hainm agus
bratach.
3 - Téigh ar ais go
Glaoigh fóin
.
4 - Cliceáil ar na huimhreacha ar an gceap diaile chun an uimhir
teileafóin a chur isetach.
5 - Cliceáil
Glaoigh
.
6 - Chun deireadh a chur leis an nglao, cliceáil
Cuir deireadh
le glao
.
Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le Skype
Ní ionad atá i Skype don teileafón agus ní féidir é a úsáid do
ghlaonna éigeandála.
Glacadh le Glao
Nuair atá tú sínithe isteach go Skype agus ag féachaint ar an
teilifís, tabharfaidh clingthon agus teachtaireacht ar an scáileán
foláireamh duit faoi ghlao ag teacht isteach. Taispeánfaidh an
teachtaireacht an duine atá ag glaoch agus is féidir leat an glao a
fhreagairt nó a dhiúltú.
Chun an glao a fhreagairt, cliceáil
– Glaoigh le fís.
Chun an glao a fhreagairt leis an gceamara casta as, cliceáil
– Glaoigh le fuaim.
Chun an glao a dhiúltú, cliceáil
chun an glao a dhiúltú.
Stair
Ar an leathanach
Stair
ar roghchlár Skype, gheobhaidh tú liosta
de na glaonna atá déanta agat ar an teilifís. Aimseoidh tú na
glaonna a chaill tú agus is féidir leat éisteacht le teachtaireachtaí
Gutha.
Braitheann an méid ama a choinnítear d'eachtraí Skype sa liosta
staire seo ar an líon teagmhálaithe atá agat agus a mhinicí a
úsáideann tú Skype.
Teachtaireachtaí Gutha
Maidir le Teachtaireachtaí Gutha
Má ghlaonn duine ort ar Skype agus mura nglacfaidh tú leis an
nglao, is féidir leis nó léi teachtaireacht labhartha a fhágáil ar
Theachtaireachtaí Gutha Skype
. Má ghlaonn tú ar theagmhálaí
agus mura bhfuil siad in ann glacadh leis an nglao, is féidir leat
Teachtaireacht Gutha a sheoladh chuig do theagmhálaí.
Chun Teachtaireacht Gutha a sheoladh nó chun glacadh le
ceann, ní mór duit - nó do theagmhálaí - Teachtaireachtaí Gutha
Skype a shocrú ar dtús. Is féidir leat Teachtaireachtaí Gutha a
shocrú ar do ríomhaire. Téigh go www.skype.com
Teachtaireacht Gutha a Thaifeadadh
Má tá teachtaireachtaí Gutha gníomhachtaithe ag do
theagmhálaí, is féidir leat teachtaireacht gutha a fhágáil mura
bhfreagróidh siad do ghlao.
Chun Teachtaireacht Gutha a thaifeadadh…
1 - Glaoigh ar theagmhálaí. Mura bhfreagrófar do ghlao, molfaidh
Skype duit
Teachtaireacht gutha
a sheoladh.
2 - Fág do theachtaireacht tar éis na bípe.
3 - Chun an taifeadadh a stopadh, cliceáil
Cuir deireadh le glao
.
Teachtaireacht Gutha a sheinnt
Is féidir le teagmhálaí Teachtaireacht Gutha a sheoladh chugat. Is
féidir leat Teachtaireacht Gutha a sheinnt ón leathanach Stair.
Chun Teachtaireacht Gutha a sheinnt…
1 - Sa
roghchlár Skype
, cliceáil
Stair
.
2 - Cliceáil an
Teachtaireacht Gutha
a bhfuil tú ag iarraidh é a
sheinnt.
3 - Cliceáil
chun an Teachtaireacht Gutha a sheinnt. Is féidir
leat éisteacht le Teachtaireacht Gutha a mhinicí is atá tú ag
iarraidh.
21.7
Creidmheas Skype
Is féidir leat Creidmheas Skype nó suibscríbhinn Skype a thógáil
amach ar Skype. Nuair atá Creidmheas Skype nó suibscríbhinn
Skype ar fáil, is féidir leat glaonna ar chostas íseal a dhéanamh
d'fhóin shoghluaiste agus do línte talún le do theilifís.
Creidhmheas Skype a cheannach
Chun Creidhmheas Skype a cheannach nó suibscríbhinn Skype a
thógáil amach, sínigh isteach go Skype ar do ríomhaire.
Beidh an Creidmheas Skype a cheannaíonn tú ar fáil nuair a
shíníonn tú isteach go Skype ar do theilifís.
Taispeánfar an méid creidmheasa nó an t-eolas suibscríbhinne ar
65