User manual
Déan Cuardach do Chainéil
LIST > OPTIONS > Déan cuardach do
chainéal
Is féidir leat cuardach a dhéanamh do chainéal chun
é a aimsiú i liosta fada cainéal.
1 - Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2 - Brúigh LIST chun an liosta cainéal reatha a
oscailt.
3 - Brúigh OPTIONS > Déan cuardach do
chainéal, agus brúigh OK.
4 - Sa réimse clóscríbhneoireachta, brúigh OK chun
an méarchlár ar an scáileán a oscailt, nó brúigh
BACK chun an méarchlár ar an scáileán a fholú.
5 - Úsáid na heochracha chun carachtar a roghnú,
ansin brúigh OK.
- Brúigh an eochair (dearg) chun an téacs a chur
isteach i gcás íochtair
- Brúigh an eochair (glas) chun an téacs a chur
isteach i gcás uachtair
- Brúigh an eochair (buí) chun uimhir nó siombail
a chur isteach
- Brúigh an eochair (gorm) chun carachtar a
scriosadh
6 - Roghnaigh Déanta nuair atá tú réidh.
7 - Brúigh LIST arís chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Glasáil nó Díghlasáil Cainéal
LIST > OPTIONS > Glasáil Cainéal,
Díghlasáil Cainéal
Chun leanaí a chosc ó fhéachaint ar chainéal, is féidir
leat cainéal a ghlasáil. Chun féachaint ar chainéal atá
glasáilte, ní mór duit an Cód Glais Leanaí a chur
isteach ar dtús. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó
ghléasanna nasctha.
Beidh in aice leis an lógó cainéil ag an gcainéal
glasáilte.
Bain Liosta Ceanán As
LIST > OPTIONS > Bain Liosta Ceanán As
Chun an liosta ceanán reatha a bhaint as, roghnaigh
Tá.
7.4
Roghnaigh Scagaire Cainéal
LIST > OPTIONS > Digiteach/analógach,
Saor/scrofa
Roghnaigh ceann de na teaglaim cainéal atá ar
taispeáint sa liosta cainéal.
7.5
Cainéil Cheanáin
Maidir le Cainéil Cheanáin
Is féidir leat liosta cainéal ceanán a chruthú nach
bhfuil ann ach na cainéil a bhfuil tú ag iarraidh
féachaint orthu. Ní fheicfidh tú ach na cainéil cheanán
nuair a athraíonn tú cainéal nuair atá an liosta cainéal
Ceanán roghnaithe agat.
Cruthaigh Liosta Ceanán
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2 - Roghnaigh an cainéal, agus brúigh Marcáil
mar cheanán chun marcáil mar cheanán.
3 - Marcálfar an cainéal roghnaithe le .
4 - Brúigh BACK chun críochnú. Tá na cainéil
curtha leis an Liosta ceanán.
Cainéal a bhaint as an Liosta Ceanán
Chun cainéal a bhaint as an liosta ceanán, roghnaigh
an cainéal le , ansin brúigh Dímharcáil mar
cheanán arís chun é a dhímharcáil mar cheanán.
Ord Cainéal a athrú
Is féidir leat cainéil a athordú — a suíomh a athrú —
sa liosta cainél Ceanán.
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse,
brúigh LIST > OPTIONS > Athordaigh
Cainéil.
2 - Roghnaigh Ceanán aeróige, Ceanán cábla nó
Ceanán satailíte*, agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an cainéal atá le hathordú agus
brúigh OK.
4 - Brúigh na cnaipí Nascleanúna chun an cainéal
atá roghnaithe a bhogadh go dtí suíomh eile agus
brúigh OK.
5 - Brúigh OK nuair atá sé sin déanta agat.
25










