User manual
11
Oscail na Roghchláir
Socruithe Teilifíse
11.1
Forbhreathnú ar an
Roghchlár Baile
Brúigh (Baile) chun ceann de na roghchláir thíos a
roghnú, ansin brúigh OK.
Cainéil
Tá gach cainéal sa ró seo.
• Brúigh OK chun an eolaire teilifíse a oscailt.
• Brúigh (clé) chun féachaint ar chainéil a bhfuil
lógónna cainéil orthu, nó roghnaigh Féach ar gach
cean chun gach cainéal a fheiceáil.
Freeview Play
Tá an seinnteoir atá ar fáil ó Freeview Play sa ró seo.
* Is do mhúnlaí teilifíse xxPUS6272 amháin Freeview
Play.
Naisc, Liosta
Tá na foinsí atá ar fáil sa teilifís seo sa ró seo.
Feidhmeanna
Tá feidhmeanna teilifíse atá ar fáil don úsáideoir sa ró
seo.
Socruithe
Tá socruithe sa ró seo atá ar fáil don úsáideoir.
11.2
Roghchlár Áirgí
Smart TV
Oscail leathanach Smart TV.
Eolaire teilifíse
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, brúigh an
eochair datha Eochairfhocail agus déan
cuardach do Eolaire teilifíse.
Taifeadtaí
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, brúigh an
eochair datha Eochairfhocail agus déan
cuardach do Taifeadtaí.
Cainéal
Féach ar an liosta cainéal.
Nuashonraigh bogearraí
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, brúigh an
eochair datha Eochairfhocail agus déan
cuardach do Nuashonraigh Bogearraí.
Físeán Taispeána
Féach ar Fhíseán Taispeána Fúmsa chun físeán
taispeána a fháil.
11.3
Mearsocruithe agus Gach
Socrú
Roghchlár Mearsocruithe:
Brúigh an eochair SETUP ar an gcianrialtán chun
na socruithe a úsáidtear go minic sa roghchlár
Mearsocruithe a aimsiú.
• Stíl pictiúir - Roghnaigh ceann de na stíleanna
pictiúir réamhshainithe le haghaidh an fhéachaint
pictiúir is fearr.
• Formáid pictiúir - Roghnaigh ceann de na formáidí
pictiúir réamhshainithe a oireann don scáileán.
• Stíl fuaime - Roghnaigh ceann de na stíleanna
fuaime réamhshainithe le haghaidh na socruithe is
fearr d’fhuaim.
• Stíl Ambilight - Roghnaigh ceann amháin de na
stíleanna réamhshainithe Ambilight.
• Ambilight+hue - Chun Ambilight+hue a chasadh air
nó as.
• Airde fuaime cluasán - Athraigh airde fuaime
cluasáin nasctha.
• Fuaim amach - Socraigh an teilifís chun an fhuaim a
sheinnt ar an teilifís nó ar an gcóras fuaime nasctha.
• Clog - Taispeáin an clog ar an scáileán teilifíse ar
thaobh na láimhe deise.
• Amadóir codlata - Socraigh an teilifís chun athrú go
fuireachas go huathoibríoch tar éis tréimhse ama
réamhshainithe.
• Gach socrú - Féach ar am roghchlár Gach socrú.
• Cabhair - Diagnóisigh agus faigh tuilleadh eolais
faoi do theilifís. Chun tuilleadh eolais a fháil,
in Cabhair, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
Roghchlár Cabhair.
Roghchlár Gach socrú:
Brúigh an eochair (Baile) ar an gcianrialtán,
roghnaigh Socruithe > Gach socrú, agus brúigh OK.
33










