User manual
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar
thaobh na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is
féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
5.6
Gléas soghluaiste
Wi-Fi Direct / Miracast
Maidir le Wi-Fi Miracast
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó ghléas soghluaiste ar do
theilifís le Wi-Fi Miracast™. Ba cheart don ghléas
soghluaiste agus an teilifís a bheith laistigh den raon,
sa seomra céanna go hiondúil.
Seiceáil an bhfuil do ghléas soghluaiste réidh do
Miracast.
Is gléas Wi-Fi CERTIFIED Miracast™ do theilifís. Is
féidir leat breathnú ar scáileán d'fhón cliste, taibléad
nó ríomhaire ar scáileán do theilifíse le Miracast™, nó
é a roinnt gan sreang. Is féidir leat físeáin a shruthú
(fuaim agus fís), grianghraif a roinnt nó rud ar bith eile
atá ar scáileán an ghléis. Ní gá an gléas a nascadh le
do líonra baile. Ní mór don teilifís agus don ghléas a
bheith ina ngléasanna Wi-Fi Wi-Fi CERTIFIED
Miracast™ agus ní mór do Miracast a bheith casta air.
Tá Miracast ar an teilifís seo faoi réir ag an bprótacal
HDCP agus ní féidir leis scothábhar a seoltar trí ghléas
agus a bhfuil cosaint ar chóipeáil air a thaispeáint. Is
é an taifeach físeáin is airde a dtacaítear leis ná 720p
do 2.4GHz Wi-Fi nó 1080p do 5GHz Wi-Fi.
Téigh go dtí www.wi-fi.org chun tuilleadh eolais a
fháil ar Wi-Fi Wi-Fi CERTIFIED Miracast™.
Is trádmharcanna cláraithe de chuid an Wi-Fi Alliance
Wi-Fi®, an logó Wi-Fi CERTIFIED, an logó Wi-Fi. Is
trádmharcanna de chuid an Wi-Fi Alliance Wi-Fi
CERTIFIED Miracast™, Miracast™.
Miracast a úsáid
Cas air Miracast
Brúigh SOURCES > Miracast
Scáileán a roinnt ar an teilifís
1 - Gníomhachtaigh Miracast (Scáthánú scáileáin) ar
do ghléas soghluaiste.
2 - Roghnaigh an teilifís ar do ghléas soghluaiste.
(Taispeánfar an teilifís seo mar ainm mhúnla na
teilifíse )
3 - Roghnaigh ainm na teilifíse ar do ghléas
soghluaiste, agus beidh tú in ann Miracast a úsáid tar
éis an nasc a bheith déanta.
Éirigh as Roinnt
Is féidir leat éirí as roinnt ón teilifís nó ón ngléas
soghluaiste.
Ón ngléas
Is féidir leat an feidhmchlár a d'úsáid tú chun Miracast
a thosú a úsáid chun dínascadh agus éirí as féachaint
ar scáileán an ghléis ar an teilifís. Athróidh an teilifís ar
ais go dtí an clár deireanach a bhí roghnaithe.
Ón teilifís
Chun éirí as féachaint ar scáileán an ghléis ar an
teilifís, is féidir leat . . .
• brúigh EXIT chun féachaint ar theilifís
• brúigh (Baile) chun gníomhaíocht eile ar an teilifís
a thosú
• brúigh SOURCES chun an roghchlár Foinsí a
oscailt agus gléas nasctha a roghnú.
Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast
Tá gach gléas a nascadh roimhe seo stóráilte i liosta
nasc Wi-Fi Miracast.
Chun gach gléas nasctha Miracast a ghlanadh…
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra >
Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast.
Moill Scáileáin
Isteach is amach le 1 soicind an ghnáthmhoill nuair
atáthar ag roinnt scáileán le Miracast. D'fhéadfadh an
mhoill a bheith níos faide má tá gléasanna/ríomhairí
níos sine in úsáid agat a bhfuil níos lú cumhachta
próiseála acu.
13










