User manual

Pacáistí Cainéal
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil
satailíte > Liosta cainéal satailíte
Is féidir le satailítí pacáistí cainéal a thairiscint a
chuachann cainéil shaora agus a thairgeann sórtáil a
fheileann do thír. Tairgeann roinnt satailítí pacáistí
suibscríbhinne - cnuasach cainéal a n-íocann tú astu.
Roghnaigh Ó phacáiste cainéal sórtáilte chun cainéil
an phacáiste amháin a shuiteáil nó roghnaigh Gach
cainéal neamhshórtáilte chun an pacáiste a shuiteáil
mar aon le gach cainéal eile atá ar fáil freisin.
Molaimid suiteáil Thapaidh i gcás pacáistí
suibscríbhinne. Má tá satailítí breise agat nach cuid de
do phacáiste suibscríbhinne iad, molaimid suiteáil
iomlán. Cuirtear gach cainéal suiteáilte sa liosta
cainéal.
CAManna Satailíte
Má úsáideann tú CAM – Modúl Rochtana Coinníollaí
a bhfuil cárta cliste aige – chun féachaint ar chainéil
satailíte, molaimid go ndéanfaí an tsuiteáil satailíte
nuair atá an CAM curtha isteach sa teilifís.
Baintear úsáid as an gcuid is mó de CAManna chun
cainéil a dhíscrobhadh.
Is féidir leis na CAManna is nuaí (CI+ 1.3 le Próifíl
Oibritheora) na cainéil satailíte a shuiteáil leo féin ar
do theilifís. Tabharfaidh an CAM cuireadh duit a
shatailít(í) agus cainéil a shuiteáil. Ní hamháin go
suiteálann agus ndíscrobhann na CAManna seo na
cainéil ach láimhseálann siad nuashonruithe cainéal
rialta freisin.
Cóipeáil Liosta Cainéal
Réamheolas
Is do dhíoltóirí agus d'ardúsáideoirí atá Cóipeáil liosta
cainéal beartaithe.
Is féidir leat na cainéil atá suiteáilte ar theilifís amháin
a chóipeáil go dtí teilifís Philips eile den déanamh
céanna le Cóipeáil Liosta Cainéal. Seachnaíonn tú
cuardach cainéal fada trí liosta cainéal atá
réamhshainithe a uaslódáil le Cóipeáil Liosta Cainéal.
Úsáid méaróg chuimhne USB a bhfuil ar a laghad 1 GB
de spás saor uirthi.
Coinníollacha
• Is ón raon bliana céanna an dá teilifís.
• Tá an cineál crua-earraí céanna ag an dá teilifís.
Féach ar an gcineál crua-earraí ar chlár chineál na
teilifíse ar chúl na teilifíse.
• Tá leaganacha bogearraí ag an dá theilifís atá
comhoiriúnach.
Cóipeáil Liosta Cainéal, Seiceáil Leagan an Liosta
Cainéal
Cóipeáil liosta canéal chuig méaróg chuimhne USB
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Craoladh > Socruithe mód
saineolaí > Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil chuig
USB
Seiceáil leagan an liosta cainéal
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Cainéil
> Socruithe mód saineolaí > Cóipeáil liosta
cainéal > Leagan reatha
Liosta Cainéal a Uaslódáil
Teilifíseanna nach bhfuil suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís nach bhfuil suiteáilte fós
1 - Plugáil isteach an pluga cumhachta chun an
tsuiteáil a thosú agus roghnaigh teanga agus tír. Is
féidir leat dul thar an gcuardach cainéal. Críochnaigh
an tsuiteáil.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
brúigh (Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Craoladh > Socruithe mód
saineolaí > Cóipeáil Liosta Cainéal > Cóipeáil
chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do chód
PIN más gá.
4 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
Teilifíseanna Suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1 - Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo
a fhíorú, féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéil.
Tosaigh an nós imeachta seo go dtí go mbainfidh tú
an socrú tíre amach. Brúigh BACK chun an
tsuiteáil a chealú.)
Má tá an tír ceart, lean ar aghaidh le céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil nua a
dhéanamh. Féach ar an gcaibidil Athshuiteáil
22