User manual
Athraigh an leibhéal treise ó ghléas atá nasctha le
haschur digiteach fuaime (SPDIF) nó HDMI.
• Roghnaigh Níos mó chun airde fuaime níos treise a
bheith agat.
• Roghnaigh Níos lú chun airde fuaime níos boige a
bheith agat.
Moill Digiteach amach
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Moill Digiteach
amach
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Roghnaigh As má tá moill fuaime socraithe ar
do Chóras Amharclainne Baile.
Seach-chur Digiteach amach (Níl fáil air ach amháin
nuair atá Moill Digiteach amach socraithe go Air)
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Seach-chur
Digiteach amach
• Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras
Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú
chun an fhuaim a shioncronú.
• Is féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann
cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras
Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a
phróiseáil.
• Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 5ms. Is
é 60ms an socrú is airde.
Cainéil
Eolaire Teilifíse
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Craoladh > Eolaire teilifíse
Faigheann an t-eolaire teilifíse eolas (sonraí) ó
chraoltóirí nó ón Idirlíon. D'fhéadfadh eolas eolaire
teilifíse gan a bheith ar fáil i roinnt réigiún agus i gcás
roinnt cainéal. Is féidir leis an teilifís eolas eilifíse a
bhailiú do na cainéil atá suiteáilte ar an teilifís. Ní féidir
leis an teilifís eolas Eolaire Teilifíse a bhailiú do
chainéil a bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach nó
díchódóir.
• Is é an réamhshocrú atá ar an teilifís maidir le heolas
ná Ón gcraoltóir.
• Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat
an teilifís a shocrú do Ón Idirlíon chun eolas Eolaire
Teilifíse a fháil ón idirlíon.
Lógónna Cainéal
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Craoladh > Lógónna cainéal
Tá an teilifís in ann lógónna cainéal a thaispeáint i
roinnt tíortha. Mura bhfuil uait go dtaispeánfar na
lógónna sin, is féidir leat iad a chasadh as.
HbbTV Socruithe - Hybrid Broadcast Broadband TV
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Cainéil
> Socruithe HbbTV> HbbTV
Má thairgeann cainéal teilifíse leathanaigh HbbTV, ní
mór duit HbbTV a chasadh air ar dtús i socruithe na
teilifíse chun féachaint ar na leathanaigh.
(Baile) > Socruithe > Gach
Socrú > Cainéil > Socruithe HbbTV> Traiceáil
HbbTV
Cas traiceáil leathanach HbbTV air nó as.
(Baile) > Socruithe > Gach
socrú > Cainéil > Socruithe HbbTV> Fianáin HbbTV
Cas stóráil fianáin ó leathanaigh HbbTV air nó as.
Próifíl Oibritheora CAM
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Cainéil
> Próifíl Oibritheora CAM
Chun próifíl oibritheora do CI+/CAM a chasadh air le
haghaidh suiteáil cainéal agus nuashonruithe éasca.
Socruithe Ginearálta
Socruithe a bhaineann leis an Nasc
Formáidigh diosca crua USB
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Socruithe
ginearálta > Formáidigh diosca crua USB
Ní mór duit Diosca Crua USB a shuiteáil agus a
fhormáidiú sula ndéanann tú taifead ar chainéal.
Socruithe Méarchláir USB
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Socruithe
ginearálta > Socruithe méarchláir USB
Cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le
39










